Cartlann na Meán

Breis agus 12,000 duine ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge i mBéal Feirste

Eagraíodh an mórshiúl mar chuid de shraith agóidí ag an Dream Dearg a bunaíodh sa bhliain 2014 chun cur in aghaidh na n-ionsaithe leanúnacha a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge ó thuaidh.
Breis agus 12,000 duine ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge i mBéal Feirste

Breis agus 12,000 a ghlac páirt i mórshiúl i gcathair Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge a léiriú, reachtaíocht a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin agus a gealladh arís i gComhaontú Chill Rímhinn 10 mbliana ó shin.

Eagraíodh an mórshiúl mar chuid de shraith agóidí ag an Dream Dearg a bunaíodh sa bhliain 2014 chun cur in aghaidh na n-ionsaithe leanúnacha a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge ó thuaidh.

Chruinnigh an slua, idir óg agus liath, ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste agus shiúil siad ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, glórtha móra agus dearg le fearg.

Ag Halla na Cathracht bhí óráidí agus siamsaíocht, i measc na gcainteoirí bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin, Ruairí Ó Mianáin, Caitlín Ní Chathail, Katy Rose Meade agus Colm Mac Giolla Easpaig.

Bhí Tomaí Ó Conghaile agus Caoimhe Ní Chathaill mar fhear agus bean an tí.

Bhí Meon Eile i láthair ag an mórshiúl dheireanach sa bhliain 2014 agus bhí muid ann arís ag an deireadh seachtaine.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|