Nuacht

Ráiteas pobail

Forbairt Stairiúil do phobal na Gaeilge ach mór-choimitmintí Chill Rímhinn fós gan chomhlíonadh. Leanfaidh feachtas an Dream Dearg ar aghaidh go gcomhlíonfar na cearta ar fad.
Ráiteas pobail

Léiríonn an comhaontú atá molta dul chun cinn stairiúil do phobal na Gaeilge trí chosaint dhlí dár bpobal don chéad uair riamh i stair an stáit, stát a rinne leithcheal agus cos ar bolg orainn agus a chuir coisc orainn le beagnach céad bliain anuas.

Is léiriú é an fhorbairt seo ar ár bhfeachtas pobal-bhunaithe leis an Dream Dearg, a thug cumhacht do phobail an status quo a shárú agus an fhírinne a insint go neamhbhalbh. Is mar gheall ar iarrachtaí misniúla na hathbheochana ar tharla seo, ag síniú siar go laethanta aon-pháirtí an stáit inár cuireadh daoine i bpríosún nuair a bhí sé de mhisneach acu an teanga a chur chun cinn nó a labhairt. Is fada na laethanta sin uainn.

Aithnímid go háirithe iarrachtaí ceannródaíocha phobal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, a spreag athbheochan chomhaimseartha na teanga lena scéim títhíochta réabhlóideach 50 bliain ó shin. Sheas siad an fód agus bhunaigh siad na bunchlocha a bhfuil muid fós ag tógáil orthu inniu.

Le deich mbliana anuas, theip ar an fheidhmeannas comhroinnte cumhachta muid a chosaint agus ár gcearta a sholáthar. Chuir seo le heisiamh ár bpobail agus chuir Clár an Rialtais 2016 iomlán as an áireamh muid. Léirigh feachtas an Dream Dearg, ó shin go dtí an lá atá inniu ann, gur féidir le gnáthdhaoine athrú a spreagadh ón bhun aníos. Tá muid bródúil gur imir muid ról dearfach in athbhunú ghuth daonlathach na sochaí sibhialta, agus go ndearnadh seo trí na daoine atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais.

Titeann an reachtaíocht seo, áfach, go mór faoi spriocanna an fheachtais, agus go mór faoin mhéid a gealladh ceithre bliana déag ó shin i gcomhaontú Chill Rímhinn. Rinne muid feachtasaíocht ar son Acht neamhspleách, ceart-bhunaithe a bhí bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann. Níor chomhlíon an comhaontú seo na gealtannais sin.

Is tús é agus is dul chun cinn é, ach ní ceann scríbe é. Ach ní suífidh muid ar chúl an bhus a thuilleadh. Ní bhrúfar ar ais go himeall na sochaí muid, ach leanfaidh muid orainn ag feachtasaíocht go tréan go gcomhlíonfar gach ceart, agus go mbeidh todhchaí cothrom ann go sóisialta agus go daonlathach dár bpobal.

Tabharfaidh muid an feidhmeannachas comhroinnte cumhachta iomlán chun cuntais ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge, oifig an Choimisinéara san áireamh, chun na clásail reachtacha a chosnóidh ár bpobal a chur faoi scrúdú.

Sin ráite, más rud é go n-úsáidtear veto, chun cosc nó bac a chur ar chearta agus acmhainní d’ár bpobal, níl aon lá amhrais ach go dteipfidh ar na socruithe nua seo, agus go dtitfidh siad arís.

Níl san fhorbairt seo ach tús agus oibreoidh muid go dúthrachtach chun bearnaí ar bith sa reachtaíocht, go háirithe siúd a chuireann bac orainn ról cothrom a imirt sa tsochaí, a thabhairt chun solais. Caithfidh an reachtaíocht seo an meas agus dínit atá i dteideal againn a sholáthar, rudaí a bhfuil muid ag fanacht orthu le fada an lá.

Tuigeann ár bpobal go leanfaidh ár bhfeachtas ar aghaidh sna laethanta, seachtainí agus míonna amach romhainn.

Cuirimid fáilte fosta roimh fhoinsí eile maoinithe atá á ngealladh don phobal trí Stráitéis Ghaeilge, agus caithfidh siad bheith ag teacht le riachtanais an phobail agus an t-éileamh d’acmhainní sasúla, rud atá riachtanach d’fhás leanúnach na teanga, ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann.

Tá na laethanta d’ionsaithe ar ár bpobal uathu siúd atá i gcumhacht thart. Ní bhrúfar go himeall na sochaí muid a thuilleadh. A mhalairt atá fíor. Leanfaidh muid orainn go dtí go bhfuil todhchaí níos cothroime agus níos forásaí againn.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|