Nuacht

An streachailt leanúnach ar son #AchtAnois

D'ainneoin an easpa dul chun cinn ar chearta teanga sa tuaisceart, mhairt agus bhláthaigh an teanga agus tá an athbheochan pobalbhunaithe ag tarraingt airde náisiúnta agus idirnáisiúnta.
An streachailt leanúnach ar son #AchtAnois

Tá feachtas an Dream Dearg fréamhaithe sna hidéalacha gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna. Thug an feachtas seo léargas ar an imeallú agus éagothroime leanúnach a mbíonn pobal na Gaeilge ó thuaidh thíos leo trí léiriú ionsparáideach de ghníomhachas ag leibhéal an phobail; éileann an feachtas Acht Gaeilge neamhspleách, cuimsitheach, ceart-bhunaithe, rud a gealladh do phobal na Gaeilge sa bhliain 2006 i gComhaontú Chill Rímhinn.

Mar bharr ar an easpa reachtaíochta agus stádas oifigiúil don Ghaeilge, is minic a dhéantar ionsaí ar an teanga, ní ó na taobhlínte, ach ó ghnáth-pháirtithe polaitiúla. Gan chosaint oifigiúil sa dlí, ní hionann na cearta atá ag Gaeilgeoirí ó thuaidh agus na cearta atá ag cainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag, nó cainteoirí Gaedhilge in Albain, nó fiú Gaeilgeoirí eile ar an oileán seo. Ach, d’ainneoin an easpa dul chun cinn ar chearta teanga sa tuaisceart, mhairt agus bhláthaigh an teanga agus tá an athbheochan pobalbhunaithe ag tarraingt airde náisiúnta agus idirnáisiúnta.

B’ionann blianta fada de choimitmintí polaitiúla nár comhlíonadh agus an catalaíoch do bhunú an fheachtais #AchtAnois; gealladh ré úr comhionannais do phobal na Gaeilge sa bhliain 1998 le Comhaontú Aoine an Chéasta. Rinne an Comhaontú seo na chéad choimitmintí dearfacha i leith na teanga, ach chuir moill de 8 mbliana ar chomhlíonadh na dualgas seo le síniú Chomhaontú Chill Rímhinn (2006).

Thug Comhaontú Chill Rímhinn coimitmint úr don Ghaeilge, inár gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge a bhí bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus dheisceart na hÉireann. D’ainneoin na gcoimitmintí seo ar fad, cuireadh baic leanúnach sa bhealach ar aon iarracht chun an Ghaeilge a thabhairt ‘istigh ón fhuar’, agus go fóill, déantar leitcheal ar phobal na Gaeilge.

De bhrí nach bhfuil reachtaíocht ar leith ann don Ghaeilge anseo, ciallaíonn seo go bhfuil cinntí tábhachtacha faoin Ghaeilge bunaithe go hiomlán ar thoill Aire éigin, seachas ar chreatlach, soiléir dlíthiúil. Thug sé leithscéal dóibh siúd, bíodh is gur leithscéal míréasúnta a bhí ann, dóibh siúd a chuireann i gcoinne ár gcearta; de bhrí nach bhfuil dlí ann a thugann aitheantas oifigiúil don teanga, is gnáthnós é cearta teanga a shéanadh.

Sa bhliain 2014, bhí feachtais bheaga, áitiúla i lár an aonaigh agus dá bharr, eagraíodh an chéad Lá Dearg, ina raibh pobal na Gaeilge chun tosaigh, ag éileamh chearta, aitheantas agus meas don teanga. Nuair a bhíonn ar ghnáthdhaoine dul chun sráide lena gcearta bunúsacha a éileamh, is léiriú é gur theip orthu siúd atá i gcumhacht, ach b’ionann an ágóid seo agus an chéad cheann a tharraing aird ar an easpa comhionannais agus cearta do phobal na Gaeilge.

Ó na síolta seo, tháinig gníomhaithe ar ais le chéile sa bhliain 2016 de bharr frustrachais i dtaobh an easpa dul chun cinn a bhí déanta i leith chearta teanga do Ghaeilgeoirí. D’ainneoin ár n-iarrachtaí, theip ar 10 mbliana de roinnt na cumhachta an comhionannas a gealladh faoi na príomh-chomhaontuithe síochána a chinntiú. Ba léir dúinn go raibh socrú buan de dhíth chun dul i ngleic leis an tslí a raibh an stát ag plé leis an Ghaeilge; thosaigh gníomhaithe ó fud fad an tuaiscirt ag teacht le chéile ar bhonn orgánach agus rugadh an feachtas #AchtAnois faoi scáth an Dream Dearg.

Ní nach ionadh, agus leoga, i ngnáth-nós an DUP, ní raibh fada le fanacht againn go dtí go raibh ár bhfeachtas i lár an aonaigh; chinn an tAire Pobail ag an am, Paul Givan, £50,000 a bhaint ó scéim sparánachtaí Líofa, scéim a thug tacaíocht do pháistí ó cheantair a bhí faoi mhíbhuntáiste freastal ar Choláistí Gaeltachta, mar gheall ar “choigiltí éifeachtúlachta”. Cuireadh an cinneadh seo in iúl do bhoird na gColáistí Samhraidh trí ríomhphost ar an 23ú Nollaig, ag beannú Nollaig Shona agus bliain úr faoi mhaise dóibh.

