Nuacht

Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc.

Is laochra muid ar son na teanga, gach múinteoir, gach cuntóir ranga, gach rúnaí, gach oibrí gaelscoile.
Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc.

Bhí alt den chéad scoth ag Chris Donnelly san Irish News le déanaí (2/12/23), arís agus arís eile, bíonn iomlán an chirt aige. Bíonn cur amach aige ar chúrsaí reatha agus alt seachtainiúil aige. Chuir sé os ár gcomhair amach go sóiléir agus go beacht fá fhadhbanna leanúnacha an Tionóil, fá tharraingt na gcos Rialtas na Breataine agus na nAontachtach maidir leis an togra gan tairbhe thuas ag Cnoc an Anfa, fá dheacrachtaí na n-oibrithe atá ar stailc ó na hotharlanna, na tiománaithe Translink atá ag éileamh phá níos fearr agus saol níos fearr do mhuintir s’acu.

Níor chuir Chris Donnelly fiacail ann agus mar is nós leis, d’oscail sé doras na hiaróige maidir le cur agus cúiteamh agus plé. Is tráchtaire polaitiúil, comhfhreagraí nuachtáin, ceardchumannaí agus gníomhaí é Donnelly. Bíonn sé géarshúileach caolchúiseach, bíonn an tabhairt fá dear ann. Is minic go mbíonn sé i mbun spáirne le Stephen Nolan agus le Jamie Bryson, beirt atá go mór i mbéal an phobail!

Is rud maith sin ar bhealach gan amhras. Tá proifil aige, clú agus cáil air ar dhóigh. Áfach, an díol suime is mó a shonraigh mé féin san alt a luaigh mé ná a dhearcadh ar chúrsaí oideachais agus aimsir na Nollag sna bunscoileanna! Ho, ho, ho! Is príomhoide bunscoile é Chris Donnelly, oideachasóir agus oide i gcroílár iarthar Bhéal Feirste.

Luaigh sé an mothú agus an t-atmaisféar speisialta is féidir a bhrath i mbunscoileanna na tíre ag an am draíochtach seo agus páistí beaga óga faoi gheasa ag cumhacht Dhaidí na Nollag. Mar mhúinteoir bunscoile, tagaim go huile is go hiomlán lena thuairim. Aontaím leis, is am speisalta seo i mbunscoil ar bith, ach mothaím go mbíonn rudaí níos tarraingtí agus níos suimiúla i ngaelscoileanna na tíre.

Sna gaelscoileanna, tarlaíonn mórchuid de na himeachtaí agus tarlúintí céanna is a thiteann amach i mbunscoileanna Béarla, ach, dár ndoighe…tarlaíonn siad i nGaeilge. Ceolchoirmeacha, drámaí, amhráin Nollag, tráth na gceist, comórtais scríbhneoireachta, taispeantáis, ceol, turais, geamaireachtaí, lá gheansaí Nollag, dinneár na Nollag agus cuairt ón fhear é féin…Daidí na Nollag gan amhras!

Le mí anuas, bhí fiche rud sa tsiúl sa ghaelscoil ina mbím féin ag teagasc inti. Is bealaí agus dóigheanna iontach eifeachtach iad drámaí ranga ar mhaithe le sealbhú teanga, Gaeilge na bpáistí a shaibhriú, stór focal a mhéadú, spórt agus spraoi a spreagadh agus cuimhní cinn a chothú.

Is féidir le páistí naíscoile agus daltaí bonnchéime bheith ag foghlaim na n-amhrán Nollag agus ag tógáil ar scileanna teanga s’acu, scileanna éisteachta, tuisceana agus labhartha. Is iontach na rudaí gur féidir le daltaí óga a dhéanamh. Bíonn i gcónaí rud éigin mothúchanach mealltach fá pháistí óga ag ceol, ach páistí óga ag ceol Oíche Chiúin, I nDulaíocht an Gheimhridh nó Rudolf, mothaíonn sé níos speisalta arís, i mo bharúil.

