Media Archive

Beidh lucht na Gaeilge ar an bhóthar Dé Sathairn lena gcearta teanga a éileamh

Beidh na glúnta Gael ag siúl ó Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich Dé Sathairn le soiléiríu go bhfuil an t-éileamh d’Acht Gaeilge ag teacht ó mhórphobal na Gaeilge, dá éagsúlacht é, agus ní ó mhionlach beag polaitiúil. Beidh craic ar dóigh ann ag an am céanna agus Gaeilgeoirí ó gach cearn de Chúige UIadh, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghaillimh ag baint suilt as cuideachta a chéile.
Beidh lucht na Gaeilge ar an bhóthar Dé Sathairn lena gcearta teanga a éileamh
Article available in Irish only

IS tréimhse chorraitheach í seo a bheith i do Ghael i dTuaisceart Éireann - agus ní chuireann sé isteach nó amach orm an téarma sin a úsáid, cé nach téarma tíreolaíochta é ach téarma polaitiúil.

Chuir mé suim mhór sna freagraí a scríobhadh mar fhreagairt ar alt Chiaráin Mhic Giolla Bhéin ar an suíomh idirlín, sluggerotoole.com an tseachain seo.

Thosaigh siad le gearán go raibh Ciarán ag tabhairt “an tuaisceart” ar, em, an tuaisceart agus ní “Tuaisceart Éireann.”

Síos fríd, is féidir gach argóint a dhéanann daoine atá in éadan Acht na Gaeilge a bhriseadh go furasta, iad  bunaithe ar an aineolas sa chuid is mó.

Ach is ócáid dheimhnitheach, lúcháireach a bheidh sa mhórshiúl stairiúil atá á eagrú ag An Dream Dearg Dé Sathairn seo romhainn.

Má tá sé cosúil leis na mórshiúlta agóidíochta a bhí ag pobal na Gaeilge roimhe seo, beidh sé ar dóigh.

Ardú meanman atá i gcónaí ann éagsúlacht an phobail sin a fheiceáil amuigh ar na sráideanna, ó na bábaithe i bpramanna go dtí na seanfhondúirí is sine agus gliondar ina gcroíthe.

Beidh daoine ann as gach aicme, gach gnéasúlacht, gach cuid den tír agus busanna ag teacht ó Ghaillimh agus ó Bhaile Cliath lena gcomhbhá a léiriú.

Tamall gairid ann, bhí muid sásta go raibh athrú poirt ar Arlene Foster, ceannaire an DUP, an páirtí polaitíochta is mó atá ag inse do Ghaeil nach bhfuil Acht Teanga dlite dóibh.

Bhí sí tógtha le linn a cuairt ar Our Lady’s Grammar School ar an Iúir agus dúirt sí “go raibh maith agat” ag fágáil di.

Ach ó shin i leith, tá an chuma air go bhfuil an gean a léirigh bean Foster don Ghaeilge ag síothlú.

Mhaígh sí nár chuala sí daoine ag rá go raibh tacaíocht á lorg acu d’Acht Gaeilge, ráiteas a chuir “iontas” ar na daoine a bhí ag na cruinnithe ar fhreastail sí orthu (féach an litir thall).

Deir Neil Comer, nuair a bhuail eagraíocht s’aigesan le hArlene Foster agus baill eile den DUP, nár fhág siad aon amhras orthu go raibh an t-éileamh ag teacht ó mhór-phobal na Gaeilge, ní ó bhrúghrúpa ar bith polaitiúil.

“Agus bhí sé suimiúil ag an chruinniú a bhí againne leo,” ar sé, “dúirt siad go hoscailte go raibh cuid mhór sa phlécháipéis a chuir muid faoin mbráid a bhí inghlactha acu agus go raibh an costas réadúil. Sin bun agus barr an scéil.

“Ar ndóigh, bhí rudaí ann a raibh deacrachtaí acu leo - comharthaíocht i gceantracha leochaileacha, mar shampla - agus thuig muid sin ach ar an mhórchuid, ghlac siad le cuid mhór de na moltaí a bhí ann,” ar sé.