Léirigh baint an deontais bheag seo, i gcomparáid leis na milliún punt a chur an páirtí céanna amú trí Dhreasacht Teasa In-athnuaite (RHI), an dóigh shuarach a raibh an Feidhmeannas ó thuaidh ag éascú imeallú ar phobal na Gaeilge le linn ré ‘comhionannais agus cearta’ a gealladh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ar an 6ú lá de mhí Eanáir 2017, chuir muid tús lenár bhfeachtas ar líne, ag cur ar dhaoine a dtacaíocht a léiriú don fheachtas #AchtAnois. Bhí dhá aidhm ghearrthéarmach againn;

  1. Léiriú gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna;
  2. Guth a thabhairt don phobal trí fhíseáin agus na meáin shóisialta.

B’é an chéad rud a bhí le déanamh againn faoi scáth an Drean Dearg ná dúshlan a thabhairt do chinneadh Paul Givan an scéim sparánachtaí Líofa a bhaint. Bhain muid úsáid as an ardán a bhí tógtha againn ar na meáin shóisialta chun ár gcéad fheachtas a chur chun cinn, a bhí le titim amach ar an 12ú Eanáir 2017 taobh amuigh de Cheanncheathrú na Roinne Pobail. Maidin na hágóide, díreach mar a bheadh draíocht ann, tháinig an tAire Givan ar an airgead chun an scéim a thabhairt ar ais; ach dar linn go raibh an damáiste déanta.

D’éirigh linn, mar aon leis na céadta gníomhaithe eile, ár gcéad ágóid a eagrú taobh amuigh de Cheanncheathrú na Roinne Pobail, chun dúshlán poiblí a thabhairt don chinneadh, agus chun léiriú nach raibh muid sásta lenár gcaitheamh mar shaoránaigh den dára ghrád sa stát seo a thuilleadh. B’ionann an scéim Líofa agus cor cinniúnach inár bhfeachtas fadtéarmach ar son chearta teanga, ar bhonn sóisialta agus polaitíochta araon; ní hamháin gur chuir sé le titim 3 bliana Stormont sa bhliain 2017 agus gur bhrúigh sé an Ghaeilge i lár an dioscúrsa polaitiúil anseo, ach léirigh sé fosta á chumhachtaí is a bhí an ghníomhachas ionsparáideach, eagraithe seo ag leibhéal an ghnáthphobail.

Ó shin i leith, tá ár bhfeachtas ag feidhmiú mar ghléas a thugann dúshlán don éagothroime (bíodh sin laistigh de chomhairlí áitiúla, sa réimse oideachais, san earnáil óige Gaeilge) a mbíonn ár bpobal fós thíos leis. Mar fheachtas, chuir muid ár n-éilimh ar son Acht Gaeilge ceartbhubaithe chun cinn ar bhealach a mheall rannpháirtíocht agus tacaíocht ó gach duine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an teanga, beag beann ar a gcúlra. Ní hamháin seo, ach cé go n-éilíonn ár bhfeachtas cearta, cothromas agus cóir don Ghaeilge, creidimid go láidir i gcearta do chách. Is minic a sheas muid an fós le grúpaí eile atá/ a bhí imeallaithe ina n-éilimh ar son chomhionannais.

Bhain ár bhfeachtas a chloch mhíle is suntasaí go dtí seo amach i mí Eanáir 2020, le foilsiú an chomhaontuithe Ré Nua Cur Chuige Nua, comhaontú a athbhunaigh an Tionól anseo. Bhí reachtaíocht don Ghaeilge mar bhunchloch an chomhaontuithe sin, agus bhí sé lárnach in athbhunú na n-institiúidí anseo. Leag an comhaontú seo amach túsphointe maith le haghaidh athruithe, mar don chéad uair riamh i stát a rinne leithcheal ar phobal na Gaeilge go stairiúil, aithníodh an Ghaeilge agus bheadh ann di sa dlí.

Bíodh sin mar atá, thit sé go mór faoin rud a gealladh faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, agus mar a rinneadh le comhaontuithe polaitiúla roimhe seo, tá moill nach beag ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta. Shínigh gach páirtí suas don chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, ag glacadh leis go raibh gá an comhaontú a chur i bhfeidhm ina iomláine, ach i ndiaidh easpa dul chun cinn ar an ábhar ag Stormont, thug an Rúnaí Stáit, Brandon Lewis, coimitmint phoiblí i mí an Mhaithimh 2021 go ndéanfadh sé an reachtaíocht Ghaeilge a achtú ag Westminster faoi mhí Dheireadh Fómhair 2021 munar éirigh le Stormont é a dhéanamh roimh dheireadh Mheán Fómhair 2021. Cailleadh an dá spriocdháta sin. Beagnach 700 lá ar aghaidh ón chomhaontú, tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar a gcearta a bheith cumhdaithe sa dlí.

Is ábhar mór frustrachais é go bhfuil ár gcearta fós á gcoinneáil siar acu siúd a sheasann sa bhealach de shochaí fhorásach, cheartbhunaithe. Ach in ainneoin na teipeanna agus moilleanna, is cúis mhór bhróid dúinn é go bhfuil pobal bríomhar, gníomhach againn a sheasfaidh linn i rith an ama inár dtroid leanúnach ar son chearta, chothromais agus chóir don Ghaeilge. Tagann an t-éileamh ar son achta ón tuiscint gurb ann do phobal na Gaeilge, agus gur chóir go mbeadh a gceart chun an Ghaeilge a úsáid agus a fheiceáil cosanta sa dlí. Níl éileamh ar bith ar son chomhionannais, bíodh sin go teangeolaíoch, go sóisialta nó ar bhonn chultúrtha, iomarcach. Is ionann ceart moillithe agus ceart diúltaithe, agus sa chás seo ina ndearnadh moilleadóireacht shuntasach ar chearta teanga do phobal na Gaeilge, shílfeá go mbeadh cur i bhfeidhm na gcearta réasúnta mar éileamh.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|