An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Chruinnigh na mílte léirsitheoir ar son na Palaistíne i gCairo ar an Aoine 13ú Meitheamh chun páirt a ghlacadh i Mórshiúil Domhanda go Gaza. Tháinig daoine ó 50+ tír, ó fud fad na cruinne, chun aird a dhíriú ar an phráinn le teorann Rafah a oscailt do bhia agus cabhair daonna láithreach. Cé gur seo an príomhsprioc a bhí leis an mhórshiúil bhí éilimh agus teachtaireachtaí soiléire againn;
Rinneadh comhordú domhanda air agus is mór an iarracht a chuireadh isteach chun daoine a thabhairt le chéile ar an taobh eile den domhan agus tá mé thar a bheith buíoch astu.
Is cuimhin liom ó aois óg mo sheanmháthair agus ceannródaithe ar nós Sue Pentel atá i mbun agóide ar son na Palaistíne in Éirinn le fada an lá. Mothaím féin go láidir in achan gné de mo shaol, má tá mé in áit mhaith le rud dearfach nó athrú dearfach a dhéanamh, gur chóir sin a dhéanamh agus sin an fáth ar chinn mé dul go Cairo.
Tá stair an chaidrimh idir an Éigipt agus Iosrael ar eolas agam, agus míníodh an próiseas agus na dúshláin a bhí romhainn dúinn mar sin thuig mé go pointe cad é a bhí le teacht. Bhí míle mothúchán orm ach níor shíl mé riamh nach raibh mé ag déanamh an rud ceart ag taisteal chun na hÉigipte.
Bhí grúpa toscaireachta de 50 duine ó Éirinn ag taisteal ag amanna áirithe le linn na seachtaine agus de réir mar a d’éirigh lá na hagóide níos cóngaraí, bhí scéalta ag teacht abhaile go raibh Údarás na hÉigipte ag cur bac ar dhaoine, Éireannaigh, Eorpaigh go háirithe, isteach sa tír. Bhí sé ag éirí sóiléir go mbeidh dúshlán mhór romhainn dul i mbun agóide, má éiríonn linn dul isteach sa tír fiú. D’eitil muidinne isteach go Cairo ar an 12ú, agus cé go raibh muid iontach buartha, ní raibh aon fhadhb againn nuair a landáil muid.
Bhuail cairde ón Phalaistín linn chun fáilte a chur romhainn agus muid a thabhairt go dtí na lóistín. Bhain muid an lóistín amach i gCairo timpeall 11:30 agus dúradh linn nach raibh seomraí ann dúinn agus go mbeidh orainn stopadh in ostán trasna an bhealaigh. D’fhan muid 3 uair a chloig le gníomhaithe eile go bhfuair muid seomraí san óstán. Is cosúil go raibh an fhadhb chéanna ag a lán daoine eile timpeall na cathrach.
Roinneadh sonraí pearsanta idir na hostáin. Rinneadh cluasaíocht ar sheomraí agus gutháin. Lean fir agus póilíní gan culaith muid gach áit. Diúltaíodh seirbhís i siopaí. Cuireadh stad linn modh taistil a úsáid agus cuireadh imeagla orainn ón chéad lá. Chun léargas níos fearr a thabhairt daoibh, ní raibh muid in ann teacht le chéile lénár gcomradaithe agus muid ann.
Dá mbeadh sé feicéalach go raibh muid i ngrúpa triúr nó níos mó, glacfar leis go raibh muid ann don mhórshiúil agus go raibh seans ann go dtógtar muid. Bhí na mílte sa sean-chathair stairiúil seo ó gach cearn den domhan, ach ní raibh brat na Palaistíne le feicéail ná dlúthpháirtíocht aon áit.
Aon duine nach bhfaca na físeáin de lá na hagóide. Bhí sé iomlán ar mire agus scanrúil. Cuireadh ár mbusanna ar ceal. Bhí na heagraitheoirí ag iarraidh teacht ar réiteach. Dúradh linn iarracht a dhéanamh ár mbealach a dhéanamh go túsphointe na mórshiúla, taobh amuigh de Chairo, i mbeirteanna. Chuir ár n-ostán tacsaí Uber ar ceal gan fáth. Lean beirt muid ón óstán agus muid sa tóir ar thacsaí. Stad muid ag café, lean beirt muid isteach agus d’fhan beirt taobh amuigh. Cuireadh gach tacsaí Uber ar ceal, gach duine a rinne iarracht.
Bhí muid i dtrí thacsaí, stopadh iad ar fad go bhfuair muid an cheathrú tacsaí amach as Cairo. Bhí muid iomlán trína chéile ach tiomanta. Bhí muid le taisteal cúpla uair a chloig lasmuigh de Chairo go baile Al Arish agus labhair muid leis an tiománaí trí Araibís agus Béarla briste go raibh muid ag tabhairt cuairt ar cúpla iarsmalann srl. Thosaigh scéalta ag teacht ó chomradaithe os ár gcomhair go raibh seicphointí ag na hÉigiptigh ar an mhotorbhealach agus go raibh siad ag baint daoine as carranna agus ag baint leas uathu.
