Media Archive

‘Tá Béal Feirste ina eiseamláir do phobail teanga ar fud na hEorpa’

Tá Ardfheis na heagraíochta idirnáisiúnta teanga ELEN le reáchtáil i mBéal Feirste in 2026
‘Tá Béal Feirste ina eiseamláir do phobail teanga ar fud na hEorpa’

Beidh Ardfheis na heagraíochta idirnáisiúnta teanga an Líonra Eorpach um Chomthromas Teangacha (ELEN) ar siúl i mBéal Feirste an bhliain seo chugainn. Deimhníodh ag ardfheis na bliana seo, a reáchtáladh in Barcelona, gur in Éirinn a bheadh toscairí ó na 174 eagraíocht atá ina mball den ghréasán ag cruinniú na bliana seo chugainn.

Dúirt Ard-Rúnaí ELEN, Davyth Hicks, le Tuairisc go bhfuil “ríméad” ar an eagraíocht gur i mBéal Feirste a bheidh an chéad ardfheis eile agus gur “eiseamláir” atá sa chathair do phobail teanga ar fud na hEorpa.

“Tá ríméad ar gach ball de chuid ELEN go mbeidh an chéad ardfheis eile ar siúl i mBéal Feirste. Tá an chathair ina heiseamláir do bhaill ELEN ar fud na hEorpa den mhéid is féidir a dhéanamh nuair a chinneann pobal a dteanga a athshealbhú agus a oibríonn chun an sprioc sin a bhaint amach. Is iontaí fós é gur tharla sé seo i suíomh uirbeach a bhfuil an Béarla in uachtar ann.

“Chomh maith leis sin, is siombail í Béal Feirste den oiread sin forbairtí dearfacha eile do bhaill ELEN. Tá [an chathair] tar éis a léiriú go gcuireann cearta teanga mionlaithe – an tAcht Teanga, na forálacha atá i bhfeidhm i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste, agus an Coimisinéir Gaeilge – go gcuireann siad leis an bpróiseas síochána in Éirinn,” a dúirt Hicks.

Dúirt sé gur féidir an “fuinneamh” atá i mBéal Feirste maidir le hathbheochan teangacha a “athchruthú” in áiteanna eile, agus go mbeidh ionadaithe ó ELEN ag caint air sin sna Náisiúin Aontaithe an tseachtain seo.

“Tá [Béal Feirste] tar éis a léiriú dúinn cén chomh maith is a éiríonn leis an gcur chuige trasnach leis an bpobal a ghríosú tacú leis an teanga. Táimid cinnte go mbeimid ábalta foghlaim óna chéile ag an gcruinniú i mBéal Feirste agus go spreagfaidh pobal na Gaeilge gníomhairí teanga ar fud na hEorpa,” a dúirt Hicks.

Tá Glór na Móna, atá lonnaithe i mBéal Feirste, agus Conradh na Gaeilge, a bhfuil oifigí aige sa chathair, ina mball de ELEN le deich mbliana anuas. Beidh an Conradh agus ELEN ag obair as lámh a chéile as seo go ceann bliana leis an ardfheis a thabhairt go Béal Feirste i mí na Samhna 2026.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur “cúis mhór bhróid” don eagraíocht teanga gur i mBéal Feirste a bheidh an ardfheis an bhliain seo chugainn.

Dúirt sé go bhfuil go leor foghlamtha ag an gConradh le deich mbliana anuas ó chláraigh siad mar bhall de ELEN agus go dtugann an gréasán idirnáisiúnta “scoth na ndeiseanna” don eagraíocht “a bheith ag bailiú agus ag forbairt an dea-chleachtas is fearr” maidir le cosaint agus cur chun cinn teangacha.

“Tá sé tráthúil go maith gur i mBéal Feirste a bheidh an chéad chuairt eile go hÉirinn [ag ELEN] agus beidh 2026 ollmhór dúinn mar Chonradh agus mar phobal teanga.

“Ar ndóigh, ag tógáil ar Oireachtas na Samhna 2025, beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge féin i mBéal Feirste i mí Feabhra, beidh Fleadh Cheoil na hÉireann anseo i mí Lúnasa, agus anois beidh ceannairí agus ceannródaithe cuid de na gluaiseachtaí mionteangacha is forásaí agus éifeachtaí ar domhan ag teacht chugainn an t-am seo an bhliain seo chugainn,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil an Conradh ag súil “go mór” le ceachtanna atá foghlamtha acu sa “phróiseas athghabhála teanga” i mBéal Feirste agus ar fud an Tuaiscirt “go háirithe i gcomhthéacs idirnáisiúnta an díchoilínithe” a roinnt le baill eile ELEN.

Is é an sprioc atá ag ELEN ná “cur chun cinn, cosaint, agus caomhnú” teangacha san Eoraip “nach bhfuil an oiread sin cainteoirí acu”. Deir an eagraíocht gurb í a mian “comhionannas teanga” a bhaint amach do “theangacha réigiúnacha, mionteangacha, teangacha atá i mbaol, teangacha dúchais, comhtheangacha oifigiúla, agus teangacha beaga náisiúnta”.

Cuireadh an eagraíocht ar bun in 2011 agus é bunaithe ar an EBLUL (Biúró Eorpach do Theangacha Beag-Úsáide). Maíonn an eagraíocht go ndéanann siad ionadaíocht ar an “50 milliún” duine atá ina gcónaí i dtíortha an Aontais Eorpaigh ar mionteanga, teanga réigiúnach nó teanga atá i mbaol a rogha teanga. Tá eagraíochtaí teanga in 25 ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh ina mball de ELEN, Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna ina measc.

Cuireann ELEN teangacha beaga na hEorpa chun cinn san Aontas Eorpach, i gComhairle na hEorpa, agus sna Náisiúin Aontaithe. Thacaigh an eagraíocht go láidir le héileamh a baill, Conradh na Gaeilge, go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach sa Tuaisceart, mar shampla.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|