Nuacht

Dlúthpháirtíocht seachas Carthanas!

Tugtar Meitheal Uí Chadhain ar an ghrúpa in ómós don cheannaire Gaelach agus sóisialach, agus is í seo an chéad toscaireacht idirnáisiúnta atá beartaithe acu.
Dlúthpháirtíocht seachas Carthanas!

Sin é mana Mheitheal Uí Chadhain, agus ar an 13ú Feabhra, beidh na gníomhaithe teanga seo as Béal Feirste ag taisteal go dtí an Amasóin i mBrasaíl le bualadh le bundúchasaigh agus pobail thraidisiúnta sa fhoraois bháistí. Tugtar Meitheal Uí Chadhain ar an ghrúpa in ómós don cheannaire Gaelach agus sóisialach, agus is í seo an chéad toscaireacht idirnáisiúnta atá beartaithe acu.

Bunaíodh an ghrúpa chun deiseanna a chruthú do Ghaeil óga le nascanna idirnáisiúnta a dhéanamh le grúpaí ar fud an domhain atá ag streachailt in aghaidh an chaipitleachais, an choilíneachais agus an impiriúlachais. Tá sé mar sprioc ag an ghrúpa peirspictíochtaí nua a fháil agus misneach a tharraingt ó chomhthéacsanna eile, ionas gur féidir leo cur leis an streachailt sa bhaile.

Cén bhaint atá ag an Amasóin leis seo ar fad?

I mí Mheithimh 2024, bhuail toscaireacht ón Amasóin le Meitheal Uí Chadhain i nGlór na Móna. Ba iad bundúchasaigh agus cosmhuintir na hAmasóine a bhí i measc na toscaireachta, agus bhí sé mar aidhm acu nascanna dlúthpháirtíochta a thógáil in Éirinn. Bhuail na hAmasónaigh le feachtais eile ar fud na tíre i gcoinne scriosadh an timpeallachta: i dTír Eoghain, i gcontae an Chláir, i Luimneach agus i dTiobraid Árann. D’fhoghlaim siad faoi athghabháil chultúrtha sa Tuaisceart agus faoin dóigh ina bhfuil an ghluaiseacht ansin ag ceangal scriosadh teanga le scriosadh timpeallachta mar gheall ar an choilíneachas.

Bhí ciorcal comhrá againn leo, áit ar labhair siad faoin leatrom atá déanta orthu ag leasanna caipitlíochais agus coilíneachais idirnáisiúnta, agus faoin fhriotaíocht atá á cur acu in éadan an dúshaothraithe seo. Chomh maith leis sin, chuir siad crainn i nGael-Ionad Mhic Goill, agus beidh siad sin réidh le cur ar an tSléibhe Dubh go luath mar chuid den fheachtas áitiúil anseo le fiántas agus foraoisiú a thabhairt ar ais don tsléibhe.

Tá an t-airgead ar fad don toscaireacht seo bailithe ag na Gael óga féin trí cheolchoirmeacha, malartú éadaí, cártaí peile, tráth na gceist agus modhanna eile tiomsaithe airgid. Tá an GoFundMe fós oscailte do shíntiúis, agus is féidir leat deontas a thabhairt anseo. Rachaidh gach pingin díreach chuig na bundúchasaigh agus na pobail thraidisiúnta san Amasóin atá ag fulaingt ó dhúshaothrú, ionradh, coilíneachas agus éagóir timpeallachta.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|