Nuacht

Dialann Ón Phalaistín

"...Bhí sé ina tógáil croí dúinn a bheith abálta cluichí a imirt leis na paistí áitiúla agus gáire na bpáistí a chluinsint in aineoinn an chruatáin."
Dialann Ón Phalaistín

TW: Tá tagairt d’fhoréigean le linn an ailt seo.

Le linn an tSamhraidh, bhí deis agam freastail ar champa idirnáisiúnta sa Phalaistín mar chuid de Chlár Idirnáisiúnta an tSamhraidh ag an ‘Lajee Centre’ (ciallaíonn Lajee ‘teifigh’ in Araibis) agus sin go díreach an rud a bhí ann; campa teifigh do mhuintir na háite ar cuireadh óna dtithe agus óna dtalaimh iad. Is ionad pobail é an t-ionad ’Lajee’ a bhíonn siad ag tacú le muintir na háite agus ag ofráil seirbhísí dóibh ar nós sláinte, oideachas, deiseanna cultúrtha agus sóisialta ina measc.

Bhí deichniúr eile a ghlac páirt sa champa, ceathrar acu ó Éirinn agus daoine eile as áiteanna eile ar fud an domhain. Bhí an campa samhraidh á reachtáil ag ‘Lajee Center’, suite sa champa Aida i mBeithil agus bhí muid ansin le foghlaim fán phobal agus tacú leis an champa gníomhaíochtaí sultmhara a chur ar fáil do na céadta páistí atá ina gcónaí ann.

Ba mhaith liom a rá cé chomh cinéalta agus fáiltiúil a bhí achan uile duine ar bhuail mé leo le linn an ama a chaith mé ansin. Tá mé an-bhuíoch as an deis bualadh leis na daoine ionspioráideacha seo agus as na caidrimh fad saol atá deanta agam leis na daoine gur bhuail mé leo agus mé ann.

Eispéarais sárluachmhar a bhí ann a bheith abálta plé le muintir na háite, éisteacht le scealtaí s’acu agus blaiseadh ceart a fháil ar chultúr galánta s’acu. Chomh maith leis seo, bhí sé an-úsáideach tuilleadh eolais a bhailiú maidir le cursaí sa Phalistín agus phléigh muid na bealaí gur féidir linn tacú leo agus muid ar ais sa bhaile chun daoine a chur ar an eolas faoin leatrom atá a dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne agus an fhírinne a insint don domhan.

Bhí clár pacáilte curtha ar fáil dúinn a bhí lan de chainteanna, turais agus deiseanna a bheith ag cuidiú agus ag tacú le muintir na háite ar an talamh. Caithfidh me a rá go raibh mórchuid de na cainteanna iontach tromchúiseach mar go raibh muid ag plé topaicí atá iontach goilliúnach agus mothúchúnach, ach ina dhiadh dúinn na scéalta brónacha seo a cluinstint, bhí sé ina tógáil croí dúinn a bheith abálta cluichí a imirt leis na paistí áitiúla agus gáire na bpáistí a chluinsint in aineoinn an chruatáin.

Rinne muid ranganna Dakbe, damhsa náisiúnta de cuid na Palaistíne chomh maith le Ranganna Araibise a bhí iontach suimiúil agus mhothaigh mé go raibh a lán cosúlachtaí ann leis an Ghaeilge. Bhí bean a raibh cónaí uirthi sa champa a d’ullmhaigh bia traidisiúnta gach lá agus bhí sé thar a bheith blasta.

Cé go raibh muid lonnaithe i mBeithil, bhí an deis againn dul ar thurais chun bualadh le heagraíochtaí cearta daonna agus muintir na Palaistíne ar fud na tíre. An turas is mó a chuaigh I bhfeidhm orms ná turas lae chuig Jenin. Ar an turas seo, bhuail muid le heagraíocht darbh ainm ‘Not To Forget’, eagraíocht neamhrialtasach a bhíonn ag tacú le mná agus páistí sa champa. Labhair muid le cúpla bean aitiúil agus d’inis siad a gcuid scéalta dúinn.

Bhí scéal amháin a chuaigh i bhfeidhm orm go mór, agus mhothaigh mé an pian i nguth an mhná seo agus thuig mé cé chomh trom agus chomh deacair agus a bhí sé di an scéal s’aici a insint.