Os a choinne sin, is fiú a rá go mbíonn a lán oibre i gceist! Cleachtadh agus cleachtadh, ach bíonn éacht déanta i gcónaí agus cur i láthair déanta os comhair na scoile nó os comhair na ndaoine fásta. Maidir leis na daltaí níos sine, in Eochairchéim a haon agus a dó, bíonn drámaí gairide, amhráin, ceolchoirmeacha, cór agus uirlisí ceoil idir lámha nó fiú drámaí clúiteacha an Bhéarla, aistrithe go Gaeilge!

Le blianta beaga anuas, bhí lámh agam leis na drámaí seo a leanas, Draíodóir Oz, Charlie agus an Monarcha Seaclaide, Carúl na Nollag, Labhraidh Loingseach, Sa Tóir ar Dhaidí na Nollag agus Annaí. Tharla na cinn seo ar fad i ngaelscoil amháin agus i mo thaithí féin, bíonn ard-chaighdeán ann agus níos fearr arís tá a fhios agam go mbíonn drámaí, geamaireachtaí agus ceoldhrámaí mar seo ag titim amach i ngaelscoileanna fud fad an tuaiscirt. Tá neart buntáistí le dráma a léiriú ag an Nollaig.

Tá cruthaitheachas, obair foirne, comhoibriú, tógáil muiníne, scileanna litearthachta, aisteoireacht, urlabhraíocht, saibhreas teanga, rannpháirteachas, ealáin, ceol, scileanna drámaíochta, SULT agus SPRAOI ag baint le Seó na Nollag.

Bíonn ábhar bróid agus cúis mhórtais ag na daltaí nuair a chuireann siad an seo i gcrích, an dlaoí mhullaigh, an crú ar an tairne. Déanta. Faoiseamh!

Bíonn bród ar phobal na scoile agus ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh na bpáistí, ach go háirithe. Tá mé féin ag teagasc in earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh le breis agus fiche bliain agus dá mbeinn ag tabhairt comhairle do mhúinteoirí óga nó ag iarraidh a gcur ar bhealach an leasa iad. Mholfainn dóibh go mór mór dráma a dhéanamh le páistí.

Obair chrua a bhíonn ann, ach nuair a chuirtear seó ar an ardán, tagann an ceol agus na soilse le chéile, smideadh agus cultachta. Is mothú draíochtach é. Tá draíocht le drámaíocht. Nuair a bhuailim féin le hiardhalta, ní labhraíonn muid ach i nGaeilge agus is minic go dtagann cúrsaí drámaíochta nó spóirt aníos sa chomhrá, níos minice ná cúrsaí matamataice.

Ar ndóigh, caithfear an curaclam a theagasc, ach caithfear cur san aireamh go bhfuil muid ag saothrú sa dara teanga don chuid is mó, chan máthairtheanga na ndaltaí. Mar sin, beidh cuimhne acu ar na buaicphointí, ceol, spórt agus dráma. Nuair a bhuail Covid 19 muid an paindéim domhanda millteanach, chrónaigh muid spórt, ceol agus dráma. Bhí folúntas inár saol gan iad.

Mar sin, chuir Chris Donnelly mé ag smaointiú agus ag machnamh fá scoileanna agus ról na scoileanna inár bpobail ag an Nollaig. Maith sibh in earnáil an Bhéarla!

Ach molaim go hard an obair cheannrodaíoch atá idir lámha againn sna gaelscoileanna. Tá beagán níos mó le déanamh againn mar mhúinteoirí ghaeloideachas ag treabhadh i ngort an tumoideachais ná ár gcomghleacaithe sna scoileanna Béarla.

Is laochra muid ar son na teanga, gach múinteoir, gach cuntóir ranga, gach rúnaí, gach oibrí gaelscoile.

Leanaigí ar aghaidh! Cnámh droma na hathbheochána. Ag griosú na bpáistí agus ag tógáil glúin eile de Ghaeilgeoirí.

Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc.

NOLLAIG SHONA!

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|