Cartlann na Meán

‘Buille tubaisteach’ –pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag agóid in aghaidh ciorruithe oideachais

Deirtear go bhfuil leath de na seirbhísí Gaeilge do leanaí in Ionad Uíbh Eachach i mbaol de dheasca ciorruithe atá le teacht i bhfeidhm go luath.
‘Buille tubaisteach’ –pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag agóid in aghaidh ciorruithe oideachais

Tabharfaidh pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste aghaidh ar na sráideanna ar maidin chun a “imní” agus “fearg” a chur in iúl faoi chiorruithe atá beartaithe ar sheirbhísí luathbhlianta Gaeilge sa cheantar.

Deirtear go bhfuil leath de na seirbhísí luathbhlianta agus iarscoile Gaeilge in Ionad Uíbh Eachach, an t-aon ionad cúraim leanaí Gaeilge sa cheantar, i mbaol de dheasca na gciorruithe atá le teacht i bhfeidhm ag tús mhí an Mheithimh.

Tá ciorruithe beartaithe ar sheirbhísí cúraim leanaí ar fud an tuaiscirt toisc deireadh a bheith ag teacht le ciste d’ionaid chúraim leanaí ó thuaidh, lena n-áirítear The Pathway Fund agus Bright Start.

Faoi láthair, bíonn tuairim is 200 páiste idir trí mhí agus ceithre bliana d’aois ag fáil cúram leanaí trí Ghaeilge in Ionad Uíbh Eachach.

Má thagann na ciorruithe i bhfeidhm, deirtear go bhfuil an baol ann go gcaillfear suas le 15 post agus go dtiocfaidh deireadh le seirbhísí réamhscoile agus iarscoile éagsúla, an clár ‘Gaelspraoi’ ina measc, clár atá dírithe ar pháistí réamhscoile, agus club iarscoile a bhfreastalaíonn 50 páiste air.

Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt Oifigeach Forbartha agus Gaeilge Ionad Uíbh Eachach, Brian Mac an tSionnaigh, gur “buille tubaisteach” atá sna ciorruithe “don phobal agus don teanga”.

“Muidne an t-aon ionad cúraim leanaí atá ag freastal ar pháistí atá á dtógáil le Gaeilge sa cheantar. Buille tubaisteach, chan amháin do na teaghlaigh agus na páistí féin ach don teanga.

“Do na hoibrithe fosta, is buille mór atá ann. Níl a fhios againn go dtí seo cé mhéad post go díreach atá i gceist. An t-aon rud atá ar eolas againn go bhfuil deireadh le teacht le trí mhórfhoinse maoinithe atá againn agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfaidh aon rud ina n-áit,” a dúirt Brian Mac an tSionnaigh.

Dúirt Mac an tSionnaigh, go raibh daoine buartha nach mbeadh seirbhísí “atá chomh tábhachtach agus riachtanach sin” ar fáil sa cheantar.

“Tá muid buartha nach mbeidh seirbhísí Gaeilge atá ag freastal ar dhaoine óga ar fáil níos mó. Tá muid buartha mar gheall ar an Ghaeilge agus ar an tionchar a bheidh ag an laghdú ar sheirbhísí ar iarrachtaí an teanga a neartú sa cheantar.

Dúirt Mac an tSionnaigh chomh maith go bhfuil “fearg ollmhór” sa phobal mar gheall ar an bhagairt atá á déanamh ar sheirbhísí luathbhlianta trí chéile.

“Ní hamháin go bhfuil ár n-ionad cúraim leanaí Gaeilge i mbaol ach táthar ag déanamh scrios iomlán ar sheirbhísí do dhaoine óga agus tá fearg ollmhór ar dhaoine faoi sin. Beidh muid ag impí ar pholaiteoirí áitiúla cibé tionchar is féidir leo a imirt le go dtarraingeofar siar an cinneadh seo.”

Ag a 11am a chuirfear tús le hagóid an lae inniu, nuair a shiúlfaidh lucht na hagóide ó Ionad Uíbh Eachach go dtí an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|