Nuacht

An Ghaeltacht – Cothrom na Féinne

Tithíocht, tionscadal na gColáistí Samhraidh agus Pleanáil Teanga (1/2)
An Ghaeltacht – Cothrom na Féinne

I bhfianaise an mheatha shubstaintiúil agus an creimeadh atá tagtha ar cheantracha traidisiúnta Gaeltachta ó bunaíodh an Stát ó dheas in Éirinn, is léir don saol Fódlach go bhfuil géarchéim teangan i réim ar oileán na tíre seo.

Is firic í seo nach féidir a shéanadh, a chur ar an méar fhada, nó neamhaird a thabhairt uirthi a thuilleadh. Titim i líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne go príomhdha atá le háireamh againn le 100 bliain, agus tá mórán cúisithe leis seo: brú an Bhéarla ó institúidí an Stáit agus sochaí na tíre; neamhshuim, eapsa cúraim agus airde ó lucht eagair agus riartha na tíre ar phobail labhartha Gaelainne, atá den gcuid is mó fos ar nós cuma liom; agus iarsmaí iarchoilíneachais eile a chuireann ina luí ar cheatadán beag daoine nach fiú faic na ngrást an Ghaelainn mar theanga.

Agus an fhadhb so aitheanta go forleathan, is mithid don Stát an éigeartas teangan seo a leigheas agus an stádas teanga atá i reim ar an oileán seo a chur ina cheart. Tá cúpla gníomh go bhféadfaí a dhéanamh go hana-éasca, le beartais teangan nua ag teastáil chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin seo. Mar sinn is iad:

  1. Tithíocht do mhuintir na Gaeltachta
  2. Na Colaistí Samhraidh
  3. An Próiseas Pleanála Teanga

na priarachtaí go bhféadfadh an Stát oibriú orthu. An tsnáthaid choiteann idir na haon phiosa ná go bhfuil an plé déanta, tá an taighde scagtha agus tá na fadhbanna aitheanta – is mithid gníomhú orthu anois agus le teacht an chrú ar an dtáirne.

Ós gur alt don nDream Dearg é seo, is cuí a luadh gur mór an spreagadh gur a bhainfidh muintir na Gaeltachta ós na gluaisteachtaí ceannródaíocha atá léirithe sa Tuaisceart. Agus gan dabht is cóir an t-aitheantas céanna agus stádas oifigiúil a bhronnadh ar limistéir labhairt na Gaelainne sna Sé Chontae amhail Carn Tóchair, Iarthar Bhéal Feirste agus mar sin de i dtaobh stádas Gaeltachta ar bhonn uile-oileánda.

Tithíocht

‘Sé ceann des na fadhbanna is suntaisí atá ag cur isteacht ar inmharthanacht pobalteanga na Gaelainne ná an loit atá á déanamh ar na ceantracha Gaeltachta i dtaobh tithíochta de. Toisc an t-éileamh a bhí ar thithe saoire cois cósta, agus an t-éileamh breise a d’eascair ón bhfonn ar fháinleoga maoin cónaithe a bheith acu i gceantracha Gaeltachta speisialta, is ar éigin go bhfuil bothán feirme nó fothrach fánach fágtha i gCorca Dhuibhne le ceannach ar aon phraghas réasúnta.

Bíonn deacrachtaí ana mhór ag cosmhuintir na háite cead pleanála a fháilt toisc an ró-thógáil a ceadaíodh sna bailte fearainn céanna ag Comhairlí Contae roimis san. In ionad tuiscint ar an dtábhacht atá ann go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann maireachtaint ina mbailte féin, cuirtear píonos orthu agus moltar dóibh bogadh isteach go hárasáin i mbailte eile thuas fé’n dtír. Agus cead pleanála á lorg ag daoine i gCiarraí, ní bhíonn fiú ceist curtha sna cáipéisí réamhphleanála má tá nó muna bhfuil Gaelainn acu.

Tá an t-easnamh seo ana dhíobháileach go deimhin do cheantar le timpeallacht teanga atá go mór fé bhrú, ach go háirithe sa chomhthéacs is go dtuigimid an drochthionchar a d’fheadfadh a bheith ag duine amháin gan Ghaelainn i gcomhluadar daoine eile.

Gan dabht, tá ana chuid do seo ag dul in olcas comhthreomhar leis an ngéarchéim éigeandála tithíochta atá ag réabadh na tíre le deich mbliana anuas, ach le súil ar leith ar an nGaeltacht, is léir go mbuailtear i bhfad níos measa na háiteanna seo; áiteanna nach bhfuil aitheantas ceart tugtha dóibh mar limisitéir ina bhfuil an timpeallacht teangan thar a bheith leochaileach. Sop in áit na scuaibe a fhaightear nuair a éilitear cabhair. Tacaíocht agus treoir a theastaíonn i dtaobh na tithíochta, ach baothchaint agus béalghrá a thagann chugainn.

