Nuacht

Cúis na Gaeilge: Cás an leoin agus na luiche

Leoga, beag beann ar an reachtaíocht agus dlíthe ar cuireadh i bhfeidhm anseo in Éirinn, tá constaic mhór eile romhainn nach rialtais na tíre seo nó rialtais na Breataine í go fiú. Is é sin na meicníochtaí cabhracha atá ar fáil dúinn go hidirnáisiúnta.
Cúis na Gaeilge: Cás an leoin agus na luiche

Sonraíodh le fada an lá go raibh agus go bhfuil mol mór constaicí roimh an fheachtas le hathbheochan a dhéanamh ar an Ghaeilge. Is streachailt stairiúil í a théann siar chomh fada le 1366 nuair a cuireadh Reachtaíocht Chill Cheannaigh i bhfeidhm ag Lionel den Antuairp, an tríú mhac de chuid Rí Eadbhárd III. Mhothaigh Lionel go raibh sé dodhéanta an chos a chur ar bholg na nGael, mar sin, chuir sé an reachtaíocht seo i bhfeidhm le cosc a chur ar dhiaspóra Sasanach in Éirinn cultúr na nGael a thabhairt orthu féin;

‘If any man took a name after the Irish fashion, used the Irish language, or dress, or mode of riding (without saddle), or adopted any other Irish customs, all his lands and houses were forfeited, and he himself was put into jail till he could find security that he would comply with the law’.

Tá litríocht fhairsing scríofa fá thionchar na bPéindlíthe agus ar an Acht um Riar an Chirt (1737) ar aistriú teanga anseo in Éirinn agus is dúshlán ollmhór atá romhainn ar fad é le haisiompú teanga a dhéanamh. Leoga, beag beann ar an reachtaíocht agus dlíthe ar cuireadh i bhfeidhm anseo in Éirinn, tá constaic mhór eile romhainn nach rialtais na tíre seo nó rialtais na Breataine í go fiú. Is iad sin na meicníochtaí cabhracha atá ar fáil dúinn go hidirnáisiúnta.

Tá bunchlocha ár bhfeachtais bunaithe go mór ar na treoir dea-chleachtais atá foilsithe ag Comhairle na hEorpa, ach go háirithe An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bíodh is go bhfuil tionchar mór ag Comhairle na hEorpa ar roinnt tíortha faoina dlínse nó a údarás, ní hionann sin le rá go bhfuil siad in ann réiteach a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

De ghnáth, thagadh Coiste na Saineolaithe ar an Chairt le chéile ar bhonn timthriallach, le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Stát maidir leis an dul chun cinn atá déanta acu ó thaobh dualgais s’acu a chomhlíonadh agus na treoir dea-chleachtais agus moltaí an choiste a chur i bhfeidhm. Áfach, toisc nach raibh an Feidhmeannas á fheidhmiú ar feadh roinnt blianta, ní raibh an coiste in ann an ghné seo dá phost a chomhlíonadh. Chuige sin, bíodh is go ndearna siad roinnt fiosrúcháin, ní hionann sin le rá go bhfuil ar an rialtas glacadh le moltaí s’acu.

Tchímid arís eile ceann de na dúshláin ba mhó agus b’ársa atá romhainn mar gheall air seo. Tá an mheicníocht seo ag brath barraíocht ar chomhoibriú intíreach an stáit. Dár ndóighe, ciallaíonn seo go bhfuil an chumhacht uilig i lámha na n-údarás, na daoine atá ag tabhairt faoin chos ar bholg le breis is ocht gcéad bliain. Mar sin féin, an bhfuil feidhm ar bith ag an Chairt seo maidir le hathbheochan na Gaeilge, nó go fiú i dtreo reachtaíocht teanga a bhaint amach? Tá sé doiligh freagra a thabhairt ar an cheist seo. Leoga, is soiléir dom go gcuireann an easpa cumhachta dlíthiúla atá ag an Chomhairle bac orthu an Chairt a chur i bhfeidhm. Lena chois sin, go dtí go bhfuil siad in ann teacht ar réiteach na faidhbe seo, ní bheidh ann sa Chairt ach treoirlínte dea-chleachtais go deo, in ionad uirlis atá ar fáil do ghrúpaí teangacha mionlaigh chun leas a bhaint aisti le spriocanna agus cearta s’acu a bhaint amach.

Thiocfadh an argóint a dhéanamh go gcuireann an Chairt le láidreacht an fheachtais agus na spriocanna atá uainn, áfach, measaim féin nach bhfuil tuairimí seachtracha de dhíth chun dhearbhú a thabhairt do streachailt na Gaeilge. Sin ráite, cé nár chóir go mbeadh dearbhú seachtrach de dhíth ag streachailt na Gaeilge, is cinnte go bhfuil sé ina chuidiú mhór agus muid ag plé le lucht na bhfreasúrachta don teanga. Is amhlaidh go gcuireann sé brú ar leith ar rialtas na Breataine teacht ar réiteach ar fhadhbanna teanga, mar atá feicthe againnenuair a ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga in ainneoin freasúracht an Fheidhmeannais anseo ó Thuaidh.

Ardaíonn seo ceist níos leithne – go hidirnáisiúnta – fá chearta teangacha mionlaigh, agus an chosaint atá ar fáil dóibh. Is cinnte nach bhfuil sé láidir go leor tabhairt faoi na fadhbanna atá os ár gcomhair, ach an bhfuil maitheas ann ar fad mar gheall ar an bhunchloch a chuireann sé ar fáil dúinn atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus an brú a chuireann sé ar stáit a bheith ag gníomhú ar ár son? Sílim féin gur chóir dúinn leas a bhaint as na meicníochtaí seo gan aon dabht, agus cibé meicníocht eile atá ar fáil dúinn, ach nár chóir dúinn a bheith ag breathnú go huile is go hiomlán ar bhuíon nó pobal ar bith eile spriocanna s’againne a bhaint amach dúinne. Is cinnte nach bhfuil sin á dhéanamh, agus tugann sé dóchas dom i dtólamh le grúpaí pobail agus daonna mar aon le Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg atá chomh cumasach sin ag tabhairt faoin chath fad troidte seo.

Caithfidh muid a bheith airdeallach agus bródúil faoin ghluaiseacht atá curtha ar bun againn anseo in Éirinn, ach go hairithe sna sé chondae. In ainneoin freasúracht na n-údarás, tá buanna bainte amach againne mar phobal nach bhfuil Comhairle na hEorpa iad féin in ann a bhaint amach. Caithfidh muid a bheith réadúil fosta faoin méid atá bainte amach againne agus an dóigh a raibh muid in ann sin a dhéanamh, gan trácht a dhéanamh ar an obair dheonach agus na mílte uaire feachtasaíochta atá déanta, is sin tríd rannpháirteachas leis an phobal, cumhachtú na ndaoine agus comhoibriú polaitiúil. Mar sin, mar fhocal scoir, bígí dearg agus bígí feargach, go deo!

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|