Cartlann na Meán

Réalta spóirt, lucht na n-ealaíon agus lucht acadúil i measc 1,000 duine a chuir a n-ainm le litir ag éileamh cearta teanga ó thuaidh

Tá an dornálaí Michael Conlan, buaiteoirí an Turner Prize 2021 agus Linda Ervine ina measc siúd a léirigh tacaíocht do reachtaíocht teanga ó thuaidh láithreach
Réalta spóirt, lucht na n-ealaíon agus lucht acadúil i measc 1,000 duine a chuir a n-ainm le litir ag éileamh cearta teanga ó thuaidh

Tá lucht acadúil, daoine mór le rá sna healaíona, gníomhaithe teanga agus réalta spóirt ina measc siúd a bhfuil a n-ainm curtha acu le litir ag éileamh cearta teanga do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Shínigh breis is 1,000 duine an litir ina gcuirtear imní in iúl maidir leis an “teip leanúnach” gealltanais a tugadh i dtaobh reachtaíocht don Ghaeilge a chomhlíonadh.

Deir lucht feachtais ó thuaidh gur gá do Rialtas na Breataine an reachtaíocht teanga a gealladh a thabhairt isteach láithreach más leosan muinín a bheith acu sna húdaráis atá i gceannas i dTuaisceart Éireann.

Seoladh an litir chuig comhshínitheoirí an chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua, Rialtas na Breataine & Rialtas na hÉireann, mar aon leis na páirtithe go léir ó thuaidh.

Ina measc siúd a shínigh an litir bhí an dornálaí mór le rá Michael Conlan agus imreoirí aitheanta CLG Neil McManus, Cathy Carey agus Rory Grugan.

Bhí an t-amhránaí Gráinne Holland agus buaiteoirí an Turner Prize 2021, Emma Campbell agus Stephen Millar ón Array Collective, ina measc siúd as saol na n-ealaíon a chur a n-ainm leis an litir. Labhair Miller as Gaeilge nuair a bronnadh Duais Turner orthu anuraidh ar mhaithe le “seasamh le pobal na Gaeilge sa bhaile”.

Tá an gníomhaí teanga Linda Ervine agus na hollúna Alan Titley agus Phil Scraton ar bheirt eile a thug tacaíocht don éileamh.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh ón Dream Dearg gur “léiriú láidir” a bhí sa litir ar thacaíocht an phobail do chearta teanga don Ghaeilge ó thuaidh.

Dúirt sé go raibh “ré úr comhionannais” do phobal na Gaeilge mar chuid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 ach go bhfuil a gcearta “á séanadh, á moilliú agus á ndiúltú amach is amach” ag an DUP agus dreamanna eile ó shin.

“Tá an pobal tinn tuirseach den mhoilleadóireacht, de na geallúintí briste agus den teip leanúnach. Tá sé go hiomlán réasúnta do dhaoine a bheith ag súil go gcoinneodh rialtais a gcuid gealltanas agus go gcomhlíonfadh siad na gealltanais agus na dualgais sin, go háirithe nuair a dhéantar go poiblí iad.”

Dúirt Ó Muadaigh gur “bunchloch lárnach” de chuid an chomhaontaithe Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhí sa reachtaíocht Ghaeilge agus gur gá í a thabhairt isteach “láithreach” más le pobal na Gaeilge muinín a bheith acu sna húdaráis ó thuaidh.

“Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach ar Rialtas na Breataine agus ar ár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn,” a dúirt sé. “Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille.”

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair nár tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine ach dheimhnigh Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis an tseachtain seo caite nach dtarlódh sin.

Dúirt Shaun Woodward, iarStátrúnaí ar Thuaisceart Éireann, go bhféadfadh an teip maidir leis an reachtaíocht don Ghaeilge baint d’údarás Oifig Thuaisceart Éireann ag tréimhse chinniúnach roimh thoghchán Stormont faoi cheann dhá mhí.

Dúirt Woodward gur rud “mailíseach” [‘wicked’] é ag an té atá san oifig sin faoi láthair, Brandon Lewis, gealltanas a thabhairt go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster agus ansin dul siar ar an ngealltanas céanna.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|