Tá 42% des na tithe i gCorca Dhuibhne ina dtithe saoire nó folamh, a tuairscítear i bPlean Teanga Chiarraí Thiar. Tá paróistí agus bailte fearainn áirithe ina bhfuil suas le 72% des na tithe folamh fórmhor na bliana. Bíonn an Rialtas agus na Rannta Stáit éagsúla ag cuimilt na ceiste seo is ag seachaint a gcuid dualgaisí, ach ag geallúint go dtiocfaidh feabhas air ach ag cur leis an moilleadóireacht lá i ndiaidh lae.

Maítear go bhfuil treoir ag teacht ó dhlí na Eorpa agus ó údaráisí eile nach féidir eisceacht a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta sa chás seo, ach dar le taighde a choimisiúnaigh Tobar Dhuibhne, is é tuairim na saineolaithe ná gur féidir stádas speisialta ar bhonn teanga a bhronnadh ar mhuintir na Gaeltachta go bog i gcásanna cead pleanála. Chuige sin, moltar dlí na hÉireann a leasú ina leith.

Tá pobail na Gaeltachta ag fanacht le trí bliana ar threoirlínte agus polasaí náisiúnta tithíochta don nGaeltachta ina thaobh, ach ag am a scríofa, ní raibh a leithéid foilsithe go fóill. Ní mór a thuiscint chomh maith go bhfuil an próifíl aoise agus pobal na Gaeltachta go mór ag athrú. De réir taighde a deineadh ar Chorca Dhuibhne, mar shampla, tá 5% níos lú daoine óga sa cheantar seo ná mar atá ar an meán sa tír ar fad. Caithfear spás a chruthú don gcéad ghlúin eile sa Ghaeltacht nó ní bheidh daoine ann sna blianta romhainn. Muna bhfuil pobal ann ní fhéadfaí pobal labhartha teangan a bheith ann.

Coláistí Samhraidh

Tionscadal é earnáil na gColáistí Samhraidh atá tar eis na milliúin euro a chur i dtaisce i gceantracha Gaeltachta leis na blianta fada siar, agus tairbhe fíorluachmhar bainte as ag uimhir do-áirithe daoine óga agus fásta ar oileán na hÉireann. Faraor géar, tá treocht ana dháinséireach tar éis teacht chun solais maidir le tionscadal na gColáistí Samhraidh ar fuaid na hÉireann. Tá Coláistí áirithe i mbaol a ndúnta toisc maorlathachas, an titim in uimhir na mban nó bhfear tí agus costaisí breise atá ar Choláistí le blianta beaga anuas. Cruthaíodh iliomad fadhbanna le teach an víris chorónaigh leis, mar bharr ar an ndonas.

Cítear go bhfuil deacracht ana mhór ar Choláistí teaghlaigh a mhealladh chun scoláirí a choiméad ina dtithe. Níl an oiread céanna daoine óga ag titim isteach sa chúram mar a bhíodh, ach tá go leor daoine tar éis titim amach as an gcóras, go háirithe ó tháinig an phaindéim chugainn. Cé gur post pléisiúrtha é, deintear cur síos ar na dúshláin ar fad a ghabhann leis: bíonn ualach cúraimí i gceist leis; níl aon chosaint fostaíochta i gceist leis ná pinsean; toisc an fhairsingeacht oibre a bhaineann leis chomh maith, caithfear a fhiafraí an bhfuil an pá cuí? Is cinnte ó scéalta na mban tí a chlos nach bhfuil an cúram chomh tarraingteach is a bhí. De réir taighde a dhein Coláistí Chorca Dhuibhne anuraidh, beidh 59% de mhnáibh agus fearaibh tí ag Colaistí Chorca Dhuibhne in aois éirí as i gceann dhá bliana, rud a chuirfeadh an tionscadal i gCorca Dhuibhne go mór i mbaol.

