Media Archive

‘Dul chun cinn stairiúil’ i moltaí faoin nGaeilge ach ní chuirfidh siad deireadh le ‘cos ar bolg’ – Conradh na Gaeilge

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh mholtaí áirithe faoin nGaeilge i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont ach tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht faoi na ‘bearnaí’ sna moltaí céanna
‘Dul chun cinn stairiúil’ i moltaí faoin nGaeilge ach ní chuirfidh siad deireadh le ‘cos ar bolg’ – Conradh na Gaeilge
Article available in Irish only

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge gur “dul chun cinn stairiúil” do phobal na Gaeilge an reachtaíocht teanga atá molta mar chuid den iarracht feidhmeannas Stormont a athbhunú.

Tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht áfach go bhfuil “bearnaí” sna moltaí a d’fhágfadh, dar leo, go leanfaí go fóill leis an “cos ar bolg” agus “imeallú” ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh.

Dúirt an eagraíocht go gcaithfí níos mó ama a chaitheamh ag scagadh na moltaí a fógraíodh aréir agus gur léir nach raibh siad inchurtha leis an méid a gealladh faoi acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006.

Leag an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge, béim, áfach, ar a “stairiúla” is a bhí na moltaí a thabharfadh stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

“Níl aon cheist ann ach gur dul chun cinn stairiúil í an reachtaíocht seo do phobal na Gaeilge, mar gurb í seo an chéad uair go mbeidh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge, go mbeidh cosaintí dlíthiúla ann don teanga, agus go mbeidh Coimisinéir teanga ann, uilig don chéad uair i stair an stáit.

“Tháinig an t-athrú seo mar thoradh ar dhianfheachtasaíocht, ar ghluaiseacht phobalbhunaithe a d’athraigh an dóigh a mbítear ag amharc ar cheist na Gaeilge, agus an dóigh a mbeidh an stát ag caitheamh linn mar phobal agus leis an Ghaeilge mar theanga chomhroinnte.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge agus an ghrúpa feachtais An Dream Dearg go raibh “bearnaí ollmhóra” sa reachtaíocht a bhí molta.

“Tá an reachtaíocht seo ag teacht chun tosaigh mar Bhille a bhaineann leis an Ghaeilge a chuirfear isteach i gComhaontú Aoine an Chéasta mar phíosa nua, leis féin. Má ghlactar leis seo inniu, cinnteoidh muidne go gcloífear leis na forálacha seo agus ar chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta seo, agus cuirfidh muid faoi scrúdú na moltaí agus na bearnaí ollmhóra sa phíosa seo sna laethanta, sna seachtainí agus sna míonna chun tosaigh.

“Tá ceisteanna suntasacha anseo. Titeann seo go mór faoi na geallúintí a rinneadh in 2006, áit ar gealladh Acht Gaeilge bunaithe ar an Bhreatain Bheag. Tá bearnaí móra anseo i gcomparáid leis an mhéid atá sa Bhreatain Bheag agus ó dheas araon.”

Dúirt Mac Giolla Bhéin, duine de bhunaitheoirí fheachtas An Dream Dearg gur “ábhar ollmhór frustrachais” a bhí ann gur fágadh ceist na comharthaíochta “ar lár ar fad” i bplean na rialtas, New Decade, New Approach.

“Foinse ollmhór teannais a bheas anseo a dhéanfas mórfhadhbanna a nochtadh sa tréimhse amach romhainn. Déanfar féidearthachtaí maidir le soláthar comharthaíochta fríd na caighdeáin teanga a fhiosrú agus a scrúdú láithreach,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

D’aontaigh sé chomh maith le maíomh an DUP go mbeadh veto go bunúsach ag an bpáirtí sin maidir le haon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach don Ghaeilge.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtais d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir, ach is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a dhéanfadh an Coimisinéir sin.

“De dheasca ról agus dualgais an an Choimisinéara Teanga a bheith faoi chumhacht Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire beidh veto ann i gcoinne phríomhfhorálacha na reachtaíochta maidir le seirbhísí.

“Níl ceist ar bith ann ach, má úsáidtear aon veto chun an teanga a ionsaí nó chun cosc a chur ar sheirbhísí go mbeidh baol ollmhór ann d’aon Fheidhmeannas nua.”

Cuireadh fáilte roimh mholtaí eile sa cháipéis, cealú an dlí a chosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, straitéis don Ghaeilge agus bunú lárionaid aistriúcháin ina measc.

Leanfaidh Conradh na Gaeilge leis an scagadh atá á dhéanamh acu ar na moltaí.

“Tosóidh muid anois ag cur na reachtaíochta faoi scrúdú, mar aon leis na bearnaí, a éascaíonn imeallú agus cos ar bolg go fóill. Tá comhairle dlí á lorg againn ar roinnt de na forálacha anseo, go háirithe an píosa maidir leis an stádas oifigiúil,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé go raibh an reachtaíocht tábhachtach ach gur tábhachtaí cur i bhfeidhm na reachtaíochta.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|