Díreach trí seachtaine sular tháinig muidne chun na Palaistíne, rinne arm Iosrael ionsaí ar Jenin. An t-ionsaí is mó a bhí ann ó bhí 2002 ann. Chuir siad 2000 saighdiúir isteach sa cheantar chun 500 teaghlach Palaistíneach a chur óna dtithe. Mharaigh siad dáréag Palistíneach agus rinne siad scrios iomlán ar an cheantar.

Bhí an bhean áirithe seo agus a teaghlach óg i bhfolach i dteach s’acu agus chuir sí na páistí óga sa seomra leapa leis an deirfiúr is sine. Chuir na saighdiúirí madadh dá gcuid, a raibh ábhar cosanta orthu agus atá oillte le hionsaithe fiacmhara a dhéanamh, isteach sa teach chun ionsaí a dhéanamh ar an teaghlach. Rinne an madadh ionsaí fiachmhar ar an bhean. Bhain sé greim as a gualainn, droim, aghaidh agus lámh agus ghreamaigh an madadh dá lámh. Níor thuig sí ag an am cad é a bhí ag tarlú.

Mhair an t-ionsaí seo thart ar 40 bomaite agus ní raibh na saighdiúirí ábalta smacht a fháil ar an mhadadh agus rinne siad iarracht lámh s’aici a bhaint le scian. Sa deireadh, d’éirigh leo an madadh a bhaint ón bhean agus ghlac siad ón teach é. Ansin, chaith said deoirghás isteach sa seomra. Rinne an bhean agus a mac iarracht éalú ón teach mar go raibh an gás a thachtú agus shíl siad go raibh siad ag dul a fháil bás. Ghabh na saighdiúrí an bheirt acu agus ghlac siad mar ghialla iad agus bhain siad úsáid astu mar sciatha daonna chun na saighdiúirí a chosaint.

B’uafás scáfar é seo don bheirt, go háirithe don pháiste óg ina theach féin, áit ar chóir go mbeadh sé sábhailte. Ach ní sa teach seo amháin ar tharla é seo agus is rud coitianta iad na hionsaithe seo ó arm Iosrael ar mhná sa Phailistín. Chuaigh an scéal i bhfeidhm orm go mór agus bhí mé dearg le fearg ag éisteacht leis an scéal seo agus na scéalta eile ó mhuintir na Palaistíne.

I ndiaidh na cuairte seo, thug muid cuairt ar an reilig, áit ar cuireadh an dáréag a maraíodh ar an lá seo. Reilig úr a bhí ann cionn is gur rith siad amach as spás sa phríomhreilig mar go bhfuil an oiread sin daoine Palaistíneacha á marú ag arm Iosrael. Ghlan muid na huaigheanna agus chuir muid bláthanna orthu chun iarracht a dhéanamh spiorad na háite a ardú. Bhí deis againn bualadh leis na fir óg cróga áitiúla agus muid ag dul de seo agus bhí siad chomh sásta tacaíocht idirnáisiúnta a fheiceáil.

D’impigh gach duine gur bhuail mé leo orm scéal na bPalaistíne a insint agus gan ligint don domhan dearmad a dhéanamh orthu. Spreag muintir na Palaistíne mé ní hamháin chun dlúthpháirtíocht a léiriú leo, ach chun daoine eile a spreagadh an dlúthpháirtíocht a léiriú chomh maith.

Dhearaigh mé léine Gaeilge Palaistíneach mar chomhartha dlúthpháirtíochta dom féin agus do dhaoine eile le muintir na Palaistíne. Rachaidh gach brabús ó dhíolacháin an léine chuig an ‘Lajee Centre’. Is féidir le daoine an léine a cheannach ANSEO.

Bhí turas eile chun na Palaistíne beartaithe agus in áirithe agam do mhí Feabhra. Bhí mé ag dul ar ais chun mo chairde a fheiceáil agus an maratón a rith ansin chun airgead a bhailiú don Ionad Lajee. Níl a fhios agam anois an mbeidh mé in ann dul ann go fóill. Níl a fhios agam an mbeidh mo chairde beo go fóill. Tá mé ag smaoineamh orthu gach bomaite de gach lá. Tá súil agam go dtiocfaidh siad slán.

Saoirse don Phalaistín!

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|