Nuacht

“Tá sonas an tsaoil le haimsiú, fiú sna tréimsí is dorcha nuair a cuimhnítear an solas a lasadh.”

Rinne mé féin iarracht cloí le dea-chomhairle an Ollaimh agus an solas sin a ligint isteach, fríd dánta is amhráin agus fríd an cheantar álainn thart orm anseo in Ard Mhacha Theas.
“Tá sonas an tsaoil le haimsiú, fiú sna tréimsí is dorcha nuair a cuimhnítear an solas a lasadh.”

Corr uair, go fóill, nuair a mhúsclaím ar maidin, bíonn soicind nó dhó ina mbíonn m’intinn faoi shuan. Roimh i bhfad, bristear an suaimhneas sin le cuimhne. Ritheann sé liom arís go bhfuil Covid ann, ag sleamhnú fríd ár bpobail mar a bheadh nathair nimhe ann, ag fágáil brón, imní agus uaigneas ina dhiaidh.

Is dócha gur mhothaigh muid uilig na mothúcháin seo ar léibhéal éigin le bliain go leith anuas. Ach mar a dúirt Albus Dumbledore é féin, ‘tá sonas an tsaoil le haimsiú, fiú sna tréimsí is dorcha nuair a cuimhnítear an solas a lasadh’.

Rinne mé féin iarracht cloí le dea-chomhairle an Ollaimh agus an solas sin a ligint isteach, fríd dánta is amhráin agus fríd an cheantar álainn thart orm anseo in Ard Mhacha Theas.

Bhí dúil i gcónaí agam sna rudaí seo dar ndóigh, ach ba mhinic go raibh mo chuid suimeanna curtha ar na bacainn agus brú an tsaoil orm mar mháthair agus mar mhúinteoir ar an domhan ghnóthach ghasta inár chónaigh muid.

D’imigh sin agus tháinig seo; míonna ‘faoi ghlas’ sa teach, gan taisteal chun na hoibre, gan mo phost páirt-aimseartha mar thacsaí na bpáistí chuig na céadta imeacht seach-churaclaim, gan fiú an brú (there, I said it!) a bhí orm a bheith amuigh ag bualadh le cairde is clann go sóisialta.

Dar ndóigh, bhí go leor a chrónaigh mé; cupán caife le mo Dhaidí, grúpa Tuistí is Tachrán a d’fhreastail mé air le gach babaí seachas an ‘leanbh lockdown’ agus, gan amhras, bhí cumha orm i ndiaidh ceol beo.

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ‘buzz’ a bhí eadrainn ar an ghrúpa Whatsapp gach oíche, is físeán i ndiaidh físeáin ag teacht fríd chuaginn.

Ach go luath d’aithin mé gur thosaigh daoine ag éirí iontach cruthaitheach ar theacht ar dhóigheanna chun an bearna sin a líonadh.

Bhí fógraí le feiceáil gach áit ar na meáin shóisialta d’imeachtaí cliste éifeachtach go dtiocfadh linn ár gcuid paisin a roinnt agus eispéireas an chine daonna a cheiliúradh go fóill, ar an dóigh a dhéantar leis na healaíona. Is thapaigh mé an deis!

D’fhreastail mé ar cheolchoirmeacha, féiltí, cabaret, ceardlanna is tionscadail- uilig ar line, agus gach imeacht níos mó, níos leithne agus níos spreagúla ná an ceann roimhe!

Bhí an seans agam chomh maith, bheith mar dhuine de na heagraithe ar chúpla imeacht. Is ball de Ghaelphobal Ard Mhacha Theas mé, agus níor shamhlaigh muid riamh nuair a chuir muid feachtas beag Facebook ar bun ag tús na dianghlasála, go bhfaighimid breis agus 70 físeán seolta chugainn - ceoltóirí ar nós Liam Ó Maonlaí, Muireann Nic Amhlaoibh agus Pauline Scanlon san áireamh!

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ‘buzz’ a bhí eadrainn ar an ghrúpa Whatsapp gach oíche, is físeán i ndiaidh físeáin ag teacht fríd chuaginn. Fuair mé cuireadh álainn eile dul ar bord feachtais Twitter Eamonn Mallie - #SouthArmagh #Covid19poetry – inár léigh duine againn dán os ard achan lá ar feadh na seachtainí – rud, dá ndeirfá liom bliain roimhe go mbeinn ag gabháil do, nach gcreidfinn!

Nach amhlaidh an rud le go leor a thit amach le 20 mí anuas? Doshamhlaithe, sular bhuail covid – féinaonrú, dianghlasáil, bolgáin. Ach is fiú cur i gcuimhne go raibh maitheas in san samhlaíocht a d’fhás as fosta. Tá súil agam go mbeirimid na torthaí foghlama ón obair chruthaitheach sin ar aghaidh linn, chun cibé cineál domhain atá i ndán dúinn agus seo thart.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|