Nuacht

Féile na Carraige - 10 mbliana ar an fhód

Tá claochlú nach bhfacthas riamh cheana ar phobal Iarthar Bhéal Feirste le deich mbliana anuas agus bhí ról lárnach ag na gníomhaithe agus ag ceannairí óga fuinniúla ó réabhlóid phobail Ghlór na Móna sna hiarrachtaí inspioráideacha seo.
Féile na Carraige - 10 mbliana ar an fhód

Léiríonn Féile na Carraige 2022 pilleadh ar chlár lán d’imeachtaí aghaidh ar aghaidh, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar an deichiú bliain d’Fhéile na Carraige, a seoladh i mBun an Tí, foirgneamh gan aon fhuinneog ag barr na Carraige Báine. Tá claochlú nach bhfacthas riamh cheana ar phobal Iarthar Bhéal Feirste le deich mbliana anuas agus bhí ról lárnach ag na gníomhaithe agus ag ceannairí óga fuinniúla ó réabhlóid phobail Ghlór na Móna sna hiarrachtaí inspioráideacha seo.

Ón lá a d’oscail muid ár n-ionad féin, Gaelionad Mhic Goill in 2016, tá gluaiseacht na teanga ag dul ó neart go neart; le Spórtlann na hÉireann ag oscailt mar chuid d’fhorbairt ilmhilliún Choláiste Feirste agus baile a dhéanamh den chumann nuabhunaithe Gaeilge, CLG Laochra Loch Lao a bhfuil a fhoireann na mban díreach i ndiaidh Craobh Shóisir B Aontroma a bhaint. Ní mór tagairt speisialta a dhéanamh d’fheachtas inspioráideach agus stairiúil a bhí faoi cheannas ghluaiseacht An Dream Dearg le cúig bliana anuas a spreag agus a pholaitigh glúin iomlán daoine óga ar pholaitíocht an phobail - ag eagrú, ag feachtasaíocht na cosmhuintire; agus ar deireadh thiar thall, achtaíodh reachtaíocht Ghaeilge den chéad uair i stair an stáit seo.

Tá pobal Ghlór na Móna sáite san fheachtas seo ón tús i ndiaidh don ÚO ár maoiniú don óige a bhaint go tobann in 2017 nuair a bunaíodh an Dream Dearg. Cuireadh i gcuimhne dúinn an chontúirt a bhaineann le réchúis i mí Eanáir na bliana seo nuair a chuir ÚO in iúl dúinn go gcuirfí deireadh lenár maoiniú óige go léir ag deireadh mhí an Mhárta. D’fhill muid arís ar oideolaíocht thriailte na feachtasaíochta faoi stiúir na n-óg a spreag pobal Iarthar Bhéal Feirste agus ár n-ionadaithe polaitiúla tofa chun an dúshlán seo a thabhairt.

Bhí ár ndaoine óga i gceannas ar chruinnithe agus ar agóidí pobail. Dá thairbhe sin, d’éirigh leis na daoine óga bua bliana a bhaint amach dár seirbhísí óige. Cé gur réiteach sealadach atá ann, tá struchtúir as dáta an leithcheala i gcórais agus i struchtúir nuachoilíneacha a ndéantar cur síos cumhachtach orthu sa tuairisc a rinne an Dr Robbie McVeigh ar oideachas lán-Ghaeilge agus cur i gcrích dualgas reachtúil na Roinne Oideachais le déanaí. Dearbhaíonn fianaise i ndiaidh fianaise go dteipeann orthu siúd a bhfuil cumhacht agus freagracht acu cearta práinneacha agus riachtanais phobal na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann a thuiscint, a chur san áireamh, freastal orthu agus/nó iad a chomhtháthú.

Tá sé mar aidhm ag Féile na Carraige 2022 spás a chruthú dúinn chun smaoineamh ar dhóigheanna ar féidir linn na córais bhriste seo a athchóiriú ó bhonn seachas a bheith ag peataireacht timpeall na n-imill agus muid féin a athmhíniú de shíor do mhaorlathaigh agus státseirbhísigh.

Tá sé mar aidhm ag ár gclár pacáilte imeachtaí lena n-áirítear turais stairiúla, léachtaí agus plé, taispeántais scannáin agus tionscadal agus taighde spás criticiúil a chur ar fáil le haghaidh machnaimh agus claochlú. I measc na n-imeachtaí, beidh:

  • turas reilige le Seán Fennell agus comórtas CLG;
  • seoladh oifigiúil an tionscadail nua ceithre bliana Sólas na nÓg do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise foghlama orthu;
  • seoladh agus plé ar iarphríosúnach poblachtach áitiúil agus dírbheathaisnéis nua Jake Mhic Siacais;
  • plé painéil iontach ar stair fhéinchabhrach Choláiste Feirste ag an am chéanna le comóradh 30 bliain na scoile;
  • caint ar chartlann staire an athar Des Wilson;
  • ceardlann ar logainmneacha Gaeilge agus plé painéil ar ghluaiseacht An Dream Dearg agus neart eile.

Cuireann muid deireadh leis an Fhéile le lón ag tacú le teifigh áitiúla agus lenár nGig na Carraige bliantúil i nGort na Móna CLG a thabharfaidh ardán do cheoltóirí iontacha áitiúla ar nós Brendan ‘Nipper’ Quinn, na píobairí aitheanta John McSherry agus Francis McDermott, an banna ceoil tíre áitiúil, na Hot Whiskeys agus Niamh Nic Ionnrachtaigh agus a cairde.

Tá féile na bliana seo á heagrú ag am nuair atá dóchas mór ann chomh maith le heagla agus le himní nach beag. Tá móiminteam scaipthe do dhíospóireacht bhunreachtúil agus d’athrú in Éirinn comhthreomhar le costas géarchéime maireachtála ag polasaithe eacnamaíochta caipitlíoch corraitheach Liz Truss a dhéanann ‘dúnmharú sóisialta’ chun brabúis a gcomhpháirtithe corparáideacha a ardú.

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an chomhthéacs éiginnte seo, is mian lenár bhFéile tarraingt ar fhocail Naom Chomsky lenár réiteach a neartú: ‘Má ghlacann tú leis nach bhfuil aon dóchas ann, geallann tú nach mbeidh aon dóchas ann. Má ghlacann tú leis go bhfuil tuairim ann don tsaoirse, go bhfuil deiseanna ann rudaí a athrú, tá seans ann gur féidir leat cur le domhan níos fearr. Sin do rogha.’

Tá clár iomlán na Féile ar fáil anseo.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|