Cartlann na Meán

‘Ní neart go cur le chéile – an rud is mó a d’fhoghlaim mé ón Dream Dearg’ – súil siar ar 2017 le Gráinne Ní Ghilín

Tugann Gráinne léargas ar na cuimhní is suntasaí atá aici ón bhliain 2017
‘Ní neart go cur le chéile – an rud is mó a d’fhoghlaim mé ón Dream Dearg’ – súil siar ar 2017 le Gráinne Ní Ghilín

**Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2017?**An Lá Dearg ar an 20 Bealtaine i mBéal Feirste. Is maith is cuimhin liom siúl thart an choirneál ag bun Shráid an Chaisleáin amach ar an Ascaill Ríoga. Bhí na mílte romham agus na mílte i mo dhiaidh. Bhí Halla na Cathrach – ar dhúnáras na fuaire i gcónaí é – ina sheasamh ansin amach romhainn. Radharc é atá feicthe agam na mílte uair i mo shaol, ach eispéireas difriúil a bhí ann an iarraidh seo. Bhí an dath dearg achan áit agus amhrán Seo Linn, ‘Ar Scáth a Chéile’, ag bualadh go hard ar fud na háite. Tháinig tocht orm, mar seo léiriú follasach, fuinniúil ar an fhéiniúlacht Ghaelach i lár na cathrach inár tógadh mé. #AchtAnois

**An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2017?**Nach ndearna mé tuilleadh aclaíochta, léitheoireachta agus machnaimh. Nár scaoil mé níos túisce le drochsmaointe.

**Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2017?**Dea-scéala a fuair duine de mo ghaolta ó na dochtúirí faoina chuid sláinte.

**Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2017?**Nár mhúscail rialtas na Poblachta fós an toil iontu féin le teacht ar réiteach ar an easpa cóiríochta do na mílte daoine leochaileacha atá gan dídean sa tír seo. Is mór an náire iad. Tá leigheas ar gach scéal, ach dul i ngleic leis go macánta.

**Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2017?**Ní neart go cur le chéile. Sin an rud is mó a d’fhoghlaim mé óna bheith páirteach sa Dream Dearg. Is féidir linn an domhan a athrú – más go fadálach féin é – ach a bheith soiléir inár n-aigne féin cad é ba mhaith linn a bhaint amach agus cad chuige ar mhaith linn é. Eolas a mhalartú, caidrimh a chothú le daoine eile agus dul i mbun gnímh – is mar sin a dhéantar an pobal a chumasú.

**Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2017?**D’éirigh, in amanna. Fiú má theipeann ort, tá na rúin mar threoir mhaith ar ais ar bhealach an leasa.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|