Nuacht

Cé hiad Laochra Loch Lao?

D'fhéadfá a rá go raibh na Laochra ag déanamh don Ghaeilge sna sé chontae is a bhí á dhéanamh ag an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ar son na Gaeilge sna Gaeltachtaí.
Cé hiad Laochra Loch Lao?

Tá cumann ann atá suite in Iarthar Bhéal Feirste a léiríonn go díreach dlúthbhaint na teanga le cúrsaí spóirt; ‘s iad Laochra Loch Lao. Bunaíodh an fhoireann mar chomhchumann sa bhliain 2006 leis an aidhm acu aird a dhíriú ar stádas an fheachtais maidir le teanga na Gaeilge, agus chun dlús na ceathrún Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste a ardú.

Bhí an ceantar faoi bhláth cheana i rith na bliana 2006 nuair a aithníodh an Cheathrú Ghaeltachta go hoifigiúil ag Roinn an Chultúir, na hEalaíona agus Fóillíochta. Bhí borradh nach beag fosta faoi chomhlachtaí áitiúla amhail an Chultúrlann Mac Adam Ó Fiach agus Ionadh Uíbh Eachach, ach aithníodh go raibh níos mó arbh fhéidir leis an cheantar a dhéanamh ar son na Gaeilge. Dá bhrí sin, rinneadh moladh go mbunófar comhfhoireann de Ghaeilgeoirí a bhí ag imirt do Chumainn Lúthchleas Gael éagsúla in Iarthar Bhéal Feirste agus go ndéanfar iarratas freastal ar chomórtas peile na Gaeltachta.

Ní mór an tábhacht a bhain le comórtas peile na Gaeltachta mar chéad chluiche na foirne a thabhairt faoi deara; bunaíodh an comórtas seo ag deireadh na 1960í nuair a thug an CLG stádas oifigiúil dó. Bhí seo ag teacht sna sála ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta; bhí an Ghaeilge i mbaol sna Gaeltachtaí, agus bhí sé mar aidhm ag an chomórtas seo an Ghaeilge a neartú trí chomhthacaíocht agus chomhthuiscint na foirne a ghlac páirt. De bharr an chéim shuntasach a ghlac lucht Laochra Loch Lao i dtreo an chomórtais, is cinnte gur léirigh seo a mian tús aite a thabhairt don teanga mar gurbh iad an chéad fhoireann ó na sé chontae a ghlac páirt. D’fhéadfá a rá go raibh na Laochra ag déanamh don Ghaeilge sna sé chontae is a bhí á dhéanamh ag an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ar son na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Thuig an fhoireann a dheacra is a bheadh an bóthar rompu, de bhrí gur coincheap iomlán nua a bhí idir lámha acu. É sin ráite, áfach, thuig siad an tábhacht a bhain leis an fhoireann fosta, mar thogra sochtheangeolaíochta, go háirithe gur léirigh taighde go leanúnach gur ag an aois 16-25 a chailltear an méid is mó cainteoirí.

Bhí tuiscint nach beag fosta ag lucht bunaithe na foirne ar chúrsaí staire in Iarthar Bhéal Feirste, agus ba léir go raibh siad ag iarraidh cultúr na Gaeilge a chuimsiú in éiteas na foirne. Bhí tionchar aige seo ar dhearadh gheansaí na foirne; beartaíodh na dathanna buí agus dubh a úsáid chun nasc a dhéanamh le dathanna fhoireann chontae Aontroma. Bhí siad ag iarraidh nasc a dhéanamh le stair fhilíochta an cheantair, leis an lon dubh, a thagraíonn siar don phíosa filíochta is ársa ar scríobh mBéal Feirste sa 6ú haois, a dhéanann cur síos ar lon dubh ag féachaint amach ar loch Bhéal Feirste.

Ní raibh in easnamh anois ach meanma na foirne, agus glacadh ionsparáid ón stailceoir ocrais, Ciarán Ó Dochartaigh, chun seo a chomhlíonadh. Roghnaíodh ‘lean ar aghaidh’ de bhrí gurb iad seo na focail a nocht sé ar leaba a bháis. Bhí nasc á dhéanamh ag an fhoireann le fréamheacha staire agus polaitiúla an cheantair, ach is cosúil gurb é an nasc is suntasaí a cruthaíodh ná an nasc le foirne éagsúla eile in Iarthar Bhéal Feirste. Ní mór cuimhniú gur comhchumann a bhí i gceist le Laochra Loch Lao, agus go raibh siad ag brath ar Ghaeilgeoirí ó fhoirne eile chun an ‘comhchumann’ seo a dhéanamh suas.

Thuig lucht bunaithe an chumainn go raibh an fhéidearthacht ann nach mbeadh Laochra Loch Lao in ann feidhmiú mar chumann scartha, mar, cé gur thuig siad go raibh an teanga í féin ag dul ó neart go neart, go mór mór mar gheall ar bhí nascanna na n-imreoirí le cumainn s’acu féin.

