Nuacht

Frantz Fanon agus polaitíocht an díchoilinithe

D’éag Fanon de bharr leoicéime ag aois 36 agus d’fhág smaointe s’aige rian cinniúnach ar ghluaiseachtaí cultúrtha agus polaitiúla ar fud na cruinne ó shin i leith.
Frantz Fanon agus polaitíocht an díchoilinithe

Tá an réabhlóidí algéireach Frantz Fanon seasca bliain ar shlí na fírinne an mhí seo. Is mar shíceolaí, teoiricí réabhlóideach agus fealsúnaí is mó atá iomrá ar Fanon a d’imir ról ceannasaíochta sa ghluaiseacht réabhlóideach san Algéir sna caogaidí agus luathseascaidí.

D’éag Fanon de bharr leoicéime ag aois 36 agus d’fhág smaointe s’aige rian cinniúnach ar ghluaiseachtaí cultúrtha agus polaitiúla ar fud na cruinne ó shin i leith.

Tá clú go háirithe ar an leabhar deireanach a scríobh sé, The Wretched of the Earth, a thug léargas glinn dúinn ar tionchar neamhthrócaireach an choilíneachais agus an chiníochais ar a gcuid íobartach. Níos tábhachtaí, áfach, leag sé fís chumachtach agus radacach amach faoin streachailt dhíchoilínithe atá ag teastáil chun dul i ngleic leis an dídhaonnú a shíolraíonn ón phróiseas choilíneach.

‘Decolonisation never takes place unnoticed, for it influences individuals and modifies them fundamentally. It transforms spectators crushed with their inessentiality in privileged actors with the grandiose glare of history’s floodlights upon them’.

Frantz Fanon, The Wretched of the Earth

Dar le Fanon go raibh trí chéim ar leith arbh éigean dul tríd sa phróiseas díchoilínithe. Ar dtús, bhí ar na bundúchasaigh aithint go ndearnadh comhshamhlú iomlán orthu ag an chumhacht forghabhála; sa dara céim, go mbeadh ar intleachtóirí dúchasacha pilleadh ar an stair s’acu agus ar thábhacht an chultúir dhúchais; agus sa chéim dheireanach go ndéantar iarracht mhór chun na bundúchasaigh a hathmhuscailt agus a spreagadh trí athbheochan chultúrtha agus litríochta. Más rud é go n-éiríonn leis an athbheochan chultúrtha seo i gcomhthéacs an choilíneachais, dar le Fanon, spreagfar streachailt níos leithne ar son fuascailte agus neamhspleáchais náisiúnta.

‘To fight for national culture’ arsa Fanon, ‘means first and foremost to fight for the liberation of the nation, that material keystone which makes the building of a culture possible’.

Is féidir dar liom, an sainmhíniú ar an díchoilíniú thuas a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge in Éirinn ó Chonradh na Gaeilge go hÉirí Amach na Cásca in 1916. Lena chois sin, le neart samplaí ó dhíograiseoirí a ghlac páirt san athbheochan chomhaimseartha sna blianta i ndiaidh na Stailce Ocrais in 1981, thagair mé don rian idé-eolaíoch atá ag smaointeoireacht Fanon go fóill anuas go dtí an lá inniu.

In mí Lúnasa 2017, thug Féile an Phobail agus Glór na Móna cuireadh don saineolaí Fanon, Nigel Gibson a thug caint ghéarchúiseach ar an Afraic Theas agus a bhain úsáid as rabhadh dorcha Fanon ar chontúirtí an nuachoilíneachais. Scríobh Fanon go raibh baol ollmhór ann go dtiocfadh aicme de ‘náisiúntóirí buirgéiseacha’ chun cinn tar éis do ‘neamhpléachas foirmeálta’ teacht i gcrích a bheadh ag cur i bhfeidhm córas chomh éagothrom céanna leis an ré choilíneach. Léirigh sé gurb amhlaidh atá an scéal in Afraic Theas Nua an lae inniu ina bhfuair daoine an chéad chun vótáil ach ní an comhionannas eacnamaíochta ar gealladh daofa.

D’fhorbair aicme shabhir ghorm sa ré úr agus d’ardaigh an t-anró agus bochtánas don chosmhuintir is boichte sa tréimhse chéanna. Léirigh Fanon go raibh difear idir ‘neamhspleáchas’ agus ‘fuascailt’ agus gur ghá bheith airdeallach ar an fhíric seo.

Is cinnte go bhfuil fís dhíchoilíneach chun fuascailte s’aige chomh feiliúnach sa lá inniu agus a bhí ariamh gach aon áit ina bhfuil rian an choilíneachais le mothú go fóill. Tá an fhealsúnacht dhíchoilínithe céanna sonrach in athbheochan comhaimseartha na Gaeilge ó thuaidh agus san fheachtas spleodrach agus claochlaitheach a reachtáil an Dream Dearg le blianta beaga anuas. Amharcfaidh mé air seo níos doimhne sa chéad bhlag eile.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|