Nuacht

Deiseanna sna meáin le Gaeilge

Cosúil le go leor daoine eile atá ag obair san earnáil, chuir mé iarratas isteach don chúrsa iontrálaithe leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge - agus sin mar a ghlac mé mo chéad chéim agus mé ag obair i gcomhlachtaí teilifíse a bhíonn ag crúthú ábhair shuimiúla agus shiamsúla trí mheán na Gaeilge.
Deiseanna sna meáin le Gaeilge

Idir scannáin, cláir fhaisnéise, sraitheanna do pháistí agus cláir shiamsaíochta, tá earnáil na meán Gaeilge faoi bhláth ag an bhomaite, agus is toradh é sin de na daoine cruthaitheacha a bhíonn ag obair go crua sa chúlra.

In ainneoin na paindéime thart orainn, tá dóchas agus díograis go fóill ann in earnáil na meán trí Ghaeilge, anois níos mó na riamh i mo bharúil – (ach b’fhéidir go bhfuil mé claonta mar dhuine atá ag obair san earnáil!).

Sna sé chontae, tá earnáil na scannánaíochta faoi bhláth mar gheall ar Game of Thrones, Line of Duty srl. agus is cinnte go bhfuil an móiminteam sin ag ardú in earnáil na meán Gaeilge fosta, go háirithe mar gheall ar na foirne léiriúcháin díograíseacha is spreagúla atá ag obair anseo.

Ar a bharr sin, tá gá ann le tallann agus smaointí úra a bheith ag teacht chun cinn an t-am ar fad. Is gá ról na n-eagraíochtaí agus na ngrúpaí Gaeilge, ar nós an Dream Dearg, a aithint san fhás seo; tá siad ag cruthú pobail láidire, cruthaitheacha, a chuireann fáilte roimh Ghaeilgeoirí líofa agus foghlaimeoirí araon.

Fosta, ní tharlódh seo ar fad gan an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, atá ag cruthú poist agus deiseanna do dhaoine ar mian leo bheith ag obair in san earnáil.

Bhí an t-ádh orm go bhfuair mé deiseanna a bheith ag obair le daoine iontacha sna meáin agus d’fhoghlaim mé níos mó ná mar a shamhlaigh mé riamh… ach tá i bhfad níos mó le foghlaim agam!

Mar ab ionann le roinnt mhaith mic léinn a dhéanann céim sna healaíona, ag deireadh na hollscoile, ní raibh cliú dá laghad agam cén sórt poist nó slí beatha a bheadh i ndán dom. Bhí suim agam i gcónaí san iriseoireacht nó bheith ag obair sna meáin ach ní raibh a fhios agam cén dóigh le tabhairt faoi.

Cosúil le go leor daoine eile atá ag obair san earnáil, chuir mé iarratas isteach don chúrsa iontrálaithe leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge - agus sin mar a ghlac mé mo chéad chéim agus mé ag obair i gcomhlachtaí teilifíse a bhíonn ag crúthú ábhair shuimiúla agus shiamsúla trí mheán na Gaeilge.

Bhí an t-ádh orm go bhfuair mé deiseanna a bheith ag obair le daoine iontacha sna meáin agus d’fhoghlaim mé níos mó ná mar a shamhlaigh mé riamh… ach tá i bhfad níos mó le foghlaim agam!

I mbliana ar ár scaileáin, bhí cláir nua ann cosúil le Peataí (mar a dúirt mé - b’fhéidir go bhfuil mé claonta!) agus Éadaí SOS, agus léiríonn siad an tallann agus an uaillmhian atá ann sna comhlachtaí léiriúcháin sa tuaisceart.

Is tréimhse speisialta í seo don earnáil, agus tá mé ag súil go mór le fáil amach cad é atá i ndán dúinn sna blianta amach romhainn.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|