Cartlann na Meán

Lá mór na méimeanna ar siúl ag an Dream Dearg

Tá an Dream Dearg i ndiaidh sraith méimeanna a fhoilsiú ar líne ina léiríonn leithéidí Spiderman, Wonder Woman agus Darth Vader a dtacaíocht don Ghaeilge.
Lá mór na méimeanna ar siúl ag an Dream Dearg

Agus idirbheartaíocht go fóill ag dul ar aghaidh ó thuaidh inniu chun Stormont a chur ar a bhoinn arís, tá feachtas poiblíochta ar siúl ar líne ag an Dream Dearg leis an tábhacht a bhaineann le hAcht Gaeilge a chur ar a súile do na páirtithe uilig atá i mbun cainte.

Tá reachtaíocht ar son na Gaeilge sa tuaisceart á lua i measc na gceisteanna atá fós le socrú idir Sinn Féin agus an DUP, leis an pháirtí Aontachtach ag cur go tréan in éadan an Achta go dtí seo.

Faoi láthair tá tromlach na gComhaltaí – 50 as 90 – a toghadh chuig an Tionól i mí an Mhárta ar son Acht Gaeilge agus ba mhian le gníomhaithe Gaeilge sna 6 Chontae an brú a chur ar na páirtithe ceist na teanga a choinneáil ag barr na dtosaíochtaí agus na cainteanna ag teacht chun deiridh.

Chuige sin tá an Dream Dearg i ndiaidh sraith méimeanna a fhoilsiú ar líne ina léiríonn leithéidí Spiderman, Wonder Woman agus Darth Vader a dtacaíocht don Ghaeilge.

Agus tá sraith eile íomhánna ann a thaispeánann sleachta athfhriotail ó dhaoine cáiliúla a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le cearta agus le teanga ó thaobh na sochaí, na féiniúlachta agus an chultúir de.

I measc siúd atá le feiceáil sna méimeanna sin tá Nelson Mandela, Maya Angelou agus Noam Chomsky.

Tá tuilleadh íomhánna agus méimeanna fós le cur amach ag an Dream Dearg mar sin coinnigh súil ar a Facebook agus ar Twitter le linn na seachtaine.

Agus ar ndóigh má tá fonn ort féin cúpla méim nua a dhéanamh, bheadh na Gaeil Dhearga breá sásta cloisteáil uait nó iad a fheiceáil ar líne!

#AchtAnois

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|