An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

Mí ó shin líon na mílte Gael sráideanna Bhaile Átha Cliath don mhórshiúl ar son na Gaeilge. D’aontaigh pobal na teanga teacht le chéile le guth amháin ag éileamh ceart, comhionannais agus measa. Tháinig Gaeil le céile arís an tseachtain seo caite i gcroílár Bhéal Feirste ach an uair seo ní le hagóid a dhéanamh, ach le ceiliúradh a dhéanamh.
Bhí ceol agus craic taobh amuigh de Halla na Cathrach agus pobal na Gaeilge bailithe don ócáid Seas Linn a rinne ceiliúradh ar an chéad pholasaí Gaeilge dá leithéid ó bunaíodh Comhairle na Cathrach breis agus 400 bliain ó shin.
Bhí ceol, bratacha dearga agus roisc le cloisteáil i lár na cathrach. Ní hamháin sin, ach bhí osna throm faoisimh le cloisteáil ó Ghaeil Bhéal Feirste, faoiseamh a tháinig tar éis blianta fada de throid, agus teachtaireacht láidir á seoladh acu: tá pobal na Gaeilge anseo le fanacht.
An tseachtain roimhe sin, ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leis an chéad pholasaí Gaeilge dá cuid riamh, le vóta 42–17. Cuirfidh an polasaí nua le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge i seirbhísí poiblí, comharthaíocht, suíomh gréasáin agus fiú i lógó oifigiúil na comhairle féin – cearta atá chomh coitianta sin ó dheas nach dtugtar mórán airde orthu.
“Tá polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar cheann de na polasaithe teanga is forásaí atá feicthe againne ar an oileán seo,” a dúirt Cuisle Nic Liam, gníomhaí de chuid An Dream Dearg, ag labhairt le Seachtain ag geataí Halla na Cathrach.
“Tá sé thar a bheith cuimsitheach – ó chomharthaíocht go seirbhísí, go dtí an Ghaeilge a chur ar aon dul leis an Bhéarla laistigh d’fhoirgnimh agus mar chuid d’áiseanna na comhairle. Mar is eol dúinn, is cath é seo atá á dhéanamh le fada an lá, agus is céim mhór shuntasach é seo i dtreo cearta teanga cuimsitheacha.”
Dar leis An Dream Dearg, bhí cur chuige ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm ag an chomhairle le breis agus ceithre scór bliain, rud a d’fhág go raibh an Ghaeilge as radharc ó spásanna poiblí na cathrach. Ach mar a mhínigh Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, “tá na laethanta sin imithe agus níl siad ag teacht ar ais”.
Dúirt sé gur “cloch mhíle iontach suntasach” é an vóta don chathair, rud a aithníonn Béal Feirste “mar chathair dhátheangach”.
Bhí Cuisle den tuairim chéanna, ag maíomh go léiríonn an bua seo an dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge.
“Ceiliúradh den chéad scoth atá ann inniu. Sílim go mbíonn drogall orainn mar phobal bomaite a ghlacadh le hamharc siar ar an mhéid atá bainte amach againn in amanna. Tá muid iontach bródúil as an phobal seo agus as an dóigh ar sheas siad an fód,” a dúirt sí.
Bhí Tomás Ó Néill, comhairleoir de chuid Shinn Féin, i measc na ndaoine a labhair go bródúil faoin dul chun cinn stairiúil seo,
“Tá tacaíocht mhór an phobail ag an pholasaí seo. Léirigh an comhairliúchán poiblí gur thacaigh breis is ochtó faoin gcéad leis an pholasaí,” a mhínigh sé. Ach thug sé rabhadh: “Tá sé de cheart ag daoine a gcuid tuairimí a nochtadh, ach ní féidir linn glacadh le bagairtí. Ní thig linn glacadh leis sin.”
Dar leis, léiríonn an vóta éagsúlacht chultúr na cathrach.
“Is léir gur pobal éagsúil atá ann i mBéal Feirste, ach baineann an Ghaeilge go mór le gréasán casta an tsaoil anseo. Tá fáilte curtha roimh an pholasaí seo mar cheann de na polasaithe is forásaí atá ag comhairle ar bith in Éirinn. Ba cheart dúinn a bheith bródúil as sin, ní hamháin mar chomhairle ach mar phobal.”
Chuir sé béim freisin ar an dóigh a bhfuil páirtithe polaitiúla tar éis seasamh leis an Ghaeilge agus go bhfuil an pobal teanga anois ag súil le ceapachán an chéad Choimisinéara Gaeilge sa Tuaisceart.
