Nuacht

Ag coinneáil an traidisiúin bheo le Gaelphobal Ard Mhacha Theas

Tá Ard Mhacha Theas suite i gcroílár an cheantair mhór, ársa Oirialla, a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar na naisc láidre atá ag an cheantar le ceol, filíocht, stair, oidhreacht na tíre agus teanga.
Ag coinneáil an traidisiúin bheo le Gaelphobal Ard Mhacha Theas

Bunaíodh Gaelphobal Ard Mhacha Theas (GPAMT) in 2016 leis an Ghaeilge a spreagadh i ndeisceart Ard Mhacha, le deiseanna a thabhairt do phobal na Gaeilge theacht le chéile chun an teanga a labhairt agus chun deiseanna foghlama a chur ar fáil do ghlantosaitheoirí. Tháining grúpa de Ghaeilgeoirí áitúla le chéile in 2016 chun coiste a bhunú, le cur leis an obair a bhí ar bun ag daoine sa cheantar cheana féin agus chun líonra cuimsitheach Gaeilge a chruthú sa cheantar.

Ó 2016 ar aghaidh, d’eagraigh GPAMT cuid mhór imeachtaí, go háirithe le linn na paindéime, ar nós ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus ‘Féile Sean-nós Ard Mhacha Theas’. Ceapadh Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ag tús na bliana 2022, céim a bhí thar a bheith suntasach óir gurb ionann sin agus an chéad oifigeach i nDeisceart Ard Mhacha ariamh. Ó shin i leith, tá Gaelphobal Ard Mhacha Theas ag obair go dícheallach chun ár bplean oibre a leagan síos agus a chomhlíonadh.

Mar chuid den fhís fhádtéarmach a bhí againn, bheartaigh muid tabhairt faoi shuíomh úr a thógáil agus a dhearadh le go mbeadh spás úr agus láithreacht dhigiteach agus muid ag freastal ar riachtanais an phobail áitiúla. Is údar mór bróid é gur fíoraíodh an fhís seo nuair a sheol muid www.ardmhachatheas.com mar chuid de Scoil Gheimhridh MJ Murphy i mí na Samhna seo caite.

D’aithin muid go raibh suíomh idirlín ar na gnéithe ba thábhachtaí agus muid ag iarraidh líonra cuimsitheach Gaeilge a chruthú i nDeisceart Ard Mhacha. Chuige sin, feidhmíonn an suíomh mar lárphointe eolais; is féidir giota níos mó a fháil amach faoi aidhmeanna, scéimeanna agus obair Ghaelphobal Ard Mhacha Theas, na ranganna agus na himeachtaí a chuirimid ar fáil, mar aon leis an chlár cuimsitheach imeachtaí a chuireann muid ar fáil.

Tá rannóg nuachta ar an suíomh chomh maith a thugann léargas ar mhórscéalta náisiúnta na Gaeilge, agus a thugann deis d’úsáideoirí coinneáil suas leis an nuacht áitiúil, mar shampla an rath a bhí ag muintir Dheisceart Ard Mhacha ag Oireachtas na Samhna agus Scór Sinsir na hÉireann. .

Ba mhaith linn go bhfeidhmneoidh an suíomh mar chroí-áit don Ghaeilge sa cheantar áitiúil; go mbeadh an t-eolas ar fad faoin Ghaeilge agus faoi phobal na Gaeilge in aon áit amháin agus go mbeadh an an suíomh aitheanta mar achmhainn pobail don cheantar trí chéile.

Tá Ard Mhacha Theas suite i gcroílár an cheantair mhór, ársa Oirialla, a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar na naisc láidre atá ag an cheantar le ceol, filíocht, stair, oidhreacht na tíre agus teanga. Chuige sin, bhí sé thar a bheith tábhachtach dúinn go mbeadh an chartlann d’amhráin áitiúla lárnach ar an suíomh. Tá breis is 70 físeáin amhranaíochta á n-ostú againn ar an suóomh faoi láthair atá thar a bheith úsáideach do dhuine ar bith a bhfuil suim acu san amhranaíocht thraidisiúnta, nó ar suim leo na hamhráin náisiúnta a fhoghlaim.

Níorbh ann d’áis mar seo sular thóg muid an suíomh, agus beidh muid ábalta tógáil air bliain i ndiaidh bliana chun cinntiú go maireann agus go dtréisítear an traidisiún láidir. Cheana féin, tá an ceol traidisiúnta sa cheantar ag dul ó neart go neart agus tá seo le sonrú inár gciorcal amhránaíochta dátheangach, Glórtha gCuilinn, atá ar siúl againn gach mí.

Tá neart ábhar ann cheana féin ar nós bailiúchán d’fhilíocht, filí, foilseacháin áitiúla agus béaloideas Dheisceart Ard Mhacha. Cé gur seoladh an suíomh i mí na Samhna seo caite, tá muid i gcónaí ag iarraidh uasdátú a dhéanamh air agus é a fhorbairt; má tá ábhar nó moltaí ar bith agat a shíleann tú gur ceart a bheadh ar fáil sa bhailiúchán, is féidir teagmháil a dhéanamh le gaeilge.ardmhachatheas@gmail.com.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|