Cartlann na Meán

Tá saol corrach romhainn uilig má tá muid le bun scríbe a bhaint amach

Is saoránaigh iad lucht na Gaeilge. Éiríonn siad tinn agus téann siad isteach in otharlanna nach bhfuil go leor banaltraí ag obair iontu. Cuireann siad a gcuid páistí ar scoileanna idir Bhéarla agus lán-Ghaeilge nach bhfuil airgead acu le bunáiseanna a cheannacht.
Tá saol corrach romhainn uilig má tá muid le bun scríbe a bhaint amach

BHÍ SÉ mar a bheadh teaghlach ag dul ar laethanta saoire den chéad uair le trí bliana. Gach duine ar bís, an t-athair agus an mháthair agus an cúigear páistí.

Gach rud pacáilte agus curtha go cúramach sa bhúit, agus isteach le gach duine le tús a chur leis an aistear iontach. Ach i ndiaidh é an eochair a thiontú - nada. Ní bhogfadh an carr. Níor chuimhnigh duine ar bith peitril a chur ann agus níl fágtha ach méid bheag ón turas deireanach.

Smúid. Imní. Fearg. Ach imíonn Daidí agus i bhfaiteadh na súl, tá sé ar ais le canna peitril agus tógtar croí an uile dhuine ach tá amhras ann go fóill cé acu thabharfadh an carr an teaghlach a fhad lena bun scríbe.

Tosaíonn an carr ag preabarnach chun cinn agus ní fada go bhfuil sé sa chéad ghiar. Ach an mbainfidh sé an dara giar amach gan a bheith ag caint ar an tríú agus an ceathrú ceann. An mbainfidh sé barr chnoic amach le sleamhnú siar go dtí an ait inar thosaigh sé.

Sin scéal an Tionóil le seachtain anuas. Nuair a fógraíodh go raibh socrú déanta oíche Aoine seo caite, bhí sceitimíní ar bhunús gach duine seachas corrGhaeilgeoir dúranta, Jim Allister agus blagálaí dílseach agus a lucht leanúna

Tháinig an Tionól le cheile agus toghadh ceann comhairle agus triúr (yep, triúr) Leascheann Comhairle chomh maith leis na hairí ríthábhachtacha do na ranna éagsúla.

Bhí an Tionól agus an Feidhmeannas réidh le bogadh chun na gréine, gach gealltanas airgid a fuair siad ó Julian (agus ó Simon) curtha sa bhúit acu le go dtosódh an turas i dtreo na todhchaí. Bhí aoibh an ghaire ar an uile dhuine.

Ach.

Ansin, tháinig Promh-Aire na Breataine, Boris Johnson, go Cnoc an Anfa le linn stoirm Bhreandán agus bhain an ghaoth de sheoltaí gach duine.

“It’s not about money, it’s about leadership,” arsa Boris briotach.

Whoa! Shíl muid go raibh an t-airgead socraithe. Shíl mé gur gheall rialtas na Breataine agus (ar scala an-bheag) rialtas na hÉireann go n-íocfadh siad as an fadhbanna práinneacha a bhí le sárú, maoiniú le deireadh a chur le stailc na mbanaltraí ach go háirithe.

An gcuirfí an Tionól ar ceal, ceal airgid?

An bhfoghlaimeodh aontachtaithe an fhírinne shearbh, gharbh faoi Perfidious Albion?

An eagrófaí reifreann ar an teorann an mhaidin dár gcionn?

Nope. Mí-thuigbheáil a bhí ann. Bhí airgead ar fail ach ar leor é?  Ar airgead breise é? An raibh coinníollacha ceangailte leis an airgead?

Mar shampla, dar léi an Alliance Party, cosnaíonn an deighilt sheicteach anseo o thuaidh corradh le £1billiún gach bliain cé gur luaigh tuairisc a rinne Deloitte Report in 2007 go gcosnaíonn sé suas go dtí £1.5billiún gach bliain.

Cuir i gcas gur chuir Rialtas na Breataine brú ar an Aire Oideachais, Peter Weir, an t-oideachas imeasctha a bhrú chun cinn le hairgead a shábháil.

