Nuacht

Mo thaithí mar fhoghlaimeoir Gaeilge úr

Bhí taithí iontach agam ag foghlaim na Gaeilge go dtí seo, go háirithe i mBéal Feirste, áit a bhfuil an teanga chomh beo agus pobal na Gaeilge chomh cairdiúil. Tá mé fíor-bhuíoch d’achan duine a bhuail mé leis trí ranganna, tríd An Cumann Gaelach agus in áit éigin eile, agus tá mé ag tnúth go mór leis an turas teangacha siar.
Mo thaithí mar fhoghlaimeoir Gaeilge úr

Nuair a d´fhreastail mé ar mhéanscoil san Iorua, fuair mé amach go raibh teanga na Gaeilge ann. Bhí suim agam í a fhoghlaim, agus nuair a tháinig an cúrsa Duolingo amach, thosaigh mé á úsáid.

Dár ndóigh, ní raibh sin chomh héifeachtach chun na teanga a fhoghlaim, go háirithe gan réamh-tháithí agus gan acmhainní ar bith eile.

Bhí an chuma ar gach focal a bheith iontach casta, agus bhí fadhb go háirithe agam leis na forainmneacha réamhfhochlach, gné atá, tar éis an tsaoil, tábhachtach don teanga.

Chuaigh cara s’agam ón scoil go Baile Átha Cliath ar a laethanta saoire bliain amháin, agus chuir mé ceist uirthi an mbeadh sí ábalta leabhair “Teach Yourself Irish” a thabhairt ar ais léi domsa. Tá an leabhar agam fós, ach níor úsáid mé é riamh.

Tá cúpla sampla eile ón Iorua agam fá dtaobh den Ghaeilge a bhfuil cuimhní agam orthu fós, mar shampla an t-am a chonaic mé go bhfuil “Fáilte” i measc teangacha eile ag doras na traenach an aerfoirt.

Áfach, bhí sé nuair a tháinig mé go hOllscoil na Ríona agus go Béal Feirste sa bhliain 2018 go raibh seans ceart Gaeilge a fhoghlaim.

An chéad rud a rinne mé ná síniú suas do ranganna ag Ionad na dTeangacha in Ollscoil na Ríona, agus is cuimhin liom fós seat scáileáin ón leathanach deimhniú a sheoladh chuig cara s’agam ón Iorua agus téacs faoina sceitimíní a bhí orm.

Ag an tús, mhothaigh mé go holc faoi dul agus gan focal Gaeilge agam, ach fuair mé amach go gasta nach raibh sé tábhachtach mar ba chairdiúil iad na baill uilig agus faoi dheireadh fuair mé an deis a bheith ag an choiste ar feadh dhá bhliain.

D’fhreastail mé fosta ar na ranganna a d’eagraigh an Cumann Gaelach OnaB, agus lena chéile, fuair mé bunús maith leis an teanga; cé go raibh na ranganna ón Ionad Teangacha neamhfhoirmeálta agus réchúiseach go leor, fuair mé fós bunús mhaith sa ghramadach, agus fuair mé bunús maith comhrá sna ranganna ón Chumann.

Bhí suim ag mo mhúinteoir ó Ionad na dTeangacha i gceol agus mar sin, ba ranganna ceolmhar iad fosta, agus tá mé buíoch faoin mhéid amhráin Gaelacha a chuala mé de bharr.

Taobh amuigh den tseomra ranga, chuaigh mé go dtí a lán imeachtaí Gaelacha, go háirithe leis an Chumann Gaelach. Ag an tús, mhothaigh mé go holc faoi dul agus gan focal Gaeilge agam, ach fuair mé amach go gasta nach raibh sé tábhachtach mar ba chairdiúil iad na baill uilig agus faoi dheireadh fuair mé an deis a bheith ag an choiste ar feadh dhá bhliain.

Mar bhall den Chumann, chuaigh mé go Oireachtas na Samhna sa bhliain 2019 agus ba thaithí iontach é. D’fhreastail mé i m’aonar ar chúrsa Gaeltachta do dhaoine fasta i nGaoth Dobhair sa samhradh 2019 agus ba mhaith liom dul ar ais am éigin, ach dár ndóigh tá sé deacair mar gheall ar an phaindéim.

Bhí taithí iontach agam ag foghlaim na Gaeilge go dtí seo, go háirithe i mBéal Feirste, áit a bhfuil an teanga chomh beo agus pobal na Gaeilge chomh cairdiúil. Tá mé fíor-bhuíoch d’achan duine a bhuail mé leis trí ranganna, tríd An Cumann Gaelach agus in áit éigin eile, agus tá mé ag tnúth go mór leis an turas teanga amach anseo.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|