Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Ciarán Mac Giolla Bhéin

Scéalta ó na haghaidheanna sin atá taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Ciarán Mac Giolla Bhéin

Is mise Ciarán Mac Giolla Bhéin, caithim bunús mo shaol trí Ghaeilge agus tá mé ag tógáil mo pháistí trí mheán na Gaeilge.

Agus mé óg agus ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge is beag den teanga a chuala mé lasmuigh de gheataí na scoile. Tá eispearáis iomlán difriúil ag mo pháistí féin áfach agus réimse leathan d’imeachtaí ar fáil acu trí Ghaeilge - is an pobal féin a thóg an t-infrastructúr seo áfach.

Ní raibh aitheantas ná maoiniú curtha ar fáil don mheánscoil agus mise óg agus b’éigean dúinn dul chun sráide go minic leis an chás a dhéanamh ar son bhunchearta s’againn.

Breis is 20 bliain níos moille, tá mo pháistí féin ar na sráideanna céanna ag éileamh a mbunchearta mar shaoránaigh.

Ní deonnú nó pribhléid speisialta ach saol trí Ghaeilge atá uathu agus is é an stát an bac is mó den cheart bhunúsach sin, in ainneoin na ngeallúintí a rinne siad - sula dtáinig mo pháistí ar an saol!

Tá barraíocht ama curtha amú, anois an tam don ghníomh - Acht Anois! #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|