Nuacht

An Ghaeltacht – Cothrom na Féinne

Tithíocht, tionscadal na gColáistí Samhraidh agus Pleanáil Teanga (2/2)
An Ghaeltacht – Cothrom na Féinne

Ról an Stáit

Tá ról lárnach agus ceannasaíoch ag an Stát sa Phróiseas Pleanála Teanga: cé gurb iad na hOifigigh Pleanála Teanga atá i mbun an chúraim laethúil ar an dtalamh, braitheann rath an phróisis ana mhór ar tiomántas an Stáit i dtaobh cur chun cinn agus comhtháthú an phróisis ar bonn náisiúinta.

Go stairiúil, deirtear gurb é an feall a bhí ann ó bunaíodh an Stát ná an iomarca béime curtha ar phleanáil an tsealbhaithe (an córas oideachais agus foghlaim na teanga) agus dearúd a dhéanamh ar chearta mhuintir na Gaeltachta a chomhlíonadh nó a thuiscint. Tá obair fós le deineamh sa ghort seo is cinnte chun an dá rud seo a scoilt agus a fhorbairt chomhthreomhar lena chéile.

Is í Roinn na Gaeltachta a thugann maoiniú agus atá i gceannas ar an bPróiseas Pleanála Teanga ó dheas in Éirinn. Tarmligtear na dualgaisí ansan go dtí Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cén catagóir pleanála teanga atá ann. Fós féinig, is í an Roinn atá freagrach as athbhreithniú na bpleananna teanga, cúram a bhí scríte sa reachtaíocht a tharlódh tar éis 3 mbliana agus 6 mbliana do shaolré na bPleananna Teanga, a bhfuil tréimhse 7 mbliana tugtha dóibh.

Ag am a scríofa, tá na hOifigigh Pleanála Teanga fós ag fanacht ar theoir nó coiníollacha ón Roinn maidir le critéir samplach na monatóireachta seo. I gceantracha áirithe, tá 5 bliana go leith caite ar fheidhmniú an phlean teanga, gan aon radharc ar théarmaí nó coiníollacha nó creatlaigh athbhreithnithe ón Roinn. Bheadh sé seo ana áisiúil dóibh siúd atá ag cur na bPleananna Teanga i bhfeidhm.

Mar sin, is gá creatlach na monatóireachta nó an athbhreithnithe a bheith socraithe gan aon mhoill. Bheadh gá ag aon OPT fhios a bheith acu cad is brí le “cur i bheidhm ráthúil an phlean” sara dtugann siad fé. Ní chuirfeá ceist ar dalta Ardteiste scrúdú Stáit a shuí gan bréagscrúdú a thaispeáint dóibh. Cosúil leis an scrúdú tiomána, bíonn fhios agat cad leis a mbíonn an scrúdaitheoir ag féachaint amach dó.

Ní mór go mbeidh seo curtha ina cheart má táthar dáiríre fé spriocanna na bPleananna Teanga a bhaint amach. Agus seo déanta ag an Stát, beifear in ann cur leis na mianta atá ann don bPleanáil Teanga taobh istigh don struchtúr atá ann cheanna féin, agus fís cheart a fhorbairt i dtaobh Phlean Teana Náisiúnta atá céimniúil agus réalaíoch.

Dúshláin

Ní gan dua ná dúshlán a bhíonn an phleanáil teanga gan amhras. Tuigtear dúinn go bhfuil gá le struchtúr na pleanála teanga a fheabhsú, i dtaobh feidhmniú agus feasachta de. Ceaptar i gcónaí go bhfuil míthuiscintí móra ann maidir le ról na nOifigeach Pleanála Teanga, agus go bhfuil ualach róthrom á chur ar dhaoine aonaracha, coistí deonacha agus pobail teanga a bhíonn go mór fé chois mar atá. Braitheann an méid a thiteann amach fé’n bpleanáil teanga go mór ar an gcomhthéacs áitiúil is cosúil.

Bítear ag cuimhneamh ar an gcur chuige is fearr don bpleanáil: conas is fearr gur féidir an pobal ar fad a tharrac isteach san iarracht pleanála teanga? Cad é ról ceart an Oifigigh Phleanála Teanga? Is coincheap oibre nua go maith é seo, atá á fhorbairt an t-am ar fad. Obair fhadthréimhse chomh maith is ea í, agus bíonn sé deacair go maith torthaí gearrthéarmacha a mheas i gceart ó am go céile.

