Nuacht

Ráiteas Oifigiúil ón Dream Dearg faoi An Lá DEARG

Na Mílte Daoine le bheith Dearg Le Fearg i mBéal Feirste Dé Sathairn ag tacú le hAcht Gaeilge. Beidh mórshiúl stairiúil ann ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, áit a mbeidh cainteoirí áitiúla ag éileamh Acht Gaeilge.
Ráiteas Oifigiúil ón Dream Dearg faoi An Lá DEARG

Tá Lá Mór Dearg beartaithe ag An Dream Dearg ar 20 Bealtaine 2017 chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge ó thuaidh a léiriú. Beidh pobal na Gaeilge as gach cearn den tír agus timpeall na cruinne ag triall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste, áit a gcuirfear tús le mórshiúl go Halla na Cathrach sa chathair. Fágfaidh na sluaite an Chultúrlann ag 1pm agus beidh ócáid mhór taobh amuigh de Halla na Cathrach ag 2pm.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, ionadaí oifigiúil, An Dream Dearg:

“Tá tacaíocht leathan ón phobal don Acht Gaeilge agus den fheachtas, An Dream Dearg, agus Dé Sathairn beidh deis ag daoine an tacaíocht sin a léiriú ar bhonn soileir, dearfach agus láidir. Tá cuireadh ann d’achan duine a chreideann san éagsúlacht, cearta Teanga agus cearta daonna bheith linn nuair a éilíonn muid go mbogann an stát ar an cheist seo, breis is 10 mbliana ó tugadh gealltanais shoiléire dúinn i leith Acht Gaeilge de.

Níl aon amhras ach go bhfuil ceist na Gaeilge i gcroílár na géarchéime polaitiúla is déanaí ó thuaidh agus tá An Dream Dearg ag rá go soiléir nach féidir an feidhmeannas a chur ar ais go dtí go bhfuil Acht Gaeilge ceart bhunaithe ann. Tá 50 amach as 90 de na baill nuathofa sa tionól ag tacú linn, mar atá na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus sciaranna leathan den phobal. Beidh teachtaireacht shoiléir ann Dé Sathairn – Anois an tAm don Ghníomh, Acht Anois!”

Dúirt Katy-Rose Mead, atá mar dhalta sinsearach ar Choláiste Feirste agus mar oibrí deonach Gaeilge;

“Mar dhuine óg a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge, an t-aon rud atá á iarraidh agam ó lucht na cumhachta ná go n-aithníonn siad mo cheart leis an Ghaeilge a úsáid agus le mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Níl Pribhléidí speisialta á n-éileamh againn ó na húdaráis, go díreach go n-aithníonn siad mo chearta teanga agus go bpléann siad linn le meas agus le dínit. Ar scoil, tá ar ár múinteoirí uaireanta oibre sa bhreis a dhéanamh lenár n-acmhainní a fhorbairt mar aon le téascleabhair a scríobh de bhrí nach nglacfaidh an stát freagracht chuí don Ghaeloideachas. Sa chumann óige, ina mbím ag obair go deonach, ní féidir linn a bheith oscailte dhá oíche mar go ndiúltaíonn an stát na hacmhainní céanna a thabhairt dúinn mar atá ag cumainn óige Béarla.

Tá mo ghlúin ag rá go soiléir gur leor é seo! Ní ghlacfaidh muid leis an dóigh a bpléitear linn mar a bheadh athsmaoineamh ann nó mar a bheadh mála dornálaíochta ag polaiteoirí tofa agus airí rialtais. Thosaigh mé ag freastal ar Chumann Óige Uachtar Chluanaí, cumann óige Ghlór na Móna, nuair a bhí mé sé bliana d’aois. Is í sin an bhliain nuair a gealladh Acht Gaeilge dár bpobal mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhín. Tá sé thar am gur tharla sin agus gur dhaingnigh siad nach saoránaigh den dara grád muid inár dtír féin. Ní bheidh muid ag dul áit ar bith nó ní ghlacfaidh muid seo inár luí de thairbhe go bhfuil ár bpobal, ár scoileanna agus ár gcumainn ag bláthú gach lá. Beidh ár neart agus ár seasmhacht le sonrú Dé Sathairn. Seasamis le chéile!”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|