Nuacht

Claidhreacht chultúrtha agus an Ghaeilge

Ar an drochuair, ní ábhar iontais é cur i gcoinne chearta teanga do phobal na Gaeilge, ach níos minice ná a mhalairt, tá an cur i gcoinne seo bunaithe ar bhréag, mhiotais, nó bunaithe go huile is go hiomlán sa tseichteachas. Ach cad chuige?
Claidhreacht chultúrtha agus an Ghaeilge

Tá an troid ar son chearta teanga don Ghaeilge ag dul ar aghaidh i rith mo shaoil ar fad - go litriúil. Nuair nach raibh mise ach 2 bhliain d’aois, rinne Comhaontú Aoine an Chéasta na chéad choimitmintí uailmhiannacha don Ghaeilge, leis an ghealltanas de ‘ghníomh diongbháilte’.

Ach, 24 bliain níos moille, is beag atá athruithe; thug dréacht reachtaíocht a foilsíodh anuraidh roinnt cearta bunúsacha do Ghaeilgeoirí, agus fós féin, nuair a labhraimis faoi chur i bhfeidhm na reachtaíochta sin, deirtear gur ‘géilleadh’ atá ann.

Ar feadh i bhfad ró-fhada, tá Gaeilgeoirí an tuaiscirt dearg le fearg, ach tá siad ite ag an éad chomh maith de bhrí gur gá dóibh údar a thabhairt lena n-éileamh ar son chearta teanga, nuair a bhaineann a gcol ceathracha Gaelacha sa Bhreatain Bheag, in Albain agus fiú a gcomh-Ghaeilgeoirí sa deisceart, tairbhe as na cearta céanna sin.

Ar an drochuair, ní ábhar iontais é cur i gcoinne chearta teanga do phobal na Gaeilge, ach níos minice ná a mhalairt, tá an cur i gcoinne seo bunaithe ar bhréag, mhiotais, nó bunaithe go huile is go hiomlán sa tseicteachas. Ach cad chuige?

Bhí an t-ádh orm freastal ar lainseáil ionsparáideach de thuairisc an Chumainn Ghaelaigh QUB ar scéim chónaithe Gaeilge; áit ar chuir Pól Deeds ó An Droichead an téarma ‘claidhreacht chultúrtha’ in iúl dom. Labhair Pól faoi institiúidí agus údarais phoiblí,

‘…ag cothú cur i gcoinne ficseanúil i dtreo na Gaeilge chun fíor cur i gcoinne, a bhfuil seans ann nach dtarlóidh sé… a sheacaint.”

Chuir seo orm mo mhachnamh a dhéanamh; cé chomh minic is atá muid, mar phobal, thíos le claidhreacht chultúrtha? An freagra? I bhfad barraíocht.

Ní hé feiceálacht na teanga an fhadhb anseo; is é an fhadhb atá ann ná go dtugtar an meachán céanna, nó níos mó meacháin, d’argóintí ina choinne atá fréamhaithe sa tseichteachas in áit na hargóintí ina fhabhar a bhfuil bunús taighde leo, agus atá ag teacht leis an dea-chleactas

Nuair a fhiafraímid seirbhísí nó acmhainní bunúsacha, séantar ár n-iarratais mar ‘má dhéanaimid é daoibh, beidh orainn é a dhéanamh don Ultais chomh maith.’

Níl seo fíor; muna bhfuil éileamh le haghaidh na seirbhísí sin ag teacht ó phobal na hUltaise, cad chuige a mbíonn tionchar aige seo ar na rudaí a chuirtear ar fáil dúinn?

Tá cosc ar chomharthaíocht dhátheangach (Gaeilge & Béarla) inár n-institiúidí tríú leibhéal mar tá seans ann go sílfidh daoine go bhfuil sé ‘corraitheach, bagrach nó ionsaitheach.’

Ní féidir comharthaíocht dhátheangach a chur in airde inár sólanna uile-chathrach ach oiread mar go bhfuil seans go mbeidh ‘tionchar diúltach’ aige orthu siúd nach gcuireann fáilte rompu.

Ní hé feiceálacht na teanga an fhadhb anseo; is é an fhadhb atá ann ná go dtugtar an meachán céanna, nó níos mó meacháin, d’argóintí ina choinne atá fréamhaithe sa tseichteachas in áit na hargóintí ina fhabhar a bhfuil bunús taighde leo, agus atá ag teacht leis an dea-chleachtas.

Má tá fadhb ag duine leis an Ghaeilge ar chomharthaíocht, ní hí an Ghaeilge an fhadhb. Is iadsan an fhadhb. Ní hann do cheart, bíodh sin sa dlí idirnáisiúnta nó áitiúil, gan teanga a fheiceáil.

Ní féidir linn cearta bunúsacha a sholáthar do Ghaeilgeoirí mar go bhfuil an Seirbhís Náisiúnta Sláinte ag streachailt… nó de bhrí go bhfuil sé ró-chostasach… nó mar go mbrúfar an Ghaeilge orainn… nó mar go mbeadh ort Gaeilge a labhairt chun post a fháil. An aithníonn tú na hargóintí sin?

Is rímhinic a bhíonn orainn cur i gcuimhne do dhaoine gur le gach duine an Ghaeilge; mar dhuine a bhfuil taithí díreach acu leis an dea-thionchar a bhíonn ag teagmháil leis an Ghaeilge ar chaoinfhulaingt agus ar mheas don teanga, is féidir liom bheith iomlán muiníneach le rá nach bhfuil an bhiogóideacht fhrith-Ghaelach ag teacht ó laistigh de na pobail sin.

In áit, eascraíonn sé as na bearta scanraithe ó na guthanna aontachtacha céanna sin a dhéanann ceap magaidh de nó séanadh ar an teanga, nó a dhéanann iarracht ár bpobal a imeallú. Tá siad, agus na hinstiúidí ar fad atá ciontach as an chlaidhreacht chultúrtha, ag séanadh a bhfreagrachta chun a gcoimitmintí neamhchomhlíonta, fadbhunaithe i leith na Gaeilge a aithint agus a chomhlíonadh.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|