Cartlann na Meán

Leithscéal faoin mhoill ar reachtaíocht Ghaeilge ina ‘scadán dearg’

“Easpa tola” ag lucht na polaitíochta atá ag déanamh moille maidir le reachtaíocht teanga ó thuaidh seachas easaontú idir na páirtithe faoi theidil na gcoimisinéirí atá le ceapadh.
Leithscéal faoin mhoill ar reachtaíocht Ghaeilge ina ‘scadán dearg’

FOCLÓIR: Moill - delay; urlabhraí - spokesperson; díomá - disappointment; cruinnithe - meetings; scannalach - disgraceful; ag teannadh linn; fast approaching; easpa tola - lack of will; ag tarraingt na gcos - dragging their feet.

“Easpa tola” ag lucht na polaitíochta atá ag déanamh moille maidir le reachtaíocht teanga ó thuaidh seachas easaontú idir na páirtithe faoi theidil na gcoimisinéirí atá le ceapadh.

Ag labhairt dó le Tuarascáil dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí an eagras feachtasaíochta An Dream Dearg, gurbh údar díomá é an cinneadh a rinne Státrúnaí Thuaisceart Éireann Brandon Lewis an tseachtain seo caite gan reachtaíocht a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont na míosa seo chugainn.

Dúirt sé go raibh “díomá ollmhór” freisin ar phobal na Gaeilge ó thuaidh nach raibh tacaíocht ar an gceist seo le sonrú ó Rialtas na hÉireann le dhá bhliain anuas.

Ní inniu ná inné a gealladh reachtaíocht teanga don chéad uair dar ndóigh. Luaitear Acht Gaeilge go sonrach i gComhaontú Chill Rímhinn a síníodh in 2006. Ach, in ainneoin gach a gealladh, sáraíodh na spriocdhátaí arís agus arís eile.

Faoin am gur síníodh socrú New Decade, New Approach (NDNA) i mí Eanáir 2020, agus gan rian den reachtaíocht le feiceáil, bhí gealltanas eile ann go dtabharfaí reachtaíocht oidhreachta isteach laistigh de 100 lá.

Nuair nár tharla sé sin, tháinig gealltanas eile arís ó rialtas na Breataine a dúirt go dtabharfaidís an reachtaíocht isteach roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite dá dteipfeadh ar an gComhfheidhmeanas sin a dhéanamh in Stormont.

Ag léiriú díomá faoin gcinneadh is deireanaí, dúirt an Taoiseach Mícheál Martin sa Dáil gur cheart do rialtas na Breataine an gheallúint a rinne siad a chomhlíonadh.

Ach dúirt Ó Tiarnaigh nach raibh tacaíocht ar bith le sonrú ó rialtas Bhaile Átha Cliath maidir leis an gceist seo le dhá bhliain anuas agus cé gur éiligh ionadaithe ghluaiseacht na Gaeilge cruinnithe ar an rialtas le linn an ama sin, dúirt sé nár glacadh lena gcuid iarrachtaí.

“B’fhéidir gur ardaigh an Rialtas é go príobháideach sna cruinnithe,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Ach go poiblí, bheadh dúshlán mór ann teacht ar fhoinse ar bith le Simon Coveney nó Mícheál Martin ag rá go poiblí: “Caithfidh an reachtaíocht Gaeilge teacht tríd agus caithfidh sé teacht tríd anois”.

“Insíonn sin a scéal féin,” a dúirt sé.

“Is údar díomá ollmhór é. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé scannalach nár ardaigh rialtas na hÉireann a nglór ar an cheist seo ón uair a síníodh an comhaontú (NDNA) idir Simon Coveney agus Julian Smith in Eanáir 2020.

Scadán dearg
Agus é ag míniú cinneadh rialtas na Breataine gan an reachtaíocht a thabhairt isteach roimh thoghchán Stormont, luaigh an Státrúnaí Lewis go raibh aighneas ann maidir leis an teideal a thabharfaí ar na coimisinéirí Gaeilge agus Ultaise. Tuairiscíodh go raibh éileamh déanta go dtabharfaí ‘Coimisinéir Briotanach’ ar dhuine de na coimisinéirí ach níor dheimhnigh Lewis é sin go sonrach.

“Chuala muid i mí Eanáir go raibh ceist ann faoi theideal an Choimisinéir Ultaise” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Shíleamar ag an am go raibh an cheist sin réitithe. Feictear dúinn go raibh sé réitithe. Bhuail muid leis an NIO (Oifig Thuaisceart Éireann) cúpla seachtain ó shin agus dúirt siad linn go bhfuil an reachtaíocht ullamh. Dúirt siad go raibh dréacht deiridh ann, agus nach raibh débhríocht ann maidir le teidil nó eile.”

“An tuiscint atá againne ná gur scadán dearg é teideal an Choimisnéir Ultaise, nach céim í seo atá ag déanamh moille ach gur easpa tola a bhí ag lucht na polaitíochta atá ag déanamh moille, agus go bhfuil rialtas na Breataine, ag iarraidh moill a dhéanamh agus go bhfuil siad sásta aon leithscéal ar féidir leo a úsáid.”

“Idir an prótacal, an DUP, agus idir rudaí eile, chinn rialtas na Breataine gan tosaíocht a dhéanamh de seo agus chinn siad nach raibh siad ag iarraidh é a dhéanamh.

“Bí cinnte de, dá mbeadh siad ag iarraidh an reachtaíocht seo a chur tríd,go ndéanfadh siad é. Níl muidne den tuairim go bhfuil aon bhunús leis an leithscéal agus cinnte níl aon éileamh á dhéanamh againne mar phobal Gaeilge maidir leis na teidil a thabharfaidh siad ar an choimisinéaracht.”

Toghchán Stormont
Tá an toghchán ag teannadh linn anois, agus i rith na seachtainí atá amach romhainn beidh na páirtithe i mbun feachtasaíochta. Is deis é leas na Gaeilge a dhéanamh agus beidh an Dream Dearg ag tabhairt cuireadh don phobal teacht amach agus a gcuid tacaíochta a chur in iúl.

“Tá muid chun a bheith breá bríomhar sna seachtainí atá amach romhainn agus an oiread brú agus is féidir a chur ar na páirtithe agus an cheist seo a choinneáil i measc na mórcheisteanna polaitiúla atá againn ó thuaidh,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt sé go bhfuil tacaíocht tugtha ag cúig pháirtí agus go bhfuil “tromlach na gcomhaltaí” i Stormont ag tacú le hacht don Ghaeilge, “ach tá na haontachtaithe polaitiúla ag tarraingt na gcos.”

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil an DUP i ndiaidh cúlú óna a gcuid gcoimitmintí agus go bhfuil an UUP trína chéile ar an gceist.

“Níl a fhios acu an bhfuil siad ar a shon, ina choinne, nó ag staonadh,” a dúirt sé.

“Níl sé maith go leor go mbeadh páirtí ag rá ‘ah bhuel, níl muidne in aghaidh cearta teanga ach níl muid ag iarraidh go mbeidh reachtaíocht ann. Níl muid i gcoinne Gaelscolaíocht ach níor mhaith linn cosaintí reachtúla a thabhairt don Ghaelscolaíocht.”

“Caithfidh muid an pholaitíocht sin a shárú agus coimitmintí soiléire nó freagraí soiléire a mhealladh,” a dúirt sé.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|