Media Archive

Rún in aghaidh na comharthaíochta Gaeilge cloíte in Stormont, aontachtaithe in adharca a chéile

Chuir an TUV i leith an DUP in Stormont aréir nach raibh dóthain á dhéanamh acu chun cur i gcoinne na Gaeilge
Rún in aghaidh na comharthaíochta Gaeilge cloíte in Stormont, aontachtaithe in adharca a chéile
Article available in Irish only

Bhí aontachtaithe in adharca a chéile in Stormont aréir nuair a vótáladh in aghaidh rún de chuid an DUP ag achainí ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bpolasaí i leith na comharthaíochta Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.

Vótáil 41 duine in aghaidh an rúin agus 28 a bhí ar a shon.

Faoi pholasaí na comhairle déantar suirbhé ar chónaitheoirí sráide sula ndéantar cinneadh faoi chomharthaíocht dhátheangach a chrochadh agus caithfidh ar a laghad 15% de na daoine a bheith ar son comharthaíochta dátheangaí.

Maíodh i rún an DUP a pléadh in Stormont aréir go raibh an polasaí sin “neamhdhaonlathach agus leatromach”.

Ach cé gur aontaigh Timothy Gaston, ball tionóil de chuid an TUV le rún an DUP, cháin sé go láidir an páirtí sin as gan níos mó a dhéanamh chun cur i gcoinne na Gaeilge

“Cé go bhfuil daoine anseo ag cáineadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus an ceart acu, tá an DUP ag suí i bhFeidhmeannas atá ag earcú coimisinéara teanga,” arsa Timothy Gaston.

“Más fíor go bhfuil tú in aghaidh a bhfuil tú ag tarlú i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste, bain leas as na cumhachtaí atá san Fheidhmeannas agat agus cuir stop leis an gcéad chéim eile sa tionscadal Poblachtánach seo.”

Dúirt Phillip Brett an DUP, a mhol an rún in éineacht le Brian Kingston agus David Brooks, gurb amhlaidh go raibh ionsaí á dhéanamh ag an TUV ar “chomhghleacaí aontachtach” seachas seasamh le chéile in aghaidh na Gaeilge.

Mhaígh an DUP nach raibh tacaíocht ag móramh ach i leith 12% de na hiarratais ar chomharthaíocht dhátheangach a ceadaíodh ó tugadh an polasaí nua isteach in 2022.

Dúirt an comhalta tionóil de chuid Shinn Féin Pat Sheehan go raibh tacaíocht fhorleathan ag an bpolasaí agus luaigh sé taighde de chuid Chonradh na Gaeilge a léirigh nár chuir ach 2.9% de na cónaitheoirí i gcoinne na comharthaíochta sna suirbhéanna a rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar 536 sráid ar fud na cathrach.

Mhaígh an DUP go raibh uirlis chatha á déanamh den Ghaeilge ach dúirt Gerry Carroll, comhalta de chuid Phobal Seachas Brabús, go raibh polaitiú á dhéanamh ag an DUP féin ar an teanga.

Dúirt Carroll gur léir go mbíonn an DUP suaite nuair a fheiceann siad an Ghaeilge nó an dátheangachas aon áit…

Dúirt ceannasaí an fhreasúra, Matthew O’Toole an SDLP, gur le cách an Ghaeilge.
Dúirt Declan Kearney Shinn Féin gur ar mhaithe le “teannas agus imní” a chothú a bhí an DUP.

Níor ghlac David Brooks an DUP leis gur le gach aon duine an Ghaeilge. “Ná hinis domsa céard é mo chultúr-sa. Ná hinis domsa céard é mo theanga-sa. Tá meas agam ar an gceart atá agat an Ghaeilge a labhairt, más mian leat, ach ná bíodh aon duine ag insint domsa gur liomsa í.”

Dúirt Conradh na Gaeilge gur dhearbhaigh baill an tionóil aréir “a dtiomantas do bheartas a chomhlíonann cearta mionlaigh bunaithe ar threoir ó na Náisiúin Aontaithe agus ó shaineolaithe idirnáisiúnta eile”.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin gur comharthaíocht “leis an Ghaeilge agus leis an Bhéarla araon, taobh le taobh” a bhí i gceist, comharthaíocht arb ionann í agus “léiriú fisiciúil ann féin ar an chomhionannas in áiteanna atá comhroinnte idir pobail theanga éagsúla”.

“Níor cheart go mbeadh eagla ar aon duine roimh an chomhionannas, ach déanaimis ceiliúradh ar an éagsúlacht agus cuimsiú pobail,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin.

“Éilíonn muid anois ar chomhaltaí an Fheidhmeannais a n-aird a dhíriú láithreach ar a gcuid dualgas féin maidir leis an Ghaeilge agus ceapachán an Choimisinéara Gaeilge a thabhairt chun críche gan a thuilleadh moille agus glacadh ar deireadh le Straitéis Gaeilge atá ina dualgas dlíthiúil ó 2006.”

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|