Nuacht

Streachailt leanúnach na Gaeltachta

Anseo, ó thuaidh, tá freasúra soiléir ann, stát a bhí naimhdeach don teanga ó bunaíodh í, biogóideacht an DUP intuartha, ach sna Gaeltachtaí is na daoine céanna atá ceaptha a bheith ag obair ar ár son atá ag teipeadh orainn.
Streachailt leanúnach na Gaeltachta

Pobal mionlaigh, pobal atá scoite amach, pobal atá cleachtaithe leis an leatrom leanúnach agus an cur i gcéill seasta. Moill 10 mbliana ar acht teanga, teip leanúnach ar an gcóras poiblí, agus ar chomhlachtaí poiblí, freastal ar an bpobal ina dteanga dúchasach, cearta séanta arís ‘s arís eile. Seanscéal ‘s meirg air.

Ach, iontas na n-iontas níl mé ag tagairt do lucht na Gaeilge sna sé chontae agus an streachailt ar son cearta ó thuaidh ach muintir na Gaeltachta agus an streachailt leanúnach ó dheas.

Is fiú a rá go mbíonn an streachailt síoraí deacair in amanna agus gur minic go mothaíonn sé go bhfuil muid ag snámh in aghaidh easa. Anseo, ó thuaidh, tá freasúra soiléir ann, stát a bhí naimhdeach don teanga ó bunaíodh í, biogóideacht an DUP intuartha ach sna Gaeltachtaí is na daoine céanna atá ceaptha a bheith ag obair ar ár son atá ag teipeadh orainn.

Chuir Roinn na Gaeltachta iachall ar iarrthóirí poist foirmeacha a líonadh I mBéarla, sa seachtain chéanna tugadh treoir gan ach Béarla amháin a labhairt in ionad mórchomhlacht atá lonnaithe sa Ghaeltacht, comhlacht a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá sé deacair coinneail suas le dímheas an HSE i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ó easpa fada ar ainmneacha, easpa Gaeilge ar fhógraí poiblí, clárú do vaicsín i mBéarla amháin gan trácht ar an taisteal fada a bhíonn ar mhuintir na Gaeltachta le seirbhísí bunúsacha, ina measc ionad tástáileacha Covid.

Tá obair iontach ar siúl ag daoine agus grúpaí aonaracha sna Gaeltachtaí ach sílim go bhfuil sé thar am againn teacht le chéile agus gluaiseacht nua cearta a bhunú sna Gaeltachtaí, gluaiseacht cosúil leis an gceann a bhí ann i 1969 agus an Dream Dearg sa lá atá inniu ann.

Bóithre ag titim as a chéile sna hoileáin i gConamara, Coistechoiste Oideachais an Oireachtais ag tabhairt le fios d’eagraíochtaí teanga gur polasaí Béarla amháin a bheadh i bhfeidhm i gcruinniú faoin nGaeilge san ardteist, ciorruithe leanúnacha ar acmhainní Nuacht TG4, easpa cothromas i bpá d’oibrithe Raidió na Gaeltachta in RTÉ agus fadhbanna ollmhóra le dlíthe agus cinntí an bhoird pleanála I ngach uile Gaeltacht sa tír.

Níl ansin ach scéalta 2021, agus tá neart eile ann. Tá obair iontach ar siúl ag daoine agus grúpaí aonaracha sna Gaeltachtaí ach sílim go bhfuil sé thar am againn teacht le chéile agus gluaiseacht nua cearta a bhunú sna Gaeltachtaí, gluaiseacht cosúil leis an gceann a bhí ann i 1969 agus an Dream Dearg sa lá atá inniu ann.

Is as Conamara dhom fhéin, cé go bhfuil mé ag cur fúm I mBéal Feirste le beagnach 10 mbliana anuas, ‘s mothaím go bhfuil nascanna ‘s cosúlachtaí idir pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge ó thuaidh a théann i bhfad siar. Ar go leor bealaí, is aon phobal amháin muid agus cé nach mar a chéile go díreach an dá chás go bhfuil tuiscint agus bá eadrainn. Is minic gur fágadh ar an trá fholamh muid, go bhfuil daoine cleachtaithe leis an stát ag déanamh neamhaird iomlán orthu, daoine ag déanamh beag is fiú dár bpobal agus tá muid cleachtaithe le naimhdeas ón stáit, ó pholaiteoirí agus ó ghnéithe éagsúla den phobal níos leithne.

Tá traidisiún san dá áit rudaí a dhéanamh as ár stuaim fhéin mar ní raibh, agus níl, aon rogha eile ann. Níl na héilimh nó riachtanais ceanann céanna againn, tá cur chuige éagsúil ag teastáil san dá áit ach creidim go bhfuil an mórsprioc céanna againn – Saol Trí Ghaeilge.

Seasfaimid agus tacaimís le chéile. Dorn san aer do na Gaeil.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|