An dtabharfadh sé deis don Aire brú a chur ar Ghaelscoileanna agus é in ann a rá go rabhthar ag iarraidh líon na n-earnálacha oideachais a laghdú?

Luaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, táillí uisce mar aisíoc ar airgead ar bith a thabharfadh an Státchiste don tuaisceart, cé gur shéan Arlene Foster agus Michelle O’Neill go raibh sé sin ar na bacáin ach ag an am céanna, tá ráite ag an Chéad Aire: “now we need to look also at ways in which we can raise revenue and also pay back to the UK and that’s what we want to do …”

An gciallaíonn sé sin go bhfuil babhta eile déine i ndán do mhuintir na Sé Chontae? Cá has a dtiocfaidh an “revenue” seo a bhfuil Arlene Foster ag caint air nuair atá gach gné de gheilleagar na Sé Chontae i ngéarchéim nó ag tarraingt ar ghéarchéim?

Ní hábhar ar bith buairimh sin do ghardaí an Státchiste thall. Tá siad ar buille gur shil an DUP go n-íocfadh siadsan as praiseach an RHI. Tá siad ar buille go bhfuil an oiread sin airgid ag dul amú, dar leo, sa stát.

Cibé airgead a thiocfaidh ó Shasana, £1billiún agus billiún eile a bheadh ag teacht mar gheall ar chaiteachas méadaithe de réir fhoirmle Barnett, beidh súil géar á choinneáil ag an Státchiste ar an dóigh a chaitear é.

Sin ráite, tá NI ag bogadaigh leis.

Bhí an tAire Sláinte Robin Swann in ann a rá leis an tsaol mhór gur thángthas ar £30m ar chúl an toilg agus gur shíl sé go bhféadfadh sé ceardchumainn na mbanaltraí a shásamh.

Dúirt Peter Weir, go raibh an t-airgead aige 18 scoileanna a fheabhsú. (Ní raibh Gaelscoil ar bith ina measc ach b’fhéidir nár chuir scoil ar bith isteach ar an scéim.)

Tá an carr/Feidhmeannas ag taisteal leis. Ní fios an mbainfidh sé a bun scríbe amach. Tá daoine ann atá ag iarraidh dul bealach amháin, daoine eile ag iarraidh dul bealach eile. An bhfuil go leor peitril/airgid ann?

Beidh le feiceáil ach tá drochthuartha ann cheana féin.

:: Bhí Gaeil ann a dúirt gur chóir gan glacadh leis an tsocrú cionn is go raibh na forálacha a bhain leis an Ghaeilge chomh lag sin. Ní aontaím leo.

Is saoránaigh iad lucht na Gaeilge. Éiríonn siad tinn agus téann siad isteach in otharlanna nach bhfuil go leor banaltraí ag obair iontu. Cuireann siad a gcuid páistí ar scoileanna idir Bhéarla agus lán-Ghaeilge nach bhfuil airgead acu le bunáiseanna a cheannacht.

Bíonn siad gafa i dtranglaim trácht ag taisteal chun a gcuid oibre agus tá siad buartha faoin athrú aeráide.

Tuigeann Gaeilgeoirí go bhfuil ceisteanna eile le sárú atá (abraimis é) níos tábhachtaí ná cur chun cinn na Gaeilge.

Ach creideann go leor gur céim eile chun cinn i dtreo na todhchaí Gaelaí atá bainte amach.

Deirtear sa cháipéis, New Decade, New Approach go n-earcófar Coimisinéir “to provide official recognition of the status of the Irish Language in Northern Ireland.”

Tá fairsingeach sa fhrása sin sa mhéid is nach n-abrann sé “official recognition of the Irish Language” ach tá go leor muiníne agam sa Dream Dearg agus i gConradh na Gaeilge le fios a bheith agam go leanfar ar aghaidh le dul chun cinn na teanga i ngach leibhéal den tsochaí anseo.

Ní an tsaoirse chun saoirse a bhant amach atá i gceist, tá muid i bhfad thairis sin.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|