Cartlann na Meán

Acht Gaeilge an Tuaiscirt ‘le dul tríd Westminster roimh dheireadh mhí Eanáir’

Tá an reachtaíocht stairiúil a thabharfadh cosaint don Ghaeilge ó thuaidh réidh le cur tríd Westminster an mhí seo, de réir Chonradh na Gaeilge.
Acht Gaeilge an Tuaiscirt ‘le dul tríd Westminster roimh dheireadh mhí Eanáir’

Agus níl aon leithscéal ag rialtas na Breataine a thuilleadh moille a chur ar chomhlíonadh na ngealltanas a rinneadh i gCill Rimhinn in 2006 agus, arís, sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua dhá bhliain ó shin.

B’shin a raibh le rá ag urlabhraí an Chonartha Conchúr Ó Muadaigh agus é dóchasach go mbeidh cearta oifigiúla ag lucht na Gaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

Tuigtear do Seachtain go raibh ócáid eolais i mBéal Feirste ag feidhmeannaigh in Oifig Thuaisceart Éireann leis na páirtithe polaitíochta éagsúla i mbéal na Nollag.

Dar le foinse le heolas ar an bpróiseas sin: “Is beag difir idir an reachtaíocht mar atá anois agus mar a bhí nuair a fógraíodh Ré Nua Cur Chuige Nua dhá bhliain ó shin – níl i gceist ach mionathruithe a aithníonn go bhfuil an reachtaíocht ag dul tríd áit difriúil, Westminster, in áit Stormont.” ‘Rás in éadan an chloig’ a bhaist an fhoinse ar an bpráinn anois leis an reachtaíocht a chur tríd an pharlaimint.

“Beidh deireadh le mandáid an Tionóil ag deireadh mhí an Mhárta agus beidh rialacha i bhfeidhm maidir le dlíthe nua a thabhairt isteach ró-chóngarach don toghchán atá á lua le mí na Bealtaine.”

Ag an deireadh seachtaine a rinne ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, an bhagairt is déanaí an rialtas i Stormont a chur ó mhaith mar gheall ar an bPrótacal agus, le cois sin, an scéal go mbeadh Acht Gaeilge rite faoi dheireadh mhí Eanáir.

Cé gur tharraing sé siar an bhagairt faoin bPrótacal, ní raibh aon dearbhú faoina sheasamh i leith reachtaíochta faoin nGaeilge.

Is cinnte. áfach, nach mbeadh sé ar a chompord ag lorg vótaí agus Acht Gaeilge ann.

Má ritear Acht Gaeilge in Westminster, cuirfidh sé an tríú cos ar stól tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe) a rith sa Deisceart roimh an Nollaig agus stádas iomlán oibre don Ghaeilge a dhearbhú san Aontas Eorpach ar Lá na Bliana Úire.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|