Agus is mar a shíltear a bhítear; d’eascraigh na fadhbanna le Laochra Loch Lao mar chomhchumann; le himeacht ama, bhí sé ag éirí níos deacra agus níos deacra daoine a bhailiú le chéile do chomórtas peile na Gaeltachta, ar chúiseanna éagsúla. Cé go raibh ag éirí go maith leis na Laochra sa Chomórtas thar na blianta, agus go raibh siad ag tarraingt airde ó imreoirí an chontae, níor mhair an aisling. Bhí minicíocht na gcluichí sraithe a bhí ag dul ar aghaidh i gContae Aontroma ag an deireadh seachtaine ag dul i méid agus mhothaigh daoine go raibh orthu fanacht dílis dá gcumann féin.

Thuig lucht bunaithe an chumainn nach mairfeadh ‘The ‘one off’ weekend’ uair amháin sa bhliain agus go raibh gá le rud éigin buan agus rialta a chruthú.

Is mar thoradh air seo a fuair an cumann stádas oifigiúil mar fhoireann scartha sa bhliain 2017.

Is cinnte gurb iomaí na deacrachtaí a bhí ag an fhoireann scartha agus iad ag tosú amach. Ba fhoireann iad a bhí ag imirt trí mheán na Gaeilge; dá gcuirfeá seo i gcomparáid leis na foirne eile in Iarthar Bhéal Feirste, cé go raibh áiseanna Gaeilge á chur ar fáil ag cuid acu do Ghaeilgeoirí, ní raibh foireann riamh ann a d’úsáid an Ghaeilge mar theanga chumarsáide, agus gach ball in ann Gaeilge a labhairt. Mar sin féin, bhí deacracht ann sa mhéid is go raibh orthu tionchar an Bhéarla a sharú.

Fosta, mar fhoireann iomlán nua, bhí orthu tosú sa tsraith is ísle i gContae Aontroma. Níl lá amhrais go mbeadh sé deacair baill a mhealladh nuair nach raibh an fhoireann ach ag cur isteach ar sraith a 3. Bhí cuid de na foirne lena raibh na daoine a bhí páirteach den chomhchumann ag imirt i sraith a 1; ní bheadh sé réasúnta dóibh an t-iomlán a chur amú.

Bhí imní ann i measc na gcumann eile go ngoidfeadh Laochra Loch Lao na Gaeilgeoirí ó na cumainn eile. Bhí an buaireamh ann de bharr bhunú na Laochra, go rachadh stádas na Gaeilge i laghad sna cumainn eile CLG in Iarthar Bhéal Feirste, ach bhí an dóchas ann gur a mhalairt a tharlódh; ‘s é sin go spreagfaí níos mó iarrachta ar son na Gaeilge sna cumainn thart air.

Chomh maith leis an tionchar a imríodh ar chumainn áitiúla Iarthar Bhéal Feirste, is cinnte go raibh éifeacht nach beag ag Laochra Loch Lao ar chumainn eile fud fad na tíre. Bhí nasc ag na Laochra leis na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, agus b’fhiú a lua go raibh comhthacaíocht agus iomaíocht eatarthu chomh maith. Cé gur tháinig bunú na Laochra mar chomhchumann roimh bhunú na nGael Óga, bhí na Gaeil Óga chun tosaigh ar lucht Laochra Loch Lao, mar rinne siad an cinneadh cumann lán-Ghaeilge a bhunú sa bhliain 2011. D’imir seo tionchar láidir ar chinneadh na Laochra cumann scartha a bhunú.

Is rud thar a bheith tábhachtach é seo do stádas na Gaeilge sa CLG ar an iomlán; tá iomaíocht anois ann maidir le húsáid agus tábhacht na Gaeilge anseo in Iarthar Bhéal Feirste, agus, leoga in áiteanna eile. Ní gá ach féachaint ar chumainn amhail Laochra Loch Lao, Na Gaeil Óga nó Gaeil na Gaillimhe le go dtuigfí go bhfuil éileamh agus gá anois ann don Ghaeilge san eagraíocht náisiúnta seo. I gcás na Laochra, áfach, bhí sé spéisiúil go raibh iar-uachtarán an CLG, Aogán Ó Fearghaíl ar na tacadóirí is mó do bhunú an chumainn scartha. D’aithin sé,

“…go bhfuil dhá sprioc suntasach ag Laochra Loch Lao a chuirfeas go mór le CLG go náisiúnta, mar chumann. An chéad sprioc, go mbeidh sibh ag comhlíonadh mórsprioc an CLG ná ag cur le ránnpháirteachas an Chumainn Lúthchleas Gael… rud a rinne muid… agus an darna sprioc… Go gcuirfidh sibh an Ghaeilge ‘front and centre’ i gCumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroma.”[11]

Is féidir glacadh leis, mar sin, go bhfuil éiteas Gaeilge go hiomlán i bhfeidhm i gcumann Laochra Loch Lao agus, dá bharr, cuirtear níos mó brú ar na cumainn áitiúla eile. D’ainneoin an dearcaidh go gcuireann seo foirne eile i mbaol, ní féidir a shéanadh go raibh an brú seo de dhíth; tá an teanga ag fás agus ag forbairt in Iarthar Bhéal Feirste, níos mó anois ná riamh agus is cinnte gur chuir díograiseacht na Laochra an teanga a chuimsiú sa chumann go mór leis seo.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|