Má tá brú ag teacht uirthi taobh istigh den pháirtí nó más cluiche polaitíochta atá ar siúl, níl a fhios agam, ach má tá bean Foster in amhras go bhfuil tacaíocht fhorleathan i measc phobal na Gaeilge agus i measc daoine eile atá taobh amuigh den phobal sin ach atá i bhfách leis an teanga, gheobhaidh sí oscailt súl Dé Sathairn mar tá na sluaite ag teacht ó achan chearn den tír.

“Ní mionlach beag atá á iarraidh seo ach, mar a chonaic muid ar an Iúr agus in áiteanna eile, tá lucht na Gaeilge ina iomláine aontaithe ar cheist seo Acht Gaeilge,” arsa Neil Comer.

“Beidh idir óg agus aosta ann, beidh daoine meánaicmeacha taobh leis an aicme oibre, beidh Caitlicigh agus Protastúnaigh agus daoine de gach creideamh eile agus daoine eile gan creideamh; beidh díograiseoirí polaitiúla ann agus daoine gan aon pholaitíocht acu.

“Tá sé rí-thábhachtach go dtaispeánann muid go bhfuil an t-éileamh seo d’Acht Gaeilge ag teacht ó gach comhbhall de phobal na Gaeilge,” ar sé.

Leoga, deir Neil nach imeacht de chuid an Chonartha é an mórshiúl seo ach  imeacht atá eagraithe ag An Dream Dearg, gluaiseacht - ní eagraíocht - atá ionadaíoch ar phobal na Gaeilge fríd is fríd.

Deir Tomaí Ó Conghaile ón Dream Dearg go dtabharfaidh an ócáid mhór Dé Sathairn deis do dhaoine cúpla rud a dhéanamh.

“Ní chreidim go dtuigeann go leor daoine an borradh atá faoi lucht na Gaeilge ar fud an tuaiscirt,” ar sé.

“Ní fheiceann siad an obair cheannródaíoch atá ar bun i gCarn Tóchair taobh amuigh de Mhachaire Rátha nó ag Glór na Móna in iarthar Bhéal Feirste nó ag grúpaí Gaeilge in áiteanna eile, obair a chuireann go mór le leas an phobail go ginearálta sna ceantracha sin.

“Ní bhainfeadh Acht Gaeilge le labhairt agus foghlaim na Gaeilge ach le tógáil meanman agus sprid, is “lingchlár” í óna dtig le daoine léimnigh i dtreo saoil níos fearr.

“Is teanga í an Ghaeilge atá báúil don timpeallacht, don oideachas, don bhráithreachas agus don todhchaí.

“Sin an fáth go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth mar eascraíonn na buntáistí sin uilig as ómós don teanga agus tá fáilte ag an uile dhuine, beag beann ar cibé cúlra atá acu, bheith páirteach ann, ” ar sé.

Deir Bláithín Mhic Canna, ón An Dream Dearg arb as Ard Mhacha dí: “Mar thuismitheoir atá ag tógáil clainne le Gaeilge, níl uaim ach go n-aithníonn an stát mo rogha teanga - saol trí Ghaeilge atá uaim.

“Níl mé ar lorg pribhléid nó déanaíocht speisialta ón stát, díreach go n-aithnítear mo chearta teanga agus cearta teanga mo pháistí.

“Is í an Ghaeilge an teanga a labhraíonn muid le chéile, ó mhaidin go hoíche, ach is beag seirbhís ar fad a fhaigheann muid ón stát trí Ghaeilge.

* Ag toiseacht ar a 12 meánlae, rachaidh an mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, áit a mbeidh cainteoirí áitiúla ag éileamh Cearta, Cothromas agus Cóir don Ghaeilge.

Nuair a bheidh an mórshiúl thart, beidh fulacht/barbaiciú ag Madden’s i Sráid Berry ar a 3pm agus oíche Mhór cheoil istoíche in Áras Mhic Reachtain, áit a mbeidh Dysania, Doiminic Mac Giolla Bhríde, JJ Ó Dochartaigh, Edel Ní Churraoin agus ceoltóirí eile ar an ardán.

Ní lá go #beidhmeann é - bígí ann i bhur sluaite.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|