Cartlann na Meán

Pobal na Gaeilge i mbun léirsithe ag Cnoc an Anfa ar lorg chur i bhfeidhm Acht Gaeilge faoi dheireadh thiar thall

Agus deireadh tagtha leis an tréimhse is déanaí de chomhchainteanna comhroinnte cumhachta ó thuaidh, chuaigh pobal na Gaeilge chun sráide arís eile inniu (27/3/2017) chun éileamh ar na páirtithe cur i bhfeidhm Acht Gaeilge a chomhlíonadh faoi dheireadh thiar thall.
Pobal na Gaeilge i mbun léirsithe ag Cnoc an Anfa ar lorg chur i bhfeidhm Acht Gaeilge faoi dheireadh thiar thall

Agus deireadh tagtha leis an tréimhse is déanaí de chomhchainteanna comhroinnte cumhachta ó thuaidh, chuaigh pobal na Gaeilge chun sráide arís eile inniu (27/3/2017) chun éileamh ar na páirtithe cur i bhfeidhm Acht Gaeilge a chomhlíonadh faoi dheireadh thiar thall.

Bhailigh grúpaí Gaeilge, teaghlaigh agus daltaí Gaeilge ó scoileanna áitiúla le chéile taobh amuigh de Chnoc an Anfa, áit ar bhuail siad le hionadaithe tofa agus CTR nua-thofa atá ag tacú leis an fheachtas.

Is iad An Dream Dearg a d’eagraigh feachtas na lae inniu, mar ghréasán oscailte feachtasaíochta do phobal na Gaeilge, ar lá deiridh na gcomhchainteanna leis an éileamh ar son Acht Gaeilge a chur chun tosaigh arís eile, bunaithe ar reachtaíocht cheart-bhunaithe.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhra do An Dream Dearg:

Tá an tAcht Gaeilge luaite go soiléir mar cheann de na míreanna sna comhchainteanna seo nach bhfuil réiteach air go fóill. Tá seo amhlaidh in ainneoin tromlach soiléir de CRT nua-thofa atá anois ag tacú lenár n-éileamh ar son reachtaíochta cheart-bhunaithe Gaeilge, agus 50 as an 90 CTR nua-thofa ag teacht leis an bhun-éileamh reachtaíochta seo go poiblí.

Iarrann muid ar na hionadaithe nua-thofa sin ar fad, mar aon le Rialtas na hÉireann, a bhfuil dualgas lárnach orthu mar chomh-shínitheoirí ar na comhaontaithe inar gealladh Acht Gaeilge, beart de réir briathar a dhéanamh agus le cinntiú nach ndéanfar aon socrú nach gcinntíonn cearta Gaeilge tríd Acht Gaeilge.

In ainneoin freasúra ó na páirtithe aontachtacha agus éirí as á ndualgas ag Rialtas na Breataine, níor cheart go mbeadh ár gcearta faoi chúram ‘chomhréiteach polaitiúil’.

Dúirt Katie McGreal, urlabhra do An Dream Dearg: “Tá pobal na Gaeilge, tríd An Dream Dearg, ar na sráideanna arís chun ár gcearta á éileamh. Leanann léirsiú an lae inniu sraith d’agóidí poiblí ó thuaidh, ó Iúr Cinn Trá go Doire, ach an uair seo níor mhór dúinn an troid a thabhairt go Cnoc an Anfa.

“Agus deireadh tagtha le comhchainteanna leis an fheidhmeannas a chur ar obair arís, éilíonn muid orthu siúd atá ag tacú lenár bhfeachtas gan dul isteach in aon chomhrialtas nua gan chearta Gaeilge bheith réitithe faoi dheireadh thiar thall.”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|