Nuacht

An Camino de Santiago

Chinn mé féin go mbualfainn an bóthar i rith an tsamraidh 2019, agus go siúlfainn an Camino ó bhaile bheag – St Jean Pied de Port - i sléibhte na bPiréiní, go dtí Santiago de Compostela. Turas 800km a bheadh i gceist, agus ba mhór an dúshlán a bheadh i gceist, mar ní hamháin go mbeinn ag siúl achan choischéim, ach bheinn liom féin agus mé á dhéanamh.
An Camino de Santiago

Beidh duine ar bith a bhfuil aithne acu orm tinn tuirseach de bheith ag éisteacht liom ag caint ar mo thaithí ar an Chamino de Santiago. Munar chuala tú iomra ar an Chamino riamh, is oilithreacht é thar na Spáinne go dtí an chathair Santiago de Compostela. Deirtear go bhfuil Naomh Shéamais Mhór – St James the Great – curtha ansin agus go stairiúil, rachadh oilithrigh ansin le hómós a thabhairt dó.

Chinn mé féin go mbualfainn an bóthar i rith an tsamraidh 2019, agus go siúlfainn an Camino ó bhaile bheag – St Jean Pied de Port - i sléibhte na bPiréiní, go dtí Santiago de Compostela. Turas 800km a bheadh i gceist, agus ba mhór an dúshlán a bheadh i gceist, mar ní hamháin go mbeinn ag siúl achan choischéim, ach bheinn liom féin agus mé á dhéanamh.

Do dhuine ar bith atá ag smaoineamh fá thaisteal a dhéanamh, nó b’fhéidir an Camino a shiúl, tá moladh agam daoibh – dean é. Tuigim go bhfuil cúrsaí iontach éiginnte fá láthair, ach a luaithe is atá an deis agaibh dul arís, ná bíodh eagla oraibh dul. Ní bheidh aiféala oraibh.

Is deacair cur síos a dhéanamh ar an fháth gur shíl mé go mbeadh sé go deas leis an chúig seachtaine sin a chaitheamh ag siúl liom féin thar na Spáinne, ach b’fhéidir go raibh rud éigin de dhíth orm. Sos ó Rotha Mór an tSaoil nach stopann do dhuine ar bith. Bhí mé i mo mhac léinn ar Ollscoil na Ríona ag an am, agus tá mé den bharúil nach raibh mé in áit mhaith nó b’fhéidir gur mhothaigh mé isle brí de chinéal éigin. Cibé rud a bhí ann, bhí sé socraithe agam go rachainn, agus chuaigh mé.

Do dhuine ar bith atá ag smaoineamh fá thaisteal a dhéanamh, nó b’fhéidir an Camino a shiúl, tá moladh agam daoibh – dean é. Tuigim go bhfuil cúrsaí iontach éiginnte fá láthair, ach a luaithe is atá an deis agaibh dul arís, ná bíodh eagla oraibh dul. Ní bheidh aiféala oraibh.

Bhuail mé le daoine ó achan cearn den domhan, agus achan cúlra. Is fíor é gur thosaigh an Camino amach na céadta bliain ó shin mar rud éigin de chuid na Críostaíochta, ach ní hé sin mar atá an lae inniu. Thig leis a bheith ina thuras cráifeach duit más maith leat, ach le fírinne, is eispéireas iontach pearsanta é. Buaileann tú le achan cinéal duine agus tugtar spás duit le macnamh a dhéanamh ar eachtraí atá i ndiaidh tarlú i do shaol.

Chomh maith leis sin, ar ndóigh, thig leat an Spáinn a fheiceáil, agus blaiseadh de chultúr na Spáinne a fháil. Sin a bhí de dhíth orm nuair a chuaigh mé féin, agus ba mhór an suaimhneas agus an faoiseamh a ghlac mé ó mo chuid ama ar an Chamino. Tá mé go fóill iontach cairdiúil leis an ghrúpa beag a raibh mé leo – an “teaghlach” más maith leat – agus is daoine iontacha iad i mo shaol.

Tá mé ag dul ar ais le tabhairt faoinn Chamino arís i mí Eanáir seo chugainn le cara de mo chuid, Naoise Mór Mac Cathmhaoil, agus beidh seachtain ag siúl againn le chéile. Tá mé ag dúil go mór le dul ar ais, agus beidh sé níos deise arís mar go bhfaighfidh mé an táithí le an-chara liom. Mar a deirtear ar an bhóthar, Buen Camino!

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|