Cartlann na Meán

11 teanga ar fáil do chuairteoirí ag Clochán an Aifir ach gan an Ghaeilge ina measc

Dhiúltaigh an National Trust d’éileamh go mbeadh an Ghaeilge i measc na dteangacha ina gcuirtear seirbhís clostreorach ar fáil ag Clochán an Aifir
11 teanga ar fáil do chuairteoirí ag Clochán an Aifir ach gan an Ghaeilge ina measc

Tá diúltaithe ag an National Trust d’éileamh go mbeadh an Ghaeilge i measc na dteangacha ina gcuirtear seirbhís clostreorach ar fáil ag Clochán an Aifir, an t-aon Láithreán Oidhreachta Domhanda sa Tuaisceart.

Cuireann an National Trust, an charthanacht chaomhnaithe, an tseirbhís ar fáil in 11 teanga –Béarla, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis, Seapáinis, Polainnis, Rúisis, Mandairínis, Ollainnis agus Portaingéilis.

I bhfreagra a seoladh chuig Clíona Coyne, a d’achainigh ar an National Trust go gcuirfí an tseirbhís seo do chuairteoirí ar fáil i nGaeilge, dúradh nach raibh sé i gceist an Ghaeilge a chur san áireamh, ach go ndéanfaí measúnú air sin dá dtiocfadh “aon athrú ar an reachtaíocht”.

“Aithnímid go bhfuil daoine paiseanta faoin cheist seo, agus má thagann aon athrú ar an reachtaíocht sa réimse seo, déanfaidh muid, mar charthanacht, measúnú ar ár gcuid acmhainní chun na coinníollacha a shásamh dá réir sin,” a dúradh.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ón ghrúpa stocaireachta An Dream Dearg gur “oscailt súl” a bhí i bhfreagra an National Trust ar an éileamh ar sheirbhís clostreorach i nGaeilge ag Clochán an Aifir agus gur léir bhfuil an “easpa reachtaíochta” ó thuaidh á húsáid mar “leithscéal” gan seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Cruthúnas a bhí ann, a dúirt sé ar an ngá atá le hacht teanga.

Thug an National Trust le fios sa fhreagra a tugadh ar an achainí, ar foilsíodh ar na meáin shóisialta é, go bhfuil 11 teanga ar fáil sa tseirbhís clostreorach a chuirtear ar fáil do chuairteoirí ag Clochán an Aifir.

Dúirt an National Trust chomh maith gur roghnaíodh an 11 teanga ina gcuirtear an áis chlostreorach ar fáil chun “seirbhís a chur ar fáil do réimse leathan cuairteoirí” ach “nach bhféadfaí freastal ar riachtanais gach cuairteora”.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar an National Trust ag iarraidh soiléiriú mar gheall ar an méid sin, dúradh gur roghnaíodh na teangacha bunaithe ar “mhargaí na gcuairteoirí”.

“Tá roghnú na dteangacha bunaithe ar mhargaí na gcuairteoirí agus cé nach féidir linn riachtanais i dtaobh gach teanga a shásamh, is mór againn tuairimí ár gcuairteoirí agus déantar athbhreithniú orthu i rith an ama.

“Mar an chéad Láithreán Oidhreachta Domhanda i dTuaisceart Éireann, táimid tiomanta do scoth na seirbhísí a chur ar fáil agus cuireann muid fáilte roimh chuairteoirí ó 160 tír éagsúil, fud fad na cruinne.”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|