Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Gráinne Ní Ghilín

Scéalta ó na haghaidheanna sin ata taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Gráinne Ní Ghilín

Tá mo Chomhairle áitiúil ag iarraidh teanga amháin a bhrú ar phobal ilteangach an cheantair. Thug siad polasaí iomlán mídhleathach isteach nuair a bhí daoine ag iarraidh comharthaí Gaeilge a chur in airde ina sráideanna féin.

Dúirt siad gur Béarla amháin a bheadh ar chomharthaí sráidainmneacha feasta. Chuir siad cosc ar achan uile theanga eile ar domhan, an Ghaeilge san áireamh, cé go bhfuil na céadta nó b’fhéidir na mílte logainm Gaeilge in úsáid achan lá sa cheantar.

Ach tugadh an Chomhairle chun na cúirte agus b’éigean dóibh a bpolasaí amaideach, leatromach a tharraingt siar.

Tá cead ag daoine i gceantair eile comharthaí Gaeilge a chur in airde. Tá rialacha difriúla in áiteanna difriúla, agus níl sé sin cothrom.

Níl anseo ach sampla beag amháin de na hiarrachtaí a dhéanann na húdaráis cosc a chur ar an Ghaeilge agus bac a chur ar phobal na teanga.

Mar sin, tá géarghá le hacht Gaeilge láidir neamhspleách bunaithe ar chearta sa dóigh go dtig linn muid féin a chur in iúl inár dteanga féin sa réimse poiblí gan srian. Acht anois! #Cearta #Cothromas #Cóir #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|