Tá luach dochreidte ag baint le Coláistí Samhraidh don dtír ar fad, dos na ceantracha Gaeltachta agus do mheon náisiúinta na tíre i dtaobh úsáid agus labhairt na Gaelainne. Níl aon rud mar é ar domhan, go mbíonn teaghlaigh ag oscailt a ndoirse agus a dtithe, ag cur fáilte roimh scoláirí ar feadh tréimhsí structúrtha gach bliain. Tuigimid an tairbhe a bhaintear as na Colaistí Samhraidh: don té a fhoghlaimíonn, don eacnamaíocht áitiúil, agus gan dabht, go bhfuil luach agus gá cruthaithe timpeall ar an nGaelainn a úsáid. Tá sé cruthaithe aríst agus aríst eile go bhfuil fíorthábhacht leis an dteagmháil a bhíonn ag daoine óga leis an nGaelainn sa chomhthéacs seo. Cuireann sé leis an dtuiscint agus an meas a bhíonn acu ar príomhtheanga oifigiúil an dhá chontae is tríocha, agus a gcumas dan dabht. Is pointe i saol an duine ana mhór an Coláiste Samhraidh, nó linguistic mudes, mar a chuireann John Walsh agus acadóirí eile air.

B’ait leat cuimhneamh go bhfuil rud chomh luachmhar atá chomh mór ar leas an phobail fágtha fé eagraíochtaí áitiúla agus gnónna príobháideacha le rith. Leis an méid sin Coláistí Samhraidh tar éis dúnadh ó aimsir na paindéime (agus roimis san fiú amháin), cheapfá go mbeadh sé mar chuspóir tosaigh ag Rannta Stáit a leithéid d’earnáil uathúil a choimeád ar oscailt agus a láidiriú. Ní mar sin atá sé, faraor, agus cur síos laissez-faire ar na hiarrachtaí seo ón Rialtas.

Níl am do bhreis taighde agus tascghrúpaí gan dealramh: is mithid gníomhú chun cothrom na Féinne a thabhairt dos na daoine agus a ceantracha a bhíonn ag brath ar na Coláistí Samhraidh.

Pleanáil Teanga

Tá ré nua le braistint san aer i dtaobh na Gaelainne ar an oileán seo – tá gach éinne á rá, idir óg agus aosta. Táimid ag teacht chugainn féin mar thír, agus ag iarraidh spás níos lárnaí agus níos láidre a chruthú don nGaelainn mar chuid d’ár bhféiniúlacht agus d’ár saol. Anois an t-am an deis a thapú agus an obair mhór a dhéanamh, ach tá gá le comhtháthú agus ceannaireacht láidir Stáit.

Le hAcht na Gaeltachta, 2012, tugadh isteach creatlach don bPróiseas Pleanála Teanga ar bhonn uile-oileánda. Bíonn Oifigigh Pleanála Teanga fostaithe chun Pleananna Teanga a fheidhmniú; pleananna a bhíonn scríte agus aontaithe ag an bpobal áitiúil agus ag an Stát. Tá Pleananna Teanga anois á bhfeidmniú i gceantracha Gaeltachta (Limisteir Pleanála Teanga) cosúil le Múscraí, Inis Mór, Ráth Chairn & Baile Ghib agus Cloich Cheann Fhaola. Cífimid Pleananna Teangan ullmhaithe agus á bhfeidhmniú i mBailte Seirbhíse Gaeltacht leis ar an gClochán Liath, i nDaingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn. An triú catagóir den bpleanáil teanga ná na Líonraí Gaeilge, sé sin áiteanna le pobal taobh amuigh den nGaeltacht gur mhaith leo tabhairt fé phleanáil teanga: Iarthar Bhéal Feirste, Carn Tóchair agus Cluain Dolcáin in Átha Cliath, mar shampla.

Tá 5 bliana ann ó cuireadh tús le feidhmniú roinnt des na pleananna teanga ar an gcéad lá. Tá ana chuid tar éis titim amach ó shin, agus mórán ceachtanna le foghlaim, le bailiú agus le húsáid mar dheachleachtas. Tá gníomhaíochtaí áirithe trialltha agus anois tá ‘fhios againn cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn i gcúinsí áirithe. Luafar anseo go hachomair roinnt des na moltaí praiticiúla a bheadh ann do dhreamanna a bheadh ag tosnú amach ar an bpleanáil teanga anois.