Mar a bhíonn le postanna eile, bíonn Oifigigh Pleanála Teanga ag éirí as a ndualgaisí, agus thuigfeá dóibh. Is dúshlánach, éagsúil agus leathan an ról é, agus ní mór an phearsantacht a bheith agat agus an fonn a bheith ort bheith ag plé le gach aon rud sa phobal i dtaobh cur chun cinn na Gaelainne. Obair gur féidir a bheith casta nuair atánn tú ag brath ana mhór ar dhea-thoil agus ar dhaoine eile a gcuid a dhéanamh sa phobal gan dabht.

Chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá éirithe as chomh maith, agus daoine iontacha cumasacha ana chuid acu, tagann deiseanna eile aníos chomh maith. Athraítear tosaíochtaí i saolta daoine, bogann siad nó lorgaíonn siad dúshláin eile gan dabht. Saghas gairm a bhíonn ann leis an bPleanáil Teanga, ach is ceart breis tacaíochta a bheith curtha ar fáil dos na daoine sa ghort seo chun iad a choimeád go cinnte. Ó thosnaíosas an ról in 2019 fiú, taimid tar éis triúr difriúil a bheith againn mar Aire Stáit na Gaeltachta.

Ní conradh bun fadsaoil a bhíonn sa ról seo ach oiread, ach cúpla bliain, mar sin forbrófar roinnt des na coiníollacha oibre amach anseo is cinnte. Bíonn sé tabhachtach pé scéal go mbíonn leanúnachas sa phróiseas nuair atá tús curtha leis an bhfeidhmniú ar an bPlean Teanga; ná caillfí misneach an phobail agus go gcothófar na hiarrachtaí a bhíonn ar bun ag Oifigigh Pleanála Teanga.

Cé go gceaptar go bhfuil dualgas mór curtha ar na hOifigigh Pleanála Teanga, níl iontu ach daoine atá fostaithe chun Plean Teanga a fheidhmniú; Pleananna atá reamhaontaithe leis an Stát agus leis an bpobal lena mbaineann siad, taobh istigh de limistéar tíreolaíoch agus achar ama. Bíonn na hOifigigh srianta leis na coiníollacha céanna oibre agus acmhainní daonna a bhíonn ar gach éinne. Ní fhéadfaí bheith ag súil go dtabharfaidh an tOifigeach fé na haon rud leo féin, nó go mbainfear míorúiltí amach. Níl le deineamh ach tabhairt fés na bearta atá sa Phlean agus le fiescint conas atá ag éirí leo.

Tá cúpla lúb ar lár maidir leis an bPróiseas go fóill ón gcéad lá. Mar shampla, ceadaíodh pleananna teanga áirithe agus ansan ina dhiaidh fuaireadh amach nach raibh cead roinnt des na bearta a bhaint amach, nó go raibh níos lú airgid nó daoine le dul go háiteanna áirithe. Bhí 6 le ceapadh chun Plean Teanga Chiarraí Thiar a bhaint amach ar an gcéad lá, mar shampla, ach ní ceadaíodh ach 2 ar deireadh.

Tá structúr na pleanála teangan le teacht ón mbonn aníos, agus ón mbarr anuas - ach muna dtagann cabhair nó fís ón mbarr anuas, cá bhfágfar na hiarrachtaí áitiúla ar an dtalamh? Ar an dtráigh bháin aríst. Tá gá le hairrachtaí náisiúnta comhtháite nó beidh orainn an cheist a chur: cá bhfuil ár dtriail? Tugtar fé lárnú ar bonn Stáit, rud nach dtugann le fios an firic go bhfuil gach ceantar Gaeltachta éagsúil óna chéile. Cuirtear eagraíochtaí áirithe i gceannas ar réimsí áirithe, ag déanamh dearúd nach eagraíochtaí náisiúnta iad, nó ná bhfuil an scóip acu freastal ar na haon áit féna chúram.

I dtaobh feasachta de, is dócha gur beag duine taobh amuigh den nGaeltacht go bhfuil fhios acu go bhfuil a leithéid de phróiseas pleanála teanga i bhfeidhm in Éirinn. Is ceart aghaidh a thabhairt air seo, leis na heagraíochtaí Gaelainne náisiúnta ar fad, chun go mbeadh na héinne aontaithe i leith an ré nua seo leis an bpleanáil teanga ar oileán na hÉireann, agus go dtuigfeadh gach aon duine sa tír seo go bhfuil an caidreamh náisiúnta leis an dteanga náisiúnta le hathrú agus le feabhsú againn mar náisiún.

Is féidir Tobar Dhuibhne a leanúint ar Instagram, FacebookB, TikTok nó Twitter. Tá Nuachtlitir agus Suíomh Idirlíon acu - tá na nascanna ar fad thíos: https://linktr.ee/TobarDhuibhne

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|