Cartlann na Meán

Dara léamh ar bhille Gaeilge rite le móramh ollmhór i Westminster

Thacaigh na páirtithe polaitíochta ar fad leis an mbille, ach amháin an DUP a dúirt nach é a socraíodh sa Chomhaontú Ré Nua-Cur Chuige Nua in 2020.
Dara léamh ar bhille Gaeilge rite le móramh ollmhór i Westminster

I bparlaimint Westminster tráthnóna, ritheadh an dara léamh ar an mbille maidir leis an nGaeilge sa Tuaisceart.

Thacaigh na páirtithe polaitíochta ar fad leis an mbille, ach amháin an DUP a dúirt nach é a socraíodh sa Chomhaontú Ré Nua-Cur Chuige Nua in 2020.

Ghearáin an DUP chomh maith nach mbeadh an chumhacht chéanna ag an gCoimisinéir Ultaise agus a bheadh ag an gCoimisinéir Gaeilge de réir na reachtaíochta nua.

Ina ainneoin sin, vótáil 380 feisirie i bhfabhar an bhille agus ceathrar ina aghaidh.

Mhaígh feisirie an DUP Carla Lockhart gur bua a bhí ann don dream a bhfuil arm déanta acu den Ghaeilge.

Mhol Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta di, áfach, neamhshuim a dhéanamh den fhíorbheagán daoine a bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a úsáid mar arm.

Dúirt Claire Hanna ón SDLP gur mór an trua go gcreideann daoine gurb ionann sochar do dhream amháin agus dochar don dream eile.

Mhaígh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris gurb é an cóimheas ar fhéiniúlachtaí cultúrtha a chéile bunchloch na reachtaíochta agus dar leis go mbeidh áit an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe níos seasmhaí dá bharr sin.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|