Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Cuisle Nic Liam

Scéalta ó na haghaidheanna atá taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Cuisle Nic Liam

Is mise Cuisle Nic Liam. Is Oifigeach Tionscadail mé le Conradh na Gaeilge, agus is mac léinn máistreachta mé in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Bainim úsáid as an teanga achan uile lá; sa bhaile (fiú le mo mhadadh), san ollscoil, san áit oibre agus fiú ar bhonn sóisialta. Bhí mise deich mbliana d’aois nuair a síníodh Comhaontú Chill Rimhinn, Comhaontú inár gealladh go gcuirfí Acht Gaeilge i bhfeidhm de réir thaithí an Deiscirt agus na Breataine.

Go fóill, agus mé beagnach trí bliana is fiche d’aois, tá mise, agus neart Gaeilgeoirí eile fud fad na sé chontae, ag fanacht ar chosaint reachtach don Ghaeilge. Níl seo maith go leor. Is ionann ceart moillithe agus ceart diúltaithe.

Tá laethanta na Gaeilge faoi cheilt thart, agus ní stopfaidh muid go dtí go bhfaighimid an tAcht láidir atá tuillte againn. Seasaim go hiomlán leis an Dream Dearg. #AchtAnois #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|