Media Archive

Ag aistriú tí: Teach ollmhór do lucht Scéim na Gaeilge

“Sílim go bhfuil sé i bhfad níos fearr mar tá gach rud againn dúinn féin agus ní chaithfidh muid a bheith buartha faoi dhaoine eile ag teacht isteach chuig teach s’againn nach bhfuil ach Béarla acu."
Ag aistriú tí: Teach ollmhór do lucht Scéim na Gaeilge
Article available in Irish only

Bliain ar aghaidh ó bhog an chéad ghlúin riamh isteach go Scéim Chónaithe Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, tá dream óg nua istigh – agus teach nua dá gcuid féin acu ag croílár an tsaoil Ghaelaigh sa choláiste.

Chuaigh Seachtain chuig Hallaí Elms BT1 i lár na cathrach an tráth seo bliana anuraidh le bualadh leis an chéad ghrúpa riamh le bheith páirteach sa scéim, a chuireann lóistín ar fáil do Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí le Gaeil eile agus iad ar an ollscoil.

I mbliana, áfach, tá teach dá gcuid féin ag an phobal bheag Gaeilge seo ar Bhóthar Mhaigh Lón, scoite amach i dtearmann teanga dá gcuid féin ach le saol na mac léinn eile ar leac an dorais acu i Sráidbhaile Elms in aice leo.

Deir Erin Stewart, arb as Contae an Dúin ó dhúchas di agus atá ag tabhairt faoin stair agus an Ghaeilge, go bhfuil buntáistí an dá thrá acu ar an scéim mar gheall air seo.

“Sílim go bhfuil sé i bhfad níos fearr mar tá gach rud againn dúinn féin agus ní chaithfidh muid a bheith buartha faoi dhaoine eile ag teacht isteach chuig teach s’againn nach bhfuil ach Béarla acu.”

Dar le Erin, ba é an tearmann seo – agus an Ghaeilge go háirithe – a bhris an t-oighear do lucht na scéime ón chéad lá a bhog siad isteach lena chéile.

“Nuair a chuaigh muid uilig isteach, bhí an ceangal sin idir gach duine cheana féin. Nuair atáimid uilig inár suí ar an tolg le chéile, bímid ábalta amharc ar scannán le chéile ar an teilifís, nó bímid díreach ag comhrá le chéile. Sin ceangal ollmhór atá againn uilig.”

Níor chuir an t-atmaisféar teolaí furasta sin pioc iontais ar Erin, a chuala iomrá ar an scéim ar dtús trí chara.

“Tá cara agam a bhí sa scéim anuraidh. Dúirt sí liomsa go raibh sé an-mhaith, agus anois tá teach aici leis na daoine a bhí sa scéim an bhliain sin fosta.”

Tá Aoibh Tomany, arb as Ard Mhacha theas di agus atá ag dul don Ghaeilge agus an Fhraincis, ar aon intinn lena comrádaí tí faoin mhéid sin.

“Déarfainn go bhfuil caidreamh maith idir na daoine sa teach, agus sin mar tá an Ghaeilge i bpáirt againn. Tá cairde nua deasa anois agam mar gheall uirthi.”

Agus dar le Erin, tá an teach Gaeilge éagsúil ón chuid is mó de thithe ollscoile dá bharr.

“Tá cairde agam a labhraíonn Béarla – nó fiú a labhraíonn Gaeilge nach bhfuil sa scéim – agus deirtear liom go bhfanann gach duine sa seomra s’acu gach oíche, ní bhíonn siad ag meascadh lena chéile an oiread sin. Sin rud iontach speisialta go bhfuil muidne ábalta comhrá a dhéanamh, ach sna tithe eile ní bhíonn siad ag labhairt mar sin.”

Ní hin le rá go mbíonn siad gan deacrachtaí ar bith sa teach.

“Tá an chuid is mó againn as an Tuaisceart, ach tá cúpla daoine eile ó Bhaile Átha Cliath agus Muineachán – mar sin tá cúpla canúint dhifriúil ann. Bhí sé sin suimiúil ag an tús,” a dúirt Aoibh.

“Bhí sé an-deacair!” a deir Erin ag briseadh isteach.

“Bhí, ach sílim go raibh sé níos deacra orthusan muidne a thuiscint,” a deir Aoibh de gháire.

Tá siad i ndiaidh dul i dtaithí ar a chéile, is cosúil, faoin am seo – ach tá cnámh spairne go fóill fágtha idir dhá dhream sa teach i dtaobh glantóireachta de.

“Táimid uilig go maith,” a deir Erin. “Ach caithfidh mé a rá go bhfuil na cailíní níos fearr ná na buachaillí. Tá sé sin ráite ag achan duine.” Deir Aoibh: “Ní aontaíonn na buachaillí leis sin.

“Níl mórán le rá acu, mar is í an fhírinne í,” a deir Erin.

Thóg sé na blianta agus neart iarrachta chun scéim dá leithéid a bhunú in Ollscoil na Banríona. Ag labhairt di le Seachtain, deir Véronique Altglas – atá ina léachtóir sinsearach i ndeighiltí sóisialta agus coimhlint, agus atá lárnach san fheachtasaíocht ar son cearta mionteangacha san ollscoil le tamall – gur institiúid “chasta” í, ach go bhfuil neart dea-thola anois do chás na Gaeilge i gcomparáid le mar a bhíodh.

“Bhí rath mór ar an chéad bhliain den scéim anuraidh – bhain siad an-sult as, agus shíl siad gur eispéireas iontach a bhí ann. Ach an t-am seo tá sé níos fearr, mar is teach cónaithe dá gcuid féin é,” a deir sí.

“Rud iontach eile ná go dtugtar tús áite do mhic léinn Ghaeilge don scéim, ach go bhfuil sí oscailte do chách – i mbliana níl ach leathchuid acu ag dul don Ghaeilge, tá na daoine eile ag tabhairt faoin innealtóireacht, ealaín agus gach cineál ábhair. Tá siad ag cothú cairdis le daoine nach mbeidís i ndiaidh bualadh leo gan an scéim.”

Dar le Véronique, arb as an Fhrainc ó dhúchas di, tá obair fós le déanamh sa spás sin, mar shampla ó thaobh maisiúcháin agus comharthaíochta Gaeilge de thaobh istigh den teach. Ach is cinnte go bhfuil sí sásta leis an dul chun cinn atá á bhaint amach de réir a chéile agus ag dúil le tuilleadh sna blianta amach romhainn.

Sprioc forbartha amháin atá ar na bacáin aici ná go mbeidh lucht na scéime – arb as taobh amuigh de Bhéal Feirste iad – fréamhaithe sna pobail agus sa chultúr áitiúil. Luann sí an tionchar iontach a bhí ag an dá dhream ar a chéile nuair a chuaigh mic léinn na scéime amach ag obair le leithéidí an Droichead i ndeisceart Bhéal Feirste agus Turas in oirthear na cathrach.

“Tháinig cuid acu ar chumas múinteoireachta a bhí acu i ngan fhios dóibh féin, d’fhorbair siad scileanna agus a líonra sóisialta, agus chothaigh siad muinín iontu féin agus iad páirteach sa phobal Gaeilge i mBéal Feirste. Is ambasadóirí cearta iad – sin an-tábhachtach agus ba mhaith liom é sin a fhorbairt dóibh.

“Tá sé dochreidte an oiread grúpaí pobail atá agat i mBéal Feirste maidir le Gaeilge agus le cultúr. Ní as Béal Feirste cuid mhaith de na scéimeoirí, agus seans nach mbeidh na naisc sin ar eolas acu. Tá líonra ansin le ceangailt leis.”

Tá obair go fóill le déanamh, áfach, chun go mbeidh na líonraí sin agus an teanga iomlán feiceálach i saol na hollscoile.

“Táimid go fóill ag an phointe – cé go bhfuil dea-thoil anois ann – go gcaithfimid úsáid na Gaeilge a normálú anseo. Is í an teanga áitiúil í, bíonn níos mó agus níos mó daoine á labhairt, ach nuair a théann tú go dtí Ollscoil na Banríona thiocfadh leat a bheith i Manchain. Ní fheicfeá aon difear ann.”

Ach dar le Véronique, tá an normálú sin faoi lán seoil a bhuí le fórsaí atá i bhfad níos mó ná aon ollscoil.

“Tá sé ag tarlú chomh maith toisc go bhfuil Béal Feirste ag athrú. Gach bliain anois, bíonn níos mó ag freastal ar an Droichead, ar Turas, ná mar a bhí roimhe. Tá gach cineál duine ó gach cineál cúlra ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus an chraic a bheith acu léi.”

Deir Véronique, áfach, go bhfuil athruithe ag teastáil san ollscoil leis an réaltacht sin a aithint – mar shampla trí níos mó ranganna Gaeilge a sholáthar chun freastal ar an éileamh mhór a léirigh suirbhé a rinne sí féin ar fhoireann agus ar mhic léinn an champais.

Den chéad uair riamh, tá oifigeach tacaíochta Gaeilge, Mark Harte, ceaptha ag an ollscoil le tabhairt faoi chuid mhaith den obair sin – agus, le cuidiú Dé, le bheith ag croílár fhorbairt na scéime cónaithe amach anseo.

“Sna coláistí eile, bíonn duine lán-aimseartha freagrach as reáchtáil na scéime,” a deir Véronique.

“Tá sé i bhfad níos fusa nuair atá duine amháin á chomhordú sin, in ionad daoine difriúla ag treabhadh a ngort féin.”

Ar ais ar Bhóthar Mhaigh Lón, áfach, tá lucht na scéime 2023/24 ag treabhadh an ghoirt chéanna – agus iad ag dúil go mór le níos mó imeachtaí leis an Chumann Ghaelach, turas chun na Gaeltachta sa samhradh, agus gach rud eile a thagann le saol an mhic léinn.

Anois, cé atá ag déanamh na soithí?

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|