Nuacht

Cearta sóisialta - cad é atá i gceist?

Tá neart smaointeoireachta déanta againn faoi nádúr ár bhfeachtasaíochta le linn na paindéime. De réir mar a thagann deireadh le 2021 agus mar a thosaíonn 2022, tá athruithe suntasacha bunreachtúla, eacnamaíochta agus éiceolaíocha nach bhfaca muid ariamh ar na bacáin. Is ionann an difear agus an bealach a théimid i ngleic leis na dúshláin seo.
Cearta sóisialta - cad é atá i gceist?

Tá dóchas i gcónaí ann, ach braitheann sé cá mbíonn tú á lorg– ní thiocfaidh tú air ar Twitter nó Facebook nó ag spaisteoireacht i ndorchlaí an rialtais ag caitheamh cultacha agus i gcruinnithe faoi chruinnithe.

Tá neart smaointeoireachta déanta againn faoi nádúr ár bhfeachtasaíochta le linn na paindéime. De réir mar a thagann deireadh le 2021 agus mar a thosaíonn 2022, tá athruithe suntasacha bunreachtúla, eacnamaíochta agus éiceolaíocha nach bhfaca muid ariamh ar na bacáin. Is ionann an difear agus an bealach a théimid i ngleic leis na dúshláin seo.

Sa chath leanúnach idir brabúis agus tairbhe an phobail, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé i ndán d’ár rialtais muid a ligint síos. Ach ná déanaimis dearmad cad é a tharla ag tús na paindéime, nuair a choinnigh muid na heitleáin ar an talamh, nuair a pháirceáil muid na carranna agus nuair a tháinig muid ar airgead draíochta chun gach sórta faidhbe a réiteach.

Rinne muid an rud a bhí riachtanach do shláinte an phláinéid, agus rinne muid é ar scála a síleadh a bhí dodhéanta roimhe.

Tá daoine cumhachtacha, a chaill amach le linn na tréimhse sin, ag súil go bhfuil ár gcomhchuimhní gearrshaolach, agus tá athghrúpáil déanta acu, le fabhar anois fúthu chun a suimeanna a chosaint. Fágadh níos mó daoine ar lár, agus bhí orthu rogha a dhéanamh idir a bpobail, sláinte, nó bochtaineacht.

Ní rogha é sin ar chor ar bith. Agus dúinn siúd a bhfuil an sábhailteacht airgeadais againn le tús áite a thabhairt do thairbhe an phobail, tá an tarraingt sin i dtreo ár mianta pearsanta fós le sonrú.

Tá na dúshláin mór. Trí lionsa na meán sóisialta, áit ar toradh muid de straitéis margaíochta a chuireann cóir shóisialta faoi chois ar mhaithe le físeáin ghreannmhara de chait, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil ach an teip i ndán don domhan.

Sea, tá daoine cumhachtacha ag baint úsáide as na sonraí atá acu chun cruth a chur ar an pholaitíocht agus an eacnamaíocht ar mhaithe leo féin, ach is féidir linn uirlisí eile a úsáid chun domhan níos fearr a chruthú.

Cosúil leis na saothraí a chruthaigh saibhreas na bhfathaigh tionsclaíocha, cruthaímid, tomhaltóirí na meán sóisialta, saibhreas shothaicme na teicneolaíochta an lae inniu.

Tá muid ag déanamh machnaimh ar na bealaí ar féidir linn bheith ag eagrú go héifeachtach sa timpeallacht dhigiteach seo, agus na bealaí ar féidir linn bheith ag foghlaim ó na luath ceardchumannaithe. Rinneadh ionsaithe orthu agus ceap magaidh dóibh nuair a d’eagraigh siad oibrithe ar bhealach úr, ach chuaigh siad ar aghaidh agus chinntigh siad na cearta agus an saoirse a mbainimid tairbhe astu inniu.

Le fiche bliain anuas, tá muid ag tabhairt tacaíochta do ghrúpaí imeallaithe a gcearta a dheimhniú trí bheith ag gníomhú. Níos luaithe, d’úsáid muid táscairí chearta daonna chun brú a chur orthu siúd a sholathraíonn cearta.

Le himeacht ama, dhírigh muid isteach ar idirmhíreanna na bhfeachtas agus ar na freagraí uathu siúd i gcumhacht, ag cur feabhais ar ár dteaicticí agus ag cur na ceachtanna a d’fhoghlaim muid ó ghluaiseachtaí eile i bhfeidhm.

Tháinig muid ar dhóchas in áiteanna ciúin, áit a dtagann daoine le chéile agus a dtugann siad aire dóibh féin agus dá gcomharsana: ag eagrú múinteoirí chun oideachas saor in aisce a chur ar fáil don lucht iarrtha tearmainn, ag cruthú spáis don teiripe trí scéalaíocht, ag cur síolta sa talamh chun bia a thabhairt do dhaoine, nó ag déanamh forbartha ar theicneolaíocht úr chun cathair úr a phleanáil – gnímh radacacha, ag déanamh infheistíochta sa todhchaí agus ag caitheamh níos lú ama agus fuinnimh ag díriú ar an pholaitíocht reatha, nach bhfuil aon rath uirthi.

Fríd na feachtais ar fad, tá na gníomhaithe a dtugaimid tacaíocht dóibh ag teacht ar bhealaí úra chun bheith ag gníomhú. Tá siad tinn tuirseach de bheith ag bualadh le polaiteoirí, ag éisteacht le geallúintí agus ansin ag glacadh féiníní, agus ansin, ar ndóigh, ag deimhniú a n-easpa dóchais sna hinstitiúidí polaitiúla.

Lena cheart a thabhairt dóibh, ní hionann gach ball tofa, ach is gá do na baill mhaithe athrú suntasach a dhéanamh, agus ní féidir linn bheith ag feidhmiú thart timpeall orthu.

Níl ‘likes’ de dhíth orainn. Níl féiníní de dhíth orainn. Níl saibhreas agus acmhainní iomadúla de dhíth orainn. Tá daoine maithe, atá ag súil le rud níos fearr, de dhíth. Tá na daoine sin gach áit. Ó na bunchlocha sin, is féidir linn tógáil ar rud ar bith a ba mhian linn.

Chaith muid an dhá bhliain is déanaí ag tógáil rudaí a oibríonn, nó na rudaí nach n-oibríonn ach ar fhoghlaim muid rud éigin uathu.

Is ionann na daoine atá thíos leis na fadhbanna nó na daoine a bhfuil athrú de dhíth orthu agus ár gcrann taca- na fíordhaoine a, go dtí an lae inniu, chothaíonn corrthónacht i measc na n-airí, na ngeatóirí agus na maorlathaí trí theacht isteach i seomra (bíodh sin go fisiciúil nó ar Zoom!)

Daoine maithe. Saineolaithe ar an tsaol, le radar raiméise thar a bheith éifeachtach. In achan cás a dhéanaimid eagrú ar phobal de dhaoine chun dul i ngleic le fadhbanna, tagaimid ar dhóchas, chairdeas agus dheimhniú.

Níl ‘likes’ de dhíth orainn. Níl féiníní de dhíth orainn. Níl saibhreas agus acmhainní iomadúla de dhíth orainn. Tá daoine maithe, atá ag súil le rud níos fearr, de dhíth. Tá na daoine sin gach áit. Ó na bunchlocha sin, is féidir linn tógáil ar rud ar bith a ba mhian linn.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|