Nuacht

Snáithe: An Aoine Dhearg

In 2006 gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn. Inniu, dúirt muid go soiléir ag Cnoc an Anfa, gur anois an t-am. #AchtAnois
Snáithe: An Aoine Dhearg

Bhí muid anseo roimhe, go minic, & beidh muid ag teacht ar ais arís & arís eile go dtí go n-aithnítear ár gceart in Acht Gaeilge.

Image

Is iad na daoine óga seo, mar chuid den Ghaelscolaíocht, croí agus anam an Dreama Dheirg agus na hathbheochana. Téimid chun sráide chun todhchaí cothrom a chinntiú don ghlúin úr.

Image

Daoine óga ag cur an píosa deireanach le maor meara Chill Rímhinn. Na daoine céanna ar rugadh iad i ndiaidh síniú Chomhaonthú na bliana 2006. Rugadh iad i stát a leanann air ag éascú a n-imeallú agus a chuireann i gcoinne a gcearta teanga bunúsacha.

Tacaíonn 5 pháirtí leis an éileamh pobail bhunaithe ar son #AchtAnois agus gabhann muid buíochas mór leis na páirtithe sin as ucht seasamh linn ar son chearta teanga.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|