Nuacht

Scríbhinní le saoirse a bhaint amach

Is doiligh don té nach bhfuil ar an láthair tuiscint cheart a fháil ar an uafás a bhaineann le buamaí bheith ag titim anuas as an spéir, ar an bhás agus ar an tromghortú atá mar thoradh ar a leithéid.
Scríbhinní le saoirse a bhaint amach

Bhí teach lán ann sa Chultúrlann Dé hAoine, 6ú Deireadh Fómhair agus Laurence McKeown, drámadóir agus file, agus Mohammed el-Kurd, iriseoir 25 bliana d’aois, i mbun comhrá poiblí lena chéile. Imeacht é a d’eagraigh Haymarket Books, foilsitheoir radacach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá lonnaithe in Chicago agus a áiríonn Angela Davis ar na húdair a bhfuil saothar leo eisithe aige.

Is as críocha gafa na Palaistíne do Mohammed el-Kurd, Iarúsailéim Thoir faoi fhorghabháil. Tháinig clú idirnáisiúnta air féin agus ar a leathchúpla, Muna, mar gheall ar an fheachtas Save Sheikh Jarrah. Scríobhann Mohammed le The Nation agus Mondoweiss agus foilsíodh díolaim filíochta leis, Rifqa, in 2021, atá ainmnithe as a sheanmháthair.

Tá cnuasach dánta, Threads, agus leabhar dírbheathaisnéisiúil, Time Shadows: A Prison Memoir, i measc an tsaothair atá foilsithe ag Laurence McKeown, a chaith cúig bliana ar an phluid sa Cheis Fhada agus 70 lá ar stailc ocrais in 1981. In 1982 bhí sé ar na daoine a chuir clár oideachais le chéile do phríosúnaigh Poblachtánacha.

Dhírigh an comhrá idirghlúine, idirchultúir a bhí ag an bheirt scríbhneoirí ar an chumhacht atá ag na healaíona le dul i ngleic leis an impiriúlachas le go mbainfear saoirse amach. Leag Mohammed béim ar an tábhacht atá le focail agus cur síos á dhéanamh ar eachtraí. Tá an iliomad samplaí de seo le feiceáil sna meáin faoi láthair, mar shampla an BBC ag trácht ar líon na nIosraelach a ‘maraíodh’ agus líon na bPalaistíneach i nGáza a ‘fuair bás’. Múnlaíonn focail agus friotal tuairimí agus dearcadh an phobail. Tá cumhacht leo, cinnte.

An mhaidin i ndiaidh na cainte, maidin Dé Sathairn, bhris Hamas fríd an sconsa idir Gáza agus Iosrael agus d’fógair rialtas Iosrael go bhfuil sé ina chogadh. Ó shin tá tuairiscí scáfara feicthe againn, cuid acu bréagach, cuid acu fíor ag brath ar chuspóir lucht scaipthe an scéil.

Is doiligh don té nach bhfuil ar an láthair tuiscint cheart a fháil ar an uafás a bhaineann le buamaí bheith ag titim anuas as an spéir, ar an bhás agus ar an tromghortú atá mar thoradh ar a leithéid. Tá na mílte teistiméireachtaí ar fáil, mar aon le físeáin agus grianghraif a thugann blaiseadh dúinn, ach tá tairseach dothrasnaithe ann. Tá cumhacht ar leith sna healaíona le muid a thabhairt chomh fada le tairseach na tuisceana agus freagairt dhaonnúil a mhúscailt ionainn nuair atá an intinn fuaraithe.

Chuir Haymarket Books agus American Friends Service Committee leabhar ar an mhargadh anuraidh dar teideal ‘Light in Gaza: Writings Born of Fire’. Tá aistí, gearrscéalta, dánta agus ailt leathacadúla ann faoi ghnéithe éagsúla den tsaol. Is saineolaí í Asmaa Abu Mezied ar fhorbairt eacnamaíochta agus spéis ar leith aici i gcomharchumainn ban, i gcuntasacht shóisialta san earnáil phríobháideach agus san earnáil talmhaíochta.

Níl ach dhá leathanach ina haiste ina dtugann sí freagra ar an cheist cad chuige a gcoinníonn muintir Gáza greim ar a ngutháin agus a leanann siad leo ag déanamh físeán. Oíche Dé hAoine, bhí sé scéiniúil an aiste sin a léamh. Anois, áfach, tá an t-uafás ar leibhéal eile ar fad agus tá an léitheoir fágtha ina staic. Ní thig linn ach a shamhlú cad é mar a mhothaíonn Asmaa féin.

Dar léi, coinníonn a pobal greim ar na gutháin agus leanann siad leo ag déanamh físeán le go mbeidh taifead ann ar a scairteanna cráite ag impí ar a máithreacha fanacht beo faoi na spallaí. Ar a gcaoineadh cois uaighe. Ar an lúcháir a bhíonn ar na páistí nuair a aimsíonn siad sa smionagar iarbhuamála bréagáin nó peataí a tháinig slán. Ar an deatach, ar an fhuil, ar árasáin a leagadh agus ar chrainn olóige a réabadh as a chéile.

Is mian leo a chur in iúl do na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh nár ghéille siad riamh – gur éiligh siad cearta, gur sheas siad an fód. Gur cuireadh de chlár na cruinne iad.

Déanann siad taifead mar tá siad ag iarraidh go gcuideoidh muidne, daoine eile den chine daonna, leo deireadh a chur leis an uafás dofhulaingthe. Cad é a bheas sna taifid s’againn féin mar fhreagairt ar an ghairm seo?

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|