Cartlann na Meán

Ní ghlacfar le hacht Gaeilge ‘oven ready’ – a ‘línte dearga’ tarraingthe ag lucht feachtais

Tá An Dream Dearg buartha go bhfuiltear ar tí a mbunéileamh a ghéilleadh i bhfianaise mhaíomh Státrúnaí an Tuaiscirt go bhfuil plean d’athbhunú Stormont ‘réidh le cur san oigheann’
Ní ghlacfar le hacht Gaeilge ‘oven ready’ – a ‘línte dearga’ tarraingthe ag lucht feachtais

Tá ceithre ‘líne dhearg’ leagtha síos ag lucht an fheachtais ar son achta Ghaeilge ó thuaidh agus iad buartha go bhfuiltear ar tí a mbunéileamh a ghéilleadh.

Deir an Dream Dearg, atá ag éileamh acht teanga láidir don Ghaeilge amháin, go mbeidh “stocaireacht láidir” á déanamh acu sna seachtainí romhainn amach maidir le “ceithre bhunchloch” is gá a bheith in aon reachtaíocht teanga sula nglacfaidís léi.

Tá sé ina imní i measc lucht an fheachtais faoina bhfuil i ndán dá n-éileamh ó d’fhógair Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith go raibh “plean réidh le cur san oigheann” ag na Tóraithe a thabharfadh “spreagadh as an nua” don déabhlóid.

Tá ráite cheana ag An Dream Dearg agus ag Conradh na Gaeilge nach mbeadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge le reachtaíocht “lag” in áit acht don Ghaeilge amháin.

Dúirt An Dream Dearg chomh maith nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh siad leis an margadh ‘bog’ a tuariscíodh a rinne Sinn Féin faoi reachtaíocht teanga mí Feabhra seo caite.

Is iad na ceithre bhunchloch atá leagtha síos ag an Dream Dearg don acht Gaeilge; stádas oifigiúil don Ghaeilge; Coimisinéir Teanga a chinnteodh go gcloífí leis an reachtaíocht; comharthaíocht dhátheangach; agus seirbhísí Gaeilge don phobal.

Agus forógra toghcháin na gCaomhach ó thuaidh á sheoladh aige, dúirt Julian Smith go bhféadfaí “dul chun cinn suntasach” a dhéanamh maidir le hathbhunú Stormont dá mbuailfeadh “spiorad na Nollag” na páirtithe.

Is í ceist an achta Ghaeilge an dris chosáin is mó roimh athbhunú an fheidhmeannais.

Dheimhnigh Smith freisin go mbeadh tús á chur athuair le cainteanna foirmeálta maidir le hathbhunú Stormont ar an 16 Nollaig, ceithre lá i ndiaidh thoghchán Westminster.

Dúirt urlabhraí ón Dream Dearg Pádraig Ó Tiarnaigh le Tuairisc.ie gur “cúis bhuairimh” a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Státrúnaí ar maidin mar nach léir cad atá sa phlean “inoighinn” aige faoin acht Gaeilge.

“Más ag tagairt don chomhaontú céanna a cuireadh chun cinn i mí Feabhra 2018 a bhí Státrúnaí an Tuaiscirt ina chaint faoi ‘phlean atá réidh le cur san oigheann’. bheadh muid iontach buartha faoi agus ní bheadh glacadh ar bith leis.”

“Ní dheachaigh an comhaontú sin i ngleic leis na ceithre bhunchloch atá leagtha síos againn d’Acht Gaeilge, ná gar dó. Mar shampla, cuireadh comharthaíocht Ghaeilge as an áireamh agus ní bheadh cumhachtaí láidre ag an choimisinéir teanga. Léirigh pobal na Gaeilge nach raibh siad sásta leis ag an am,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt sé go mbeadh An Dream Dearg “ag stocaireacht go láidir” sna seachtainí romhainn amach le cur in iúl do na páirtithe polaitíochta nach mbeadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge le macasamhail an dréachtmhargaidh nár éirigh leis mí Feabhra seo caite.

“Tá muid ag plé faoi láthair le trí chás a bhaineann le cúrsaí comharthaíochta – in Ollscoil Uladh, in Ollscoil na Banríona agus i sólanna i mBéal Feirste. Mura bhfuil réiteach na ceiste sin san acht Gaeilge cad is fiú é?

“Tá an feachtas ar fad d’acht Gaeilge bunaithe ar a bhfuil scríofa i gcomhaontú Chill Rímhinn. Caithfidh aon reachtaíocht a bheith bunaithe ar an reachtaíocht teanga atá ar fáil ó dheas agus sa Bhreatain Bheag,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|