Media Archive

Fearg ar phobal na Gaeilge faoi chiorruithe ar Aonad na Gaeilge de chuid an BBC

Fógraíodh le déanaí go gcuirfear deireadh le hAonad na Gaeilge de chuid BBC Thuaisceart Éireann mar atá sé faoi láthair, agus go gcaillfear trí phost lánaimseartha.
Fearg ar phobal na Gaeilge faoi chiorruithe ar Aonad na Gaeilge de chuid an BBC
Article available in Irish only

Baineadh geit as pobal na Gaeilge nuair a fógraíodh Déardaoin go gcuirfear deireadh le hAonad na Gaeilge de chuid BBC Thuaisceart Éireann mar atá sé faoi láthair, agus go gcaillfear trí phost lánaimseartha Gaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “léirscrios” a bhí ann do sheirbhísí Gaeilge sa Tuaisceart. Ní bheidh ach beirt fostaithe ag an BBC ag obair ar chúrsaí Gaeilge as an 750 fostaí i láthair na huaire, rud atá ina “scannal”, a deir an Conradh.

Tá 228,000 duine le Gaeilge éigin sa Tuaisceart agus labhraíonn 71,000 duine an teanga, de réir an daonáirimh is déanaí.

“Íocann na daoine sin £180 sa bhliain don cheadúnas teilifíse cosúil le gach duine eile, ach do caide? Ba chóir go raibh an Ghaeilge i gcroílár an BBC sa Tuaisceart, go díreach mar atá sé in RTÉ agus sa BBC in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

“Níor leor an cúigear a bhí fostaithe ná baol air, ach ansin le foghlaim go mbeidh triúr acu ag cailleadh a gcuid postanna, bhuel, níl ann ach masla do phobal na Gaeilge.”

D’ainneoin na gciorruithe, mhaígh BBC Thuaisceart Éireann go mbeidh méadú ar líon na gclár Gaeilge a chuirfear ar fáil ar a ardáin raidió agus dhigiteacha, agus go mbeidh níos mó den ábhar sin á chur ar fáil ag comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.

De réir tuairisce sa Belfast Telegraph Dé hAoine, d’fhéadfadh 38 post ar fud BBC Thuaisceart Éireann a bheith caillte leis na hathruithe atá beartaithe le £4.1 milliún a shábháil.

Tá cúigear fostaithe in Aonad na Gaeilge faoi láthair agus is iomaí gradaim atá buaite acu.

Ainmníodh ‘Ceol Cois Cuain’ ar an ghearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 ag deireadh na míosa sa chatagóir Sraith Raidió na Bliana. Bhí sé curtha i láthair ag Seán Óg Mac Corraidh agus Tuan Ó Ruanaidh, agus léirithe ag Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail.

I measc na gclár raidió a chuireann an t-aonad ar fáil tá Blas, Blas ón Taobhlíne agus Blas Ceoil. Oibríonn an fhoireann as stiúideonna i nDoire agus i mBéal Feirste, agus bíonn siad freagrach freisin as cláir faisnéise, craoltaí seachtracha agus clúdach ar imeachtaí ar nós Oireachtas na Samhna agus Fleadh Cheoil na hÉireann.

Tháinig Blas ar an aer den chéad uair ar BBC Raidió Uladh ar an 7 Meán Fómhair 1998, tar éis tréimhse stocaireachta ó phobal na Gaeilge ar son seirbhísí Gaeilge níos láidre ar an BBC. Tá an clár ar an aer le breis agus 25 bliain anois, ag plé cúrsaí reatha, cultúir, spóirt, ceoil agus ealaíon trí mheán na Gaeilge.

Tá an fógra is déanaí tar éis ceisteanna a ardú faoin bhféadfadh stocaireacht phoiblí ar son seirbhísí Gaeilge an BBC filleadh ar an láthair lasmuigh de Theach Craolacháin i mAscaill Ormeau Béal Feirste.

Ag labhairt dó ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh na ciorruithe éagothrom agus díréireach.

“Tá tú ag caint ar léirscrios anseo,” a dúirt sé, agus é ag cáineadh an ama ghairid a tugadh don fhoireann chun machnamh a dhéanamh ar scor deonach.

“Seo saineolas ag imeacht,” a dúirt sé. “Tá clú ar an BBC ar nós cláracha BBC Blas, tá siad i gcroílár an phobail.”

Dúirt sé freisin go raibh pobal na Gaeilge “thar a bheith feargach” faoin gcinneadh agus go raibh sé deacair “cinneadh níos measa a shamhlú ón BBC.”

Níos luaithe an tseachtain seo, d’fhógair an craoltóir Dáithí Ó Muirí, as Ard Mhacha, go raibh sé ag fágáil Blas tar éis 13 bliana. I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, dúirt sé gur bhain sé “an-sult go deo as an ról” agus as a bheith “ag caint le daoine iontacha as gach cearn d’Éirinn agus níos faide ar shiúl.”

“Eispéaras dochreidte a bhí ann. Tá mé fíorbhuíoch de na comhghleacaithe den scoth i BBC Gaeilge a scaoil beo ar an aer mé gach seachtain. Tá na cuimhní is fearr agam,” a scríobh sé.

Tagann an fógra seo i ndiaidh gur fógraíodh i mí Mheán Fómhair go raibh Karen Kirby, Coimisinéir na gClár Teilifíse Gaeilge leis an BBC, le fágáil tar éis 31 bliain leis an eagraíocht, lena n-áirítear 13 bliana sa ról mar choimisinéir.

Cé go ndeir an BBC go gcoinneofar an leibhéal caiteachais agus aschuir Gaeilge ar an raidió, tá imní léirithe faoin saineolas a d’fhéadfaí a chailleadh agus faoin tionchar a bheidh ag na ciorruithe ar an gcaidreamh idir an BBC agus pobal na Gaeilge.

Tuigtear go mbeidh na hathruithe le cur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn.

Tá na hathruithe mar chuid den sprioc níos leithne atá ag an BBC £500 milliún a shábháil ar fud na heagraíochta.

Sheán an BBC go dtiocfaidh aon athrú ar an gcaiteachas ná ar an méid ábhair Ghaeilge a chuirtear amach ar BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió Feabhail.

Coinneofar róil shinsearacha inmheánacha sna seirbhísí Gaeilge, agus déanfar iad a chomhtháthú i straitéis trasardáin amháin, a deir siad.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|