Media Archive

Gníomh ‘práinneach’ á lorg ón Státrúnaí chun cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Gaeilge

Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuiltear tar éis litir a scríobh chuig Oifig Thuaisceart Éireann ag éileamh go ndéanfaí gníomh chun go mbeidh cead ag an gCoimisinéir nua na cumhachtaí atá aige a úsáid
Gníomh ‘práinneach’ á lorg ón Státrúnaí chun cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Gaeilge
Article available in Irish only

Bhí cásanna cúirte, comharthaíocht, polasaithe agus easpa cumhachta i measc na n-ábhar a pléadh ag an gcéad chruinniú oifigiúil a bhí ag Conradh na Gaeilge leis an gCoimisinéir Gaeilge nua-cheaptha ó thuaidh.

Bhuail toscaireacht ón gConradh le Pól Deeds an tseachtain seo chun cuir de na “mórcheisteanna” atá roimh phobal na Gaeilge a phlé.

Ina measc, tá an cás cúirte atá ar bun maidir leis an gcomharthaíocht Ghaeilge atá beartaithe do ​​Mhórstáisiún Bhéal Feirste, cás a bhfuil an Conradh ina idirghabhálaí ann.

Tá an breitheamh sa gcás sin tar éis scríobh chuig an Coimisinéir Gaeilge ag iarraidh air baint a bheith aige leis an gcás ach tá amhras ann go fóill faoi cén ról a d’fhéadfadh a bheith aige.

Dúirt Deeds le Tuairisc nach raibh “cumachtaí ar bith” aige go fóill agus é ag fanacht ar ordú um thosach feidhme chun go mbeadh sé in ann comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí faoi úsáid na Gaeilge ó thuaidh.

An Státrúnaí Hillary Benn atá leis an ordú sin a chur os comhair Pharlaimint Westminster agus deir Conradh na Gaeilge litir curtha acu chuig Oifig Thuaisceart Éireann ag éileamh go ndéanfaí gníomh.

I ndiaidh an chruinnithe leis an gCoimisinéir inné, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “céim shuntasach” ar an aistear chun cearta teanga a fháil do phobal na Gaeilge ó thuaidh a bhí i gceapachán an Choimisinéara ach go raibh dúshláin fós le sárú ar bhonn práinne.

“Níl aon amhras ach go bhfuil deacracht mhór le sárú láithreach, agus feidhmeanna an Choimisinéara fós ar lár,” a dúirt Ó Muadaigh. “Scríobh an Conradh chuig an NIO an tseachtain seo caite le hiarratas go ndéanfaidh Hilary Benn seo go práinneach.

“Fágann sin go bhfuil ceist ann, in éagmais na bhfeidhmeanna sin, maidir le ról an Choimisinéara sa chás cúirte maidir leis an chomharthaíocht ag an Stáisiún Traenach ag Cros na bhFíodóirí i mBéal Feirste.

“Cibé bealach a thiteann sé amach, tá comhairle láidir, thábhachtach ag an Choimisinéir Gaeilge nua ar an cheist áirithe sin, agus cuideoidh sé go mór leis an Bhreitheamh an chomhairle sin a léamh. Mar idirghabhálaí oifigiúil sa chás anois, beidh Conradh na Gaeilge ag iarraidh theacht ar bhealach chun an tuairim sin a chur i láthair na hArd-Chúirte.”

Dúirt Ó Muadaigh freisin go raibh súil aige go bhfeicfí dul chun cinn maidir le beartais don Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí gan mhoill agus an Coimisinéir anois ceaptha. Dúirt sé gur cuireadh roinnt ceisteanna faoin nGaeilge “ar leataobh” le roinnt blianta anuas agus ceapachán an Choimisinéara idir dhá cheann na meá.

“Dúirt neart, neart Airí, Rannaí Stáit, údaráis phoiblí, ollscoileanna agus eile linn nach raibh siad chun aon bheartas a thabhairt isteach don Ghaeilge sular ceapadh an Coimisinéir úr.

“Anois tá an Coimisinéir ann, agus tugann an reachtaíocht feidhm don Choimisinéir comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt do na heagrais sin uilig maidir le húsáid na Gaeilge, idir seirbhísí, polasaithe, comharthaíocht agus eile,” a dúirt Ó Muadaigh.

“Thar aon rud eile, is é bun-sprioc na reachtaíochta an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Caithfidh an pobal difear suntasach a fheiceáil sa dóigh a mbíonn an stát ó thuaidh, stát a bhí naimhdeach agus leatromach don teanga riamh anall, ag plé leis an teanga agus leis an phobal.”

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|