Cartlann na Meán

Léirsiú ag Stormont ag Dream Dearg na Gaeilge

Bhí léirsiú ag Stormont inniu ag daoine ón Dream Dearg agus iad ag éileamh ar Rialtais na hÉireann agus na Breataine agus na páirtithe polaitíochta ó thuaidh Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.
Léirsiú ag Stormont ag Dream Dearg na Gaeilge

“An Aoine Dhearg” a tugadh ar an léirsiú ar ghlac cuid de na páirithe polaitíochta páirt ann. Bhí ionadaithe ó Shinn Féin, an SDLP, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Pobal Roimh Bhrabús i measc an tslua.

Arú inné, chuir os cionn 200 duine litir oscailte chuig an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine ag iarraidh orthu Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó tá teipthe ar Shinn Féin agus an DUP aon dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh cheist na Gaeilge.

Tá beagnach mí caite ag an gcúig phríomhphairtí sa Tuaisceart i mbun comhráite féachaint leis na forais pholaitiúla ó thuaidh a bhunú an athuair ach níl aon chosúlacht réitigh ann go foill.

Thug an Tanáiste Simon Coveney le fios inné go mbeidh deis i mí an Mheithimh réiteach a fháil ar an tsáinn agus go bhfuil an dá Rialtas le dlús a chur leis an bpróiseas sna seachtainí amach romhainn.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|