Cartlann na Meán

Níl reifreann ar Acht Gaeilge de dhíth

Cothaíonn reifrinn gníomh ón phobal, tarraingíonn siad daoine amach ar na sráideanna, cuireann siad beagnach gach duine ag machnamh ar cheisteanna coitianta agus ar feadh seal beag, beag, bídeach, bíonn smacht againn ar fad ar ghné éigin de ghnóthaí na tíre.
Níl reifreann ar Acht Gaeilge de dhíth

Is maith liom reifrinn.

I bhfírinne, is maith liom go mór iad.

Tá siad ar na huirlisí is daonlathaí dá bhfuil againn.

Uair nó dhó gach glúin tugtar an deis agus an chumhacht don tsochaí ar fad cinneadh a ghlacadh ar cheist mhór éigin.

I bhfad níos fearr, dar liom, ná dream a thoghadh uair amháin gach cúig bliana le cinntí a ghlacadh agus gan aon chumhacht agat féin iad a bhaint óna n-oifig má théann siad siar ar a bhfocal.

Fosta, agus níos tábhachtaí arís, fágann reifreann lorg buan ar an tsochaí iomlán.

Le sampla a fháil, ní gá ach amharc ar na 26 Contae agus na hathruithe suntasacha atá i ndiaidh tarlú ansin le 30 bliain anuas.

Bhí reifrinn lárnach sa phróiseas seo – ó cholscaradh go pósadh comhghnéis – agus bhí tionchar nach beag ag an phobal ar éileamh agus ar chur i bhfeidhm na reifreann céanna.

Cothaíonn reifrinn gníomh ón phobal, tarraingíonn siad daoine amach ar na sráideanna, cuireann siad beagnach gach duine ag machnamh ar cheisteanna coitianta agus ar feadh seal beag, beag, bídeach, bíonn smacht againn ar fad ar ghné éigin de ghnóthaí na tíre.

Sa mheitheal spleodrach nualaíoch ar leith a chruthaítear athraíonn daoine a dtuairimí, tógtar dlúthpháirtíochtaí nua, agus téitear i ngleic le roinnt de na seanchlaontachtaí a dhéanann tachtadh ar ár sochaí.

Cinnte ní shiúlann gach duine an bóthar go dtí an Damaisc – bíonn go leor a chloíonn go diongbháilte leis an dearcadh a bhí acu i gcónaí ach, de réir na staire, is mionlach iad siúd.

Shílfeá mar sin, leis an mhéid atá ráite agam, go mbeinn i bhfách le reifreann ar Acht Gaeilge neamhspleách a bheith againn ó thuaidh, ach níl.

Agus ar eagla go bhfuil seo á léamh ag David McNarry agus a chairde (atá chun tosaigh sna meáin ar lorg reifrinn cé go bhfuil sé go dubh in éadan achta), seo na fáthanna atá taobh thiar de mo sheasamh:

Ar dtús báire, mar is eol dúinn ar fad atá ag leanúint an scéil seo le tamall, is iarracht shoiléir í an chaint ar reifreann ceist na Gaeilge a chur ar an mhéar fhada.

Níl aon fháth, idir praiticiúil agus morálta, bheith i gcoinne achta.

Is ceart bunúsach é go mbeadh cosaint reachtúil ag an teanga.

Is teanga dhúchais na háite í, labhraítear go laethúil í – tá sí beo.

Ba chóir go mbeadh sin le haithint sna dlíthe atá againn.

Ach ar an drochuair, fiú dá mba rud é gur mhúscail Arlene Foster maidin amárach agus go ndúirt sí gur magadh ollmhór a bhí sa chur in aghaidh uilig, go raibh sí ag foghlaim faoin mhodh choinníollach i gCumann Chluain Ard go rúnda gach Déardaoin le trí bliana anuas agus go raibh sí anois lán sásta Acht Gaeilge neamhspleách a thabhairt isteach, bheadh sé fíordheacair uirthi sin a dhéanamh.

Nó tá na páirtithe aontachta i ndiaidh na blianta a chaitheamh ag polaitiú na teanga, ag caitheamh anuas uirthi is ag cothú dímheasa agus aighnis ina leith.

Agus is iarracht eile í seo (an plé faoin reifreann) chun cearta do Ghaeilgeoirí a shéanadh – agus lagiarracht, déanta na fírinne.

Fosta, ar eagla go raibh aon amhras fágtha, bhí trí chomhairliúchán poiblí againn ó thuaidh cheana féin faoi Acht Gaeilge, le tromlach mór ar son reachtaíochta.

Tá freagra na ceiste seo tugtha go soiléir faoin am seo.

Tá cúis bhreise, níos tábhachtaí ná an mhéid thuas, le cur in éadan reifrinn: An Bhliain Dhearg féin.

Na rudaí maithe ar fad a chothaítear i rith tréimhse reifrinn: na gluaiseachtaí pobail; an rannpháirteachas; na meithleacha oibre; na dearcthaí úra; an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas – le 12 mí anuas tá tús stairiúil spleodrach curtha againn leo siúd ar fad mar chuid den fheachtas ar son acht Gaeilge.

Cinnte tá géarghá tógáil ar an fheachtas in 2018, é a leathnú amach agus a dhaingniú athuair.

Ach níos mó ná an dul chun cinn ó thaobh an achta de, is í an ghné is corraithí den bhliain seo caite ná go raibh muid ar fad ar chomhchéim le chéile, ag gníomhú gualainn ar ghualainn, le misneach is le cruthaitheacht faoin mhana #AchtAnois.

Mar sin de, níl reifreann de dhíth orainn le gluaiseacht a thoiseacht – tá sí tosaithe cheana féin.

Muid ar fad a d’fhreastail ar chruinnithe, a dhear póstaeirí, a chur postálacha in airde ar na meáin shóisialta is a scríobh litreacha, a chuaigh amach ar na sráideanna fud fad na sé chontae – tá muid lán chomh hábalta le haon duine eile an rud atá uainn a bhaint amach.

Tuigeann Gaeilgeoirí an méid atá uathu – saol trí Ghaeilge – agus tuigeann muid a bhfuil de dhíth orainn chun sin a bhaint amach.

An rud is riachtanaí anois ná a chinntiú nach múchtar an tine atá lasta – go bhfanann an feachtas i lámha na ndaoine agus nach gcailltear é i gcainteanna rúnda taobh thiar de dhoirse druidte.

Má fhásann an Dream Dearg agus an ghluaiseacht, má fhanann sí oscailte agus dáiríre, níl in Acht Gaeilge ach an chéad chéim.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|