  • Is fiú go mór stádas na teanga sa cheantar a láidiriú slí amháin nó slí eile. Má chruthaítear gá don dteanga, bainfear úsáid aisti. Cuireann seo go mór le luach na teanga a bheith agat, a chabhraíonn le infheiceálacht, feasacht agus labhairt na teangan. Eascraítear tuilleadh Gaelainne as seo, agus leis sin, gá le jabanna do dhaoine le Gaelainn, mar sin breis airgid agus fostaíochta don bpobal Gaeltachta chomh maith céanna.
  • Ní mór a bheith cáiréiseach maidir le cumasú agus misniú an phobail. Bíonn an difear idir comhoibriú cuí agus rannpháirtíocht ghníomhach an phobail ana thábhachtach, agus beifear i gcónaí ag iarraidh tacú leis an bpobal tacú leo féin. Más féidir ceannairí sa phobal a aimsiú agus a thabhairt isteach an cúram – ceannairí óga ach go háirithe – chabhródh san go mór leis an bpróiseas.
  • Is fiú a bheith dearfach i gcónaí agus béim a chur ar dheiseanna agus ar imeachtaí tarraingteacha pléisiúrtha – is beag duine go dtarraingeofá leat ag díriú ar fhadhbanna síoraí seasta nó ag cáineadh rudaí. Bíonn sin ag teastáilt ó am go céile chomh maith, gan dabht, agus díospóireachtaí agus aighneachtaí struchtúrtha á meá agat.
  • Déarfadh aon Oifigeach Pleanála Teanga leat gur gréasánaíocht amhail innealtóireacht shóisialta a bhíonn i gceist le daoine a thabhairt le chéile. Caithfear a bheith ana shoiléir gur imeachtaí Gaelainne a bhíonn á n-eagrú agat, nó ana dhílis do chur chuige ceart dhátheangach (gan a bheith claonta i dtreo órnáideachais an chúpla focal ansan is ansiúd, ach gan an rud a bheith 50/50 sa dá theanga.). Aon úsáid Gaelainne a bhíonn agat ag na rudaí seo, is ardú feasachta é, agus treisíonn sé leis an ngá a bhíonn ann do dhaoine an Ghaelainn a bheith acu sa cheantar san.

Samplaí na pleanála teanga

Is scóip oibre fíorleathan í an phleanáil teanga, agus réimsí nach bhféadfadh le haon duine aonarach ar fad a chlúdach. Bíodh sin mar atá, bíonn teidil áirithe sna Pleananna Teanga ar fad: teaghlach; óige; oideachas; gnó; spórt agus caitheamh aimsire; an Stát; na meáin; eagraíocht pobail; deiseanna foghlama Gaelainne, srl. Dírítear ana chuid i gCorca Dhuibhne ar dhaoine óga, chun tábhacht na Gaelainne a chur ina luí orthu agus chun iad a mhisniú bheith ina gcainteoirí Gaelainne láidre amach anseo. Anuraidh, dhírigh Tobar Dhuibhne ana mhór ar thuismitheoirí agus ar dhéagóirí mar ghrúpaí gur theastaigh uainn oibriú leo. Anuas ar shéisiúin chainte “Gaelainn do Thuismitheoirí”, d’fhorbraíomar Leabhrán na dTuismitheoirí a chuir nathanna cainte i láthair i bhfoirm digitigh agus físe do dhaoine, agus dhearamar “Clocha Míle” - cártaí do thuismitheoirí le leanaí nuashaolaithe.

Bhíomar gníomhach go maith le déagóirí chomh maith, ag táthant orthu bheith gníomhach sa phobal agus ar scoil i dtaobh cur chun cinn na Gaelainne. Bhí coiste pleanála teanga curtha le chéile sa mheánscoil áitiúil, duaiseanna aitheantais bronnta ar cheannairí óga, bhunaíomar Cumann na nÓg, sraith imeachtaí do dhaoine óga ar bonn seachtainiúil, thacaíomar leis na Clubanna Óige sa dúthaigh chomh maith agus imeachtaí Gaelainne cosúil le oíche rapála a dhéanamh leo.

Chuireamar borradh fés na himeachtaí sóisialta míosúla a bhí ar bun againn le Dúchas an Daingin chomh maith, agus ócáidí nuálacha eagraithe againn ar nós Ardán Oscailte, Péint is Prosecco, Turasanna Báid timpeall Dhún Chaoin is ar an mBlascaod, Siúlóidí, Grúpaí Sodair, Oícheanta Bothántaíochta, srl. Tugann a leithéid deis do fheabhsaitheoirí agus cainteoirí líofa Gelainne measctha le chéile agus gréasán tacaíochtaíochta agus úsáide a leathnú amach i slí ana réidhchúiseach.

Bíonn ana chomhoibriú idir na hOifigigh Pleanála Teanga, agus tá gréasán láidir againn ann i dtaobh feachtasaíochtaí, tograí comónta agus éilimh a dhéanamh nuair is gá. i dteannta a chéile is fearr sinn go deimhin, agus bímid i gcónaí ag foghlaim óna chéile agus ag roinnt deachleachtais chomh maith.

Déanfar plé sa chéad alt eile ar ról an stáit agus na dúshláin atá fós le sátú sa phróiseas pleanála teanga. Idir an dá linn, is féidir Tobar Dhuibhne a leanúint ar Instagram, Facebook, TikTok nó Twitter. Tá nuachtlitir agus suíomh idirlín acu agus tá na nascanna dóibh seo ar fad ar fáil anseo.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|