Nuacht

Snáithe: Cén fáth Acht Gaeilge?

Snáithe le baill ón Dream Dearg maidir leis na fáthanna a bhfuil Acht na Gaeilge de dhíth.
Snáithe: Cén fáth Acht Gaeilge?

Tá Máire Nic Ionnrachtaigh anseo ar lorg tuilleadh seirbhísí do chlainne atá á thógáil trí Ghaeilge:

Máire Nic Ionnrachtaigh

Tá Gráinne Ní Ghilin anseo á lorg Acht Gaeilge mar gur léirigh an DUP arís Agus arís nach bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt do lucht na Gaeilge. Tá Acht de dhíth!

Gráinne Ní Ghilin

Tá Katie Rose anseo mar go bhfuil sí ag fanacht ar chosaint don teanga ó bhí sí trí bliana d’aois de réir Chomhaontú Chill Rīmhinn.

Katie Rose

Tá Cillian anseo mar go bhfuil an Ghaeilge i gcroílár na hoibre s’aige ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil don phobal.

Cillian

Tá Brenda ar lorg Acht Gaeilge mar thoradh ar na cúiseanna céanna a bhí ann dhá bhliain go leith ó shin- ar son chearta teanga do chách!!

Brenda

Tá Cuisle anseo ar lorg athbhunú na comhroinnte cumhachta ar bhonn ceart-bhunaithe. Cearta do chách!

Cuisle

Tá Conchúr anseo le go gcuirfear infreastruchtúr agus seirbhísí cuí ar fáil do phobal na Gaeilge.

Conchúr

Tá Rónan anseo mar gur chinn a thuismitheoirí go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga aige, agus ba mhaith leis an rud féin a dhéanamh lena pháistí féin, ach Tá cosaint reachtach de dhíth ar an Ghaeilge le gur féidir seo a dhéanamh go cuí.

Rónan

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|