Choinnigh síad daoine ag taobh an bhóthair, i lár an fhásaigh gan bia ná uisce. De réir mar a d’éirigh muid níos cóngaraí, dúradh linn éalú más féidir. Chúlaigh an tiománaí fríd an mireachas agus cúpla míle síos an mhotorbhealach, ag tógáil beirt comrádaí a d’éalaigh fosta ar an bhealach. Thit duine ónar ngrúpa, Ciara i laige san fhásach le stróic na gréine agus glacadh í agus Helen chun na hotharlainne leis na póilíní.
Gabhadh daoine sna hostáin a rinne iarracht tacsaithe a ordú chomh maith.
Bhí foréigean ó mhilíste a cuireadh i measc na ndaoine a bhí ar an agóid chun trioblóid a thoiseacht. Tugadh greadadh do roinnt gníomhaithe gan chúis. Bhí an iompar ó Údarais na hÉigipte thar fóir, éagórach agus samhnasach.
Faoin thráthnóna, bhí sé soiléir nach mbeadh cead againn túsphointe a bhaint amach agus bhí ar na heagraitheoirí cinntiú go raibh teagmháil déanta le gach baill a bhí linn mar go raibh cuid mhór ar iarraidh. Baineadh gutháin agus pas ó dhaoine.
Bhí sé doiligh teagmháil a dhéanamh le daoine le cinntiú go raibh siad slán, nó ar thaobh an bhealaigh mhóir agus go raibh tacaíocht dlíthúil de dhíth. Bhí sé ar mire gan fhios dúinn an mbeadh muid curtha abhaile, i bpríosún nó eile.
Rinne muid ár mbealach go Cairo arís. Shocraigh muid lóistín don oíche agus d’fhan muid ann ag iarraidh teagmháil le gach duine. Nuair a bhí tuairisc ar gach duine, d’iarr na heagraitheoirí ar Údaráis na hÉigipte cead ligint dúinn agóid síochána daonna a dhéanamh i gCairo nó áit a bheadh fóirsteanach dóibh.
D’fhan muid cúpla lá ar fhreagra agus le linn an ama sin, bhí daoine dár leanstan fós, ag gabháil daoine agus ag bualadh daoine a shíl siad a bhí ag glacadh páirte agus bhí óstáin ag comhoibriú leis na hÚdarais ar bhogadh gach uile duine.
I ndiaidh cúpla lá, bhuail ionadaithe na dtíortha a bhí linn lena gcuid ambasadóirí féin (seachas cúpla ambasadóir a dhiúltaigh) i atá lonnaithe i gCairo leis na ceisteanna seo a phlé ach bhí sé soiléir ó na cruinnithe nach mbeadh cead againn mórshiúil ná agóid a dhéanamh sa tír. Sin nuair a rinneadh cinneadh le haon-ghuth teacht abhaile.
Bhuail muid féin le Dr Alaa Abd Al-Hadi, Ard-Rúnaí Ceardchumann Araibise na Scríbhneoirí. Cuireadh fáilte mhór romhainn. D’aontaigh muid ar gach rud ar cheist na Palaistíne agus labhair sé ar an bhród a bhí air an oiread daoine a fheiceáil i gCairo ag tógáil na ceiste.
Lean na hÚdaráis muid gach bomaite, go dtí go ndeachaigh muid abhaile. Eispéireas scanrúil a bhí ann ach ní mórán i gcomparáid le cruatan agus saol na ndaoine i nGaza. Cé go bhfuil díomá orainn nár éirigh linn dul comh fada le Rafah, tháinig muid abhaile níos tiománta le níos mó a dhéanamh ar a shon agus tá muid ag pleanáil an chéad ghníomh dhomhanda eile cheana féin.
Cé gur tógadh muid, gur stopadh muid, gur tugadh greadadh dúinn, bhí sé fós iontach fiúntach. Tharraing muid aird ar an phráinn le Rafah a oscailt.
Thóg muid nascanna agus caidrimh domhanda le comrádaithe timpeall na cruinne agus ní chuirfidh siad bac orainn go dtí go bhfuil deireadh le cinedhíothú agus saoirse don Phalaistín.
Léigh muid teachtaireachtaí tacaíochta ó mhuintir Gaza a thug muid misneach dóibh agus leanfaidh muid orainn ag tabhairt dóchas, misneach agus saoirse dóibh.
IS AR SCÁTH Á CHÉILE A MHAIREANN MUINTIR NA PALAISTÍNE!
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.