Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Clíodhna Ní Chorráin

Scéalta ó na haghaidheanna taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Clíodhna Ní Chorráin

Is mise Clíodhna Ní Chorráin. Is iníon léinn tríú leibhéil mé in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Úsáidim Gaeilge achan lá - ag staidéar nó le mo chairde.

Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil comharthaíocht dhátheangach le fáil ar champais ollscoileanna éagsúla ar fud an Ríochta Aontaithe, i nGaeilge na hAlban nó i mBreatnais le taobh an Bhéarla. Ar an drochuair, áfach, ní hionann an cás in Ollscoil na Ríona.

Tá streachailt leanúnach ar siúl againne mar mhic léinn chun comharthaí Gaeilge agus Béarla a chur ar ais ar champas na hollscoile.

I mo thuairim, chuideodh Acht Gaeilge go mór mór le meas a chothú agus le dul i ngleic leis an mionlú atá á dhéanamh ar an teanga le fada. Seo atá os ár gcomhair faoi láthair.

Is í cosaint na teanga an rud is tábhachtaí domsa agus mar sin, mar bhall den Dream Dearg, ní ghéillfidh mé go dtí go mbeidh Acht Gaeilge againn anseo i dtuaisceart na hÉireann.” #AchtAnois #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|