“Is dul chun cinn suntasach é sin, rud nach bhféadfadh duine ar bith a shamhlú 20 bliain ó shin. Ach tá dúshláin fós ann — go háirithe maidir le maoiniú don Ghaelscolaíocht, d’earnáil na Gaeilge agus do cheantair Ghaeltachta. Leanfaidh muid ar aghaidh ag tabhairt dúshlán, le cinntiú go bhfuil an infheistíocht cheart ann don teanga.”
Dar leis, beidh dhá phríomhthionchar ag an pholasaí nua seo: “Luach a chur ar cheann de na príomhchultúir sa chathair, ionas go mbeidh sí le feiceáil go forleathan laistigh dár gcomhairle agus timpeall ár gcathrach. Agus an Ghaeilge a bhaint amach as an díospóireacht leanúnach pholaitiúil, agus í a chur ar bhonn praiticiúil agus seasmhach. Cuirfidh sé seo ar chumas phobal na Gaeilge rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí trí chéile.”
Ag amharc chun tosaigh, tá Tomás dearfach faoin íomhá a chruthóidh an polasaí seo don chathair, agus imeachtaí móra cultúrtha ag teannadh linn.
“Nuair a smaoinímid ar imeachtaí ar nós Oireachtas na Samhna nó Fhleadh Cheoil na hÉireann – neartaíonn a leithéid de bheartais clú Bhéal Feirste mar chathair atá fáilteach, éagsúil agus spreagúil. Ní hamháin do chónaitheoirí, ach do thurasóirí chomh maith.”
Ar ndóigh, níor tháinig an bua seo gan chonspóid. I ndiaidh an vóta stairiúil, tuairiscíodh go ndéanfadh paraimíleataigh dhílseacha ionsaí ar fheithiclí de chuid na comhairle a bhfuil scríbhinn dátheangach orthu.
Bhí Cuisle Nic Liam neamhbhalbh ina teachtaireacht mar fhreagra air sin: “Níl aon áit sa tsochaí seo don fhuath. Seasann muid go láidir in éadan aon iarracht imeaglú a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.
“Measann muid féin gur céim thar a bheith dearfach atá sa pholasaí seo agus ba chóir do dhaoine fáilte a chuir roimhe. Má tá duine ar bith ag déanamh bagairtí nó ag iarraidh imeaglú a dhéanamh ar dhaoine, bímis an-soiléir faoi nach í an Ghaeilge an fhadhb ansin.”
Agus í ag tagairt do na bagairtí, dúirt sí gur chóir díriú ar an mhéid atá bainte amach in ionad eagla a scaipeadh.
“Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine nach mbeidh muid ag géilleadh don bhagairt. Tá tromlach na gcomhairleoirí linn, tá an pobal linn, agus tá Béal Feirste níos mó agus níos mó ina chathair dhátheangach. Seo am don cheiliúradh, ní don eagla.”
Dúirt Cuisle le Seachtain nach raibh aon chur chuige oifigiúil ag an chomhairle riamh maidir leis an dóigh ba cheart dóibh caitheamh le pobal na Gaeilge, rud a d’fhág go raibh ar an phobal féin troid a dhéanamh ar son cearta teanga.
“Tá muid tinn tuirseach de,” a dúirt sí. “Tuigeann muid ar fad na cearta atá againn faoin Chairt Eorpach, agus tá muid den tuairim go bhfuil sé thar am don Chomhairle freastal ar na cearta sin.”
Dar léi, déanfaidh an polasaí nua níos mó ná comharthaí a chur suas — tugann sé bunús don Ghaeilge go poiblí agus tabharfaidh sé le fios go bhfuil fáilte roimh an teanga i spásanna poiblí na cathrach.
“Tá an Ghaelscolaíocht faoi bhláth. Tá sé thar a bheith tábhachtach do na glúinte óga sin go bhfeicfidh siad go bhfuil a dteanga le feiceáil agus le cloisteáil sa chathair seo. Ba mhaith linn go mothódh ár ndaoine óga go bhfuil fáilte rompu agus gur cuid lárnach iad sa tsochaí anseo.”
Bhí mothú ann gur casadh nua atá tagtha ar scéal na teanga i mBéal Feirste.
Tar éis blianta de throid agus de dhíograis, tá an Ghaeilge ar ais i gcroílár na cathrach – beo, bríomhar